JOHN ALLEN: Is pribhléid mhór é bheith i do sheasamh ar an taobhlíne i bPáirc an Chrócaigh 

Ní fada go mbeidh bainisteoirí, idir sean agus tua, ag brionglóidí arís faoin gcéad Domhnach de Mheán Fómhair

JOHN ALLEN: Is pribhléid mhór é bheith i do sheasamh ar an taobhlíne i bPáirc an Chrócaigh 

Ar an dtaobh líne i 2006. Pictiúr: INPHO/Tom Honan

Is pribhléid mhór é bheith i do sheasamh ar an taobhlíne i bPáirc an Chrócaigh ar an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair mar bhainisteoir ar fhoireann bhuacach Chorn Liam Mhic Cárthaigh agus an réiteoir ar tí an fheadóg dheiridh a shéideadh.

Bhí an onóir sin agam agus sheas mé freisin ar an taobhlíne chéanna agus m’fhoireann ar tí cailliúint. Tá bearna ollmhór idir an dá scéal.

Tá taithí againn go léir ar Bhrian Cody, lámha san aer, meangadh mór gáire ar a aghaidh agus é ag déanamh isteach ar pháirc na himeartha agus scata mór grianghrafadóirí á leanúint. Ba ag Michael Ryan Thiobraid Árann a bhí an onóir speisialta sin ag i mbliana.
Faraor, ar an taobh eile den scéal, tá grúpa eile bainisteoirí agus imreoirí ann gan faic le taispeáint acu (arís) i ndiaidh fheachtas na bliana seo. Ach tiocfaidh 2017 agus tosóidh an rud go léir arís agus cúpla bainisteoir nua inár dteannta don turas.

Go dtí seo is cosúil nach bhfuil ach cúpla folúntas ann do bhainisteoirí ar chontaetha a ghlacann páirt i gcomórtas Mhic Cárthaigh.

Go dtí lár na seachtaine seo, dar ndóigh,  bhí  folúntas i Luimneach. Chaith TJ Ryan trí bliana i gceannas ar an gcontae sin le déanaí  agus bhí an scéal céanna aige is a bhí ag gach aon bhainisteoir a bhí acu ó 1973, mé féin san áireamh. Theip air corn Mhic Cárthaigh a thabhairt ar ais cois Sionainne. Thugadar an-chluiche do Chill Chainnigh sa chluiche leathcheannais in 2014, ach, ó shin i leith, ní fhéadfá a rá go bhfuil aon dul chun cinn déanta acu.

Mar a bhíonn le haon phost nua mar sin, bhí  ráflaí san aer faoi cé a roghnófaí. Bhí Anthony Daly agus Anthony Cunningham luaite agus John Kiely, bainisteoir buacach fhoireann faoi fhiche a haon an chontae a thug leo craobh na hÉireann anuraidh.

Bhí John ina roghnóir agam nuair a bhíos i mo bhainisteoir ag Luimneach. Tá an-mheas agam air agus bhí áthas orm nuair a fógraíodh gur eisean a bheidh ar an taobhlíne leo in 2017.  Neosfaidh an aimsir conas a éireoidh leis i gCúige atá fíorláidir faoi láthair.

Is trua d’Uíbh Fhailí nár fhan Éamonn Kelly tamall eile . Bhí an-mheas air i gCiarraí nuair a bhí sé ann agus tá mórán rudaí an-dearfach ráite faoi ó thosaigh sé in Uíbh Fhailí.

Faraor níl ach bliain amháin déanta aige agus ní leor san chun aon rud fiúntach a dhéanamh .

Rinne an contae éacht thar thréimhse scór bliain agus iad buacach ceithre huaire as seacht n-iarracht idir 1981 agus 2000. Ach tá an ré sin thart agus an chuma ar an scéal nach bhfuil gur fada uatha ré órga eile dá leithéid.

Tá Pat English imithe ó Cheatharlach agus Colm Bonnar Thiobraid Árann ag teacht isteach ina áit.

Tá ceisteanna faoi thodhchaí Davy FitzGerald agus a phost leis an gClár.

Tá bliain eile fanta sa chonradh aige. ach mar is eol don saol iomána tá fadhbanna croí aige agus comhairle á fáil ós na dochtúirí aige.

Deirtear go bhfuil Ger Cunningham ag fanacht le Baile Átha Cliath, go bhfuil Kieran Kingston ag fanacht le Corcaigh, go mbeidh Micheál Donoghue leis an Ghaillimh arís agus go bhfanfaidh Ciarán Carey le Ciarraí.

Ós rud é nach bhfuil aon rud eile cloiste againn go dtí seo, is dóigh go bhfuil Cheddar Plunkett sásta leanúint ar aghaidh le Laois agus go ndéanfaidh Michael Ryan amhlaidh leis an Iarmhí.

Bheadh ionadh orm dá gcuirfeadh Brian Cody deireadh lena ré leis na Cait.

I bPort Láirge tá sé ríthábhachtach go bhfanfadh Derek McGrath leis na Déisigh. Tá éacht déanta aige agus mórán eile le teacht fós, measaim.

Nuair a bhuaigh Tiobraid Árann an chraobh shinsir agus an chraobh faoi 21 in 2010 bhí an chosúlacht air go raibh ré órga i ndán dóibh. Faraor d’éirigh Liam Sheedy as a phost mar bhainisteoir ar an bhfoireann sinsir agus ní raibh an bheocht chéanna iontu go dtí coicís ó shin. Tá muintir an chontae dóchasach go bhfuil Michael Ryan ag fanacht agus go gcuirfidh siad leis an ‘gceann’ a bhuadar i mbliana.

Pé rud é, casfaidh rothaí móra an tsaoil, tiocfaidh an Nollaig  agus ina diaidh beimid ag súil le 2017 agus gach contae ar comhchéim arís (mar dhea).

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Is pribhléid mhór é bheith i do sheasamh ar an taobhlíne i bPáirc an Chrócaigh '