JOHN ALLEN: Gach seans gur ag Tiobraid Árann agus Port Láirge a bheidh an lá

Níl an chuid is fearr de Phort Láirge ná Tiobraid Árann feicthe againn fós i mbliana agus aghaidh

JOHN ALLEN: Gach seans gur ag Tiobraid Árann agus Port Láirge a bheidh an lá

INPHO/Cathal Noonan

Ag tosach na bliana, sular buaileadh sliotar amháin féin, seachas Loch Garman agus  Corcaigh, b’fhéidir, bhíomar cinnte go leor faoi na foirne a bheadh fós ina seasamh agus mí Iúil ag druidim chun deiridh. Níor cheapamar go mbeadh Cill Chainnigh imithe ná go mbeadh Loch Garman sa bhabhta ceathrú ceannais agus Corcaigh sa chluiche leathcheannais. Ach tá na cártaí roinnte agus um thráthnóna críochnóidh an séasúr do dhá  chontae eile.

Cuirfidh Páirc Uí Chaoimh fáilte roimh a céad chluiche idirchontae ag a trí a chlog inniu idir Tiobraid Árann agus an Clár. Coicís ó shin, léirigh na Tiobraid Árannaigh gur róluath a fógraíodh a mbás agus go bhfuil speach iontu fós. Dar ndóigh, is minic an cheist curtha ó shin ‘an amhlaidh go raibh Tiobraid Árann go diail nó go raibh Baile Átha Cliath go dona?’

Seans go bhfuil an freagra idir eatarthu. Tá a fhios againn go bhfuil mianach iontach i bhfoireann Thiobraid Árann agus iománaithe thar a bheith ealaíonta acu, ach bhí rud éigin in easnamh orthu le tamall. Bhí easpa le brath ar a spiorad, a ndíocas chun oibre agus a gcur chuige.

Bhí an chuma orthu go rabhadar ag súil le bua gan stró. Bhíodar beo ar ghlóir  2016 ach gan dúil fhíochmhar na bliana sin acu in aon chor.

Agus an dara seans acu, níl aon dabht ach go bhfuil siad ag feabhsú. Is iad an dara rogha ag na geallghlacadóirí, iad i ndiaidh na Gaillimhe agus chun cinn ar Chorcaigh.

Agus céard faoin bhfreasúra, Contae an Chláir? Táimid fós ag feitheamh ar thaispeántas ceart foirne. Níl sin feicthe againn ó chraobh na hÉireann in 2013. Tá an tsaoirse a bhíodh in imirt na bhfoirne buacacha faoi 21 acu in easnamh, cé gurb iad na bainisteoirí céanna atá orthu anois. Mholfainn dóibh fáil réidh inniu le cuid mhór de na teaicticí a bhíonn acu agus imirt leis an tsaoirse agus an tsamhlaíocht a léirigh siad go paiteanta nuair a bhíodar ag imirt faoi aois. Bheadh Tiobraid Árann lánsásta imirt i gcluiche breá oscailte mar tá cuid maith ealaíontóirí den scoth acu féin a bheadh thar a bheith sásta le cluiche den tseanstíl thraidisiúnta.

Bheadh an bua ag an fhoireann ab fhearr a imreodh ar an lá agus bheimisne atá neodrach sásta, agus muid ag fágáil na staide nua inniu.

Ag tagairt do chluiche an Domhnaigh idir Port Láirge agus Loch Garman, tá rud amháin cinnte – beidh na teaicticí ann go flúirseach. Gach seans go mbeidh sórt cluiche fichille againn go dtí go mbeidh an cluiche i ngar don deireadh nuair a bheidh ar an dá fhoireann dul ar thóir an bhua.

Ag an tráth seo den séasúr, níl buntáiste ó thaobh na haclaíochta de a bhí ag na Carmannaigh luath sa bhliain  chomh mór agus a bhí agus is cosúil go bhfuil cuid den mheirg imithe d’imirt na Déise. Is dócha gurbh é a mbua i gcoinne Chill Chainnigh buaicphointe Loch Garman agus nach bhfuil an chuid is fearr feicthe fós againn ó Phort Láirge.

Cuirfidh  a mbua i gcoinne Cill Chainnigh go mór le muinín Phort Láirge. Thaispeánadar tréithe thar a bheith dearfach sa chluiche sin. Bhí na cúlaithe an-teann, bhí Jamie Barron thar barr i lár na páirce agus bhí Austin Gleeson i bhfad níos fearr ná mar a bhí sé le tamall. Ach is spórt foirne é seo agus as seo amach, is taispeántas foirne a chinnteoidh an bua seachas taispeántais aonair.

Ach i ndiaidh an deireadh seachtaine, nuair a bheidh na tarraingt á déanamh do na cluichí leathcheannais, gach seans gurb iad Tiobraid Árann agus Port Láirge a bheidh mar fhreasúra ag Corcaigh agus an Ghaillimh.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Gach seans gur ag Tiobraid Árann agus Port Láirge a bheidh an lá'