JOHN ALLEN: Feabhas tagtha ar Thiobraid Árann ach an Ghaillimh chun tosaigh go fóill

Tá Tiobraid Árann ag feabhsú i ndiaidh dóibh drochthréimhse cheart a chur díobh, ach tá ceisteanna fúthu fós

JOHN ALLEN: Feabhas tagtha ar Thiobraid Árann ach an Ghaillimh chun tosaigh go fóill

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

An chéad bhabhta de na cluichí cáilithe a bhí ann i Staid Semple . Bhí an Ghaillimh sé chúilín chun tosaigh agus fiche nóiméad fágtha. Le linn na tréimhse imeartha a bhí fágtha chuir na Tiobraid Árannaigh 2-10 ar chlár na scór agus faraor níor aimsigh na Gaillimhigh ach aon chúilín suarach amháin.

16 Lúnasa 2015: Gaillimh 0.26 Tiobraid Árann 3.16. Cé a dhéanfaidh dearmad ar an taispeántas iontach a thug Séamus Callinan i bPáirc an Chrócaigh agus 3-9 aige don fhoireann a chaill an cluiche. Sciob buachaillí an iarthair leo an bua le cúilín fíordhéanach ón ionadaí Shane Moloney . B’in an lá freisin ar tháinig deireadh le ré Éamoinn Uí Shé mar bhainisteoir ar Thiobraid Árann .

14 Lúnasa 2016: Tiobraid Árann 2-19 Gaillimh 2-18. Dhá chúl, ó Bubbles Dwyer agus John McGrath, déanach go leor sa chluiche leathcheannais seo a scar na foirne. Rinne lánchúlaí na Gaillimhe Daithí Burke sárjab ar Shéamas Callinan an lá céanna agus ní bhfuair an tosaí aon scór ón imirt. 

23 Aibreán 2017: Gaillimh 3-21 Tiobraid Árann 0-14. An scór deiridh i gcluiche ceannais na sraithe. Tar éis do na foirne dhá shárchluiche a thabhairt dúinn an dá bhliain roimhe sin bhíomar ag súil le sárchoimhlint eile i bPáirc na nGael i Luimneach an tráthnóna Domhnaigh sin . Ach ní mar sin a bhí agus stánáil na Gaillimhigh a gcéilí comhraic.

An 6 Lúnasa 2017, Páirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath. Cuirfear an chéad chaibidil eile leis an scéal amárach agus na Gaillimhigh mar rogha na ngeallghlacadóirí don chraobh le tamall anois.

Ach tá Tiobraid Árann ag feabhsú i ndiaidh dóibh drochthréimhse cheart a chur díobh. Thart ar thrí go leith mí ó shin bhíodar ag ullmhú do chluiche ceannais na sraithe agus iad mar rogha na n-údar don chorn sin agus mar rogha chomh maith do gach rud eile a bhí le buachan i mbliana. Ach tháinig cor sa scéal an tráthnóna sin. 

Thit an tóin astu i gcluiche ceannais sin na Sraithe, nó b’fhéidir gur cruinne a rá gur mhúin an Ghaillimh cúpla ceacht dóibh an lá cinniúnach céanna.

Ina dhiaidh sin, thit an lug ar an lag ar fad orthu ina gcéad chluiche craoibhe nuair a bhuaigh Corcaigh orthu sa bhaile i nDurlas Éile.

Tá feabhas tagtha orthu ó shin cé nach bhfuilim róchinnte fúthu fós. Tá an díocas fíochmhar a bhí go soiléir iontu anuraidh in easnamh orthu go dtí seo i mbliana. Nílim cinnte ach oiread faoi leagan amach na líne lánchúil. Measaim go bhfuil James Barry níos cumasaí mar lánchúlaí ná mar atá sé sa chúinne. Agus ní dóigh liom go bhfuil dóthain díocais chun oibre á léiriú ag na tosaithe. Tá ealaín siar amach go heireaball ag an gcuid is mó díobh ach bheadh ceisteanna agam faoin díocas atá orthu i gceann a chuid oibre.

Maidir leis an nGaillimh, tá na comharthaí an-dearfach cé nach bhfuil ach aon chluiche fiúntach amháin imeartha acu ó thosach mhí Iúil. Seans dá bharr go dtógfaidh sé tamall orthu dul i dtaithí ar luas an chluiche amárach. Bhíodh Cill Chainnigh ábalta an briseadh cúig seachtaine a láimhseáil bliain i ndiaidh bliana ach feicfimid conas mar a bheidh leis an nGaillimh.

Caithfidh go bhfuil an buntáiste síceolaíoch ag fir an iarthair, ach tá móiminteam ag Tiobraid Árann. Níl aon phrapáil a dhéanfaí, dá fheabhas í, inchurtha le cluichí fiúntacha a imirt agus tá an buntáiste sin ag na Tiobraid Árannaigh. 

Mar sin féin, go dtí seo i mbliana, tá is bhfad níos mó rudaí fiúntacha déanta ag an nGaillimh ná mar atá déanta ag Tiobraid Árann. Seo cluiche úrnua ar ndóigh agus ní heol d’aon duine againn cad a thitfidh amach laistigh de na línte bána sin. Bunaithe ar an bhfianaise atá os ár gcomhair cheana, áfach, ba cheart go mbeadh an bua ag an nGaillimh.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Feabhas tagtha ar Thiobraid Árann ach an Ghaillimh chun tosaigh go fóill'