JOHN ALLEN: Cé a thabharfaidh leis gradam imreoir na bliana?

Ó thosach an chéid seo, seachas sa bhliain 2007, ball den fhoireann a bhuaigh Corn Mhic Cárthaigh a thug an gradam seo leis gach bliain

JOHN ALLEN: Cé a thabharfaidh leis gradam imreoir na bliana?

Richie Hogan, Austin Gleeson agus Pádraic Maher. INPHO

Ní fada anois go mbeimid ag caint faoi fhoireann All Stars na hÉireann agus na gradaim d’imreoir na bliana agus d’imreoir óg na bliana.  Is mór an trua nár éirigh le Port Láirge an sean-namhaid Cill Chainnigh a chur de dhroim seoil le déanaí mar dá n-éireodh sin leo chinnteodh sé gurb é Austin Gleeson a thabharfadh an dá ghradam thuasluaite leis. Ach is dócha anois nach bhfuil seans chomh mór céanna aige ar ghradam imreoir na bliana. Díol suime a bheadh ann a fháil amach cé mhéad gradam aonair atá buaite aige ó thosach na bliana idir a bheith ina ‘imreoir na seachtaine’, ina ‘imreoir na míosa’ agus ina bhall ‘d’fhoirne na seachtaine’. In 2013 sheas taispeántais Tony Kelly amach ach ba i lár an tsamhraidh a tháinig sé chun tosaigh mar iomaitheoir do na gradaim bhliantúla. Maidir le Gleeson bhí sé ar fheabhas sa chéad chluiche sraithe a bhí ag na Déisigh, i gcoinne na gCat i bPáirc an Bhreathnaigh, agus b’fhíorannamh ina dhiaidh sin nár thuill a thaispeántais ardmholadh ó lucht na hiomána.

Is deacair a shamhlú nach bhfuil an bhliain is fiche sáraithe ag an ngaiscíoch óg seo fós. Cuimhnigh ar na taispeántais aonair iontacha atá tugtha aige an séasúr seo. Thug sé ceann amháin díobh sa dara leath i gcoinne Thiobraid Árann i gcluiche ceannais faoi 21 na Mumhan. Sa dá chluiche sinsir i gcoinne Chill Chainnigh le déanaí bhí sé ar fheabhas chomh maith.

Ach i ndeireadh na dála toisc nach mbeidh Port Láirge ag imirt i bPáirc an Chrócaigh an Domhnach seo chugainn, is dócha nach mbuafaidh sé gradam imreoir na bliana.

Ó thosach an chéid seo, tá an gradam buaite gach bliain ag imreoir ó chontae a bhuaigh Corn Mhic Cárthaigh, seachas sa bhliain 2007 nuair a roghnaíodh laoch na nDéise Dan Shanahan. 

Ba é TJ Reid a rinne an beart anuraidh  agus ba é a chomrádaí  Richie Hogan imreoir na bliana roimhe sin. Tá an bheirt acu ar ghearrliosta 2016 arís, de réir na ngeallghlacadóirí, Hogan ar bharr an liosta agus Reid sa séú háit.

Tá Gleeson sa dara háit agus Pádraig Maher as Tiobraid Árann sa tríú háit. Tá Séamus Callinan ar an liosta freisin, mar a bhí anuraidh.

Ach de réir mar a sheasann rudaí faoi láthair, caithfidh gur idir Hogan agus Pádraig Maher atá sé.

Ó tháinig Hogan isteach mar ionadaí sa dara leath de chluiche ceannais Chúige Laighean, bhí sé ionann is dodhéanta é a mharcáil, mar is eol go maith do lucht na nDéise nár éirigh leo é a choinneáil faoi chois i bPáirc an Chrócaigh ná i nDurlas. Tá trí chúilín déag ón imirt faighte aige sna trí chluiche dheireanacha a d’imir sé agus cuma cheannasach air i gcónaí.

Tá Maher i measc phlúr na gcosantóirí le fada. Is dóigh liom go bhfuil sé níos fearr ar an gcliathán sa líne leathchúil ná mar atá in aon áit eile. Tugann sé spreagadh do na himreoirí timpeall air lena chur chuige cróga, calma, fearúil. Is ceannaire é ar pháirc na himeartha le tamall anois agus má éiríonn leis ceannaireacht a thabhairt do chosantóirí Thiobraid Árann sa chluiche ceannais gach seans gurb iadsan a thabharfaidh an lá agus an Corn mór leo, agus gurb é Maher féin a roghnófar mar imreoir na bliana.

Dar ndóigh, tá cluiche fós le himirt!

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Cé a thabharfaidh leis gradam imreoir na bliana?'