JOHN ALLEN: Cé a líonfaidh bróga Kieran Kingston?

Bhí séasúr thar a bheith rathúil ag iománaithe Chorcaí. Cuirfidh cinneadh Kieran Kingston éirí as bac de shórt ar chúrsaí

JOHN ALLEN: Cé a líonfaidh bróga Kieran Kingston?

Kieran Kingston. Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan

Seachtain ó shin a tháinig scéal Kieran Kingston chun solais. Tá sé ag éirí as mar bhainisteoir iománaithe sinsir Chorcaí. Le tamall anuas bhí ráflaí sa chontae go dtarlódh a leithéid ach laghdaigh na ráflaí sin nuair a d’fhreastail sé ar ócáid oifigiúil CLG an chontae an Déardaoin roimh an Satharn cinniúnach. Bhí caint go raibh sé chun leas a bhaint as an ócáid chun ráiteas a thabhairt go raibh sé sásta fanacht ina phost. Ach d’imigh an oíche gan focal faoi. Ansin roimh am tae ar an Satharn tháinig an scéal mar a thitfeadh splanc orainn. Tugadh tús áite dó ar Nuacht a sé ar RTE, léiriú ar an tábhacht a shamhlaigh an seomra na nuachta leis an scéal.

Ní dea-scéal, ná baol air, é seo do lucht leanúna na hiomána sa chontae. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an bhfoireann shinsir i mbliana faoi cheannasaíocht Kingston agus lucht a chúlseomra. Is fear uasal, tomhaiste, eagraithe gan mórán ego é. Bhailigh sé grúpa timpeall air a chuaigh ag obair go diongbháilte ar son iomáint Chorcaí. Níl aon dabht ach go ndearnadar éacht taobh istigh d’achar an-bheag ama.

Bhí scéalta ag teacht ón gcampa i rith na bliana go raibh cúrsaí an-phroifisiúnta ó thaobh traenála de, go raibh na himreoirí thar a bheith sásta agus go raibh spiorad láidir i measc an ghrúpa.

Bhí a thoradh sin le feiceáil ar pháirc na himeartha le linn na gcluichí craoibhe. Bhí sé ríshoiléir go luath sna seastáin freisin. Bhí ‘an fhuil agus an bindealán’ ar ais agus caint tosaithe faoi na muisiriúin a bheith ag fás arís.

Ar an mórgóir, bhí séasúr thar a bheith rathúil ag iománaithe an chontae. Cuirfidh cinneadh seo Kieran Kingston bac de shórt ar chúrsaí. Bhí leanúnachas ag teastáil go géar.

Ach tuigim dó. Tuigim an t-ualach oibre a bhaineann leis an mbainistíocht idirchontae. Tuigim an tnúthán agus an uaillmhian a bhaineann leis an bpost i gCorcaigh. Is eol dom freisin gur ag obair dó féin a bhíonn Kingston agus aon am a chaitheann sé ar obair na hiomána is am é nach bhfuil aige dá chlann nó dá ghnó.

Ná bíodh aon dabht ort ach go n-íoctar praghas ard ar an onóir a bhaineann le bheith i do bhainisteoir sinsir idirchontae.

Tá daoine ann atá sásta an praghas a íoc thar thréimhse fhada agus tá daoine eile nach bhfuil. Is minic a deirtear go n-oirfeadh post na bainistíochta do dhuine atá ina mhúinteoir, atá éirithe as an obair, nó a bheadh á íoc le bheith ina bhainisteoir.

Faoi láthair tá an díospóireacht tosaithe faoi oidhre Kingston agus ainmneacha daoine  á lua. Agus is cinnte go bhfuil suim ag cuid mhaith daoine sa phost seo agus go mbeidís sásta an praghas a íoc.

I measc na n-ainmneacha atá á lua leis an bpost, tá roghnóirí 2016, an Rock Ó Súilleabháin, Pat Ryan (beirt a deir nach bhfuil siad ag iarraidh an phoist) agus John Meyler, iarbhainisteoir Bhaile Átha Cliath, Ger Cunningham, cóitseálaí iománaithe an Chláir, Dónal Óg Cusack, agus iarimreoirí an chontae Pat Mulcahy agus Seán Óg Ó hAilpín.

I mo thuairim féin tá déantús an choiste roghnaithe thar a bheith tábhachtach. Tá lucht leanúna Chorcaí an-mhíshásta le blianta leis an bpróiseas roghnaithe, go háirithe an easpa trédhearcachta agus freagrachta.

Ba cheart, b’fhéidir, iarimreoir, iarbhainisteoir, fear gnó neamhchlaonta, ionadaí ó na himreoirí agus Cathaoirleach an Bhoird Ger Lane a bheith ar an gcoiste sin.

Pé rud é, tá an chaint tosaithe agus coimeádfaidh an t-ábhar seo muid ag caint ar feadh tamaill.

Idir an dá linn, cuirfear an-suim ar fud na tíre sa chomhdháil speisialta iomána a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo chun na comórtais chúige agus comórtas Liam Mhic Cárthaigh a phlé. Tá an chaint déanta le tamall, na moltaí ullmhaithe agus anois is mithid tuilleadh argóna a dhéanamh agus vótaí cinniúnacha a chaitheamh.

Mar a deirtear as Béarla, ‘coinnigh súil ar an spás seo’.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Cé a líonfaidh bróga Kieran Kingston?'

  • Con

    Beidh se an-deacair a bhroga a lionadh. Go raibh mile maith agat Kieran Kingston.