JOHN ALLEN: Cad faoi na foirne atá ag sodar i ndiaidh na mboc mór?

Tá súil ag ár gcolúnaí go ndéanfar athrú ar leagan amach na Sraithe iomána go luath, nó fágfar leis an status quo sinn

JOHN ALLEN: Cad faoi na foirne atá ag sodar i ndiaidh na mboc mór?

Tá ceithre fhoireann fágtha ina mbeatha agus an séasúr iomána ag druidim chuig ceann scríbe. Bhí a fhios againn go mbeadh Cill Chainnigh ann, agus, dar ndóigh, go mbeadh seans maith go mbeadh na Tiobradaigh leo. Bhíomar dóchasach go leor go mbeadh na Déise ann ach cheap an t-údar seo go mbeidís ann mar churaidh na Mumhan. Bhí a fhios againn gur idir Gaillimh, Baile Átha Cliath, An Clár agus Luimneach a bheadh an ceathrú háit. Tá an áit sin tuillte ag Gaillimh i ndiaidh an tsárthaispeántais a thugadar uathu sa chluiche ceathrú ceannais i gcoinne Chontae an Cláir.

Faraor, níor luaigh mé mo chontae dúchais, Corcaigh, in aon chor cé go rabhadar i measc na mboc mór níos minice ná a mhalairt thar na blianta. Cinnte tá siad in ísle brí le tamall anois ach ceapaim go bhfuil tús curtha leis an díospóireacht faoina bhfuil i ndán don iomáint sa chontae agus iniúchadh ag teastáil go géar sa chontae.

Ach cad faoi na foirne eile a bhfuil deireadh lena séasúr? Ar athraigh mórán i mbliana? Ní dóigh liom é. 

Ó thús ama, bhuaigh trí chontae níos mó ná céad craobh Uile-Éireann eatarthu, Cill Chainnigh, Corcaigh agus Tiobraid Árann agus is mór an seans gur dhá cheann de na trí fhoireann sin a bheidh ag imirt i gceanncheathrú CLG ar an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair.

Is deacair féachaint thar Chill Chainnigh agus Tiobraid Árann don chéad chúpla séasúr eile amach romhainn. 

Maidir leis an ngrúpa sin atá fós ag sodar ina ndiaidh, caithfidh go bhfuil feabhas i ndán don Chlár nuair a fheiceann tú an líon craobh faoi 21 atá buaite acu le déanaí.  Ach níl mórán feicthe againn le trí shéasúr anuas a léireodh go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh acu.

Tá imreoirí maithe faoi aois ag Port Láirge freisin agus diaidh ar ndiaidh tá céim in airde á tabhairt ag cuid acu. Bhí an fhoireann faoi 21 ar fheabhas sa dara leath ar an gCéadaoin agus díoltas de shórt á bhaint amach acu ar iománaithe Thiobraid Árann.

Thaispeáin Luimneach anuraidh go bhfuil grúpa imreoirí acu a bhfuil mianach agus spiorad iontu agus tá a fhios againn go léir nach scaoth breac agus nach leor grúpa maith amháin imreoirí chun go mbeadh rath seasta ar an bhfoireann shinsir. Tá sin léirithe ag Cill Chainnigh le tamall anois agus imreoir nó dhó á mbrú féin isteach ar an gcéad fhoireann beagnach gach bliain. Tá meascán imreoirí, idir aois agus taithí, ag teastáil chun foireann cheart a fhorbairt. Ach tá an bunús ag Luimneach agus tá seans réasúnta acu dul chun cinn a dhéanamh. 

Caithfidh go bhfuil na himreoirí ag Baile Átha Cliath i bhfianaise an daonra atá ann agus an méid atá á dhéanamh ar son na hiomána acu chun go mbeidís san iomaíocht ar bhonn níos rialta.

Dar ndóigh thabharfadh sé seans níos fearr do scata eile contaetha dá mbeadh cead ag níos mó acu páirt a ghlacadh i Roinn 1A i Sraith Allianz. Tá súil agam go ndéanfar athrú ar leagan amach na Sraithe go luath. Ta sé seo ráite agam le tamall anois ach fágtar leis an status quo sinn. Mar a sheasann rudaí tá sé an-deacair do na foirne eile seachas na cinn in 1A aon dul chun cinn leanúnach a dhéanamh mar nach bhfuil a ndóthain cluichí acu i gcoinne na gcontaetha is láidre sa tír.

Agus seachas na Cait, na Tiobradaigh agus contae nó dhó eile ní dóigh liom go bhfeicfimid aon chontae eile ag buachan Chorn Mhic Cárthaigh go ceann tamall fada. 

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Cad faoi na foirne atá ag sodar i ndiaidh na mboc mór?'