JOHN ALLEN: Bua eile ar an tairseach ag iománaithe óga oilte ealaíonta Phort Láirge

CLUICHE CEANNAIS NA hÉIREANN FAOI 21: Tá údar dóchais ag an nGaillimh agus níl an brú céanna orthu is atá ar na Déisigh ach is láidre an fhoireann ag Port Láirge

JOHN ALLEN: Bua eile ar an tairseach ag iománaithe óga oilte ealaíonta Phort Láirge

Patrick Curran. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá an ‘lá eile’ sin a bhí ag teastáil ón bPaorach buailte linn. ‘Plus ça change…’ a deir an seanrá Fraincise, ach maidir leis na foirne a bheidh ag imirt i nDurlas um thráthnóna níl mórán athraithe. 

Trí bliana ó shin d’imir Port Láirge agus an Ghaillimh i gCluiche Ceannais Iomána na Mionúr. Ba iad na Déisigh a thug an Corn  agus a gcéad chraobh ó 1948 leo.

Inniu beidh an dá chontae chéanna ag tabhairt aghaidh ar a chéile arís sa chraobh faoi 21. ‘Plus ça change…’

Anuraidh shroich Luimneach an cluiche ceannais i ndiaidh feachtas a bhí iontach dearfach. D’fhéadfá an rud céanna a scríobh faoi chluichí Phort Láirge i mbliana. Bhíodar thar barr sna cluichí ar fad go háirithe sa dara leath den dá chluiche i gcraobh na Mumhan. Mar sin tagann siad tagtha chomh fada leis an gcluiche ceannais inniu ina rogha láidir na n-údar.

Tá an cluiche ceannais bainte amach ag an nGaillimh, i ndiaidh cluiche (go leith) inar thaispeánadar tréithe maithe chun an lámh in uachtar a fháil ar Bhaile Átha Cliath sa dara leath d’am breise. Tá gach seans acu.

Bhí gaoth láidir ina gcoinne sa tréimhse dheiridh sin den chluiche leathcheannais ach chuireadar críoch láidir leis an gcluiche agus iad d’uireasa an t-aon imreoir sinsir amháin atá acu, Conor Whelan a bhí imithe den bpáirc agus é gortaithe.

An oíche sin bhíodar níos fearr ná Baile Átha Cliath . Bhíodar níos mó ar a gcompord i seilbh na liathróide agus níos oilte i mbun a seachadta. 

Ach seo Port Láirge. Austin agus Conor Gleeson, na deartháireacha Bennett, Patrick Curran, Tom Devine agus an ‘supesub’ Peter Hogan. Seo foireann as Port Láirge atá láidir, lán le muinín agus lán le scil. Iománaithe ealaíonta, oilte, cliste iad a bhfuil taithí acu ar an mbua a fháil.

Ach, dar ndóigh, cluiche ceannais é seo agus lá de chineál eile ar fad é lá an chluiche ceannais. Tá údar dóchais ag an nGaillimh agus níl an brú céanna orthu is atá ar na Déisigh.

Mar sin féin, is beag duine ar spéis leo an iomáint nach bhfuil den tuairim gur ó dheas a bheidh an Corn seo ag dul oíche anocht, agus bunaithe ar an méid atá feicthe agam den dá fhoireann i mbliana bheadh sé deacair dul i gcoinne na tuairime sin.

Tá na Déisigh láidir i ngach líne. Tugann na himreoirí sinsir an-cheannaireacht dóibh ach tá imreoirí eile ar fud na páirce acu atá beagnach ar aon dul leis na himreoirí sin. Is sáchosantóirí iad Darragh Lyons agus Michael Harney agus seasfaidh Mark O’Brien, Colm Roche agus DJ Foran an fód is cuma cén freasúra atá rompu.

Maidir leis an nGaillimh, is imreoirí ón bhfoireann a chaill an cluiche mionúir i gcoinne Phort Láirge trí bliana ó shin cnámh droma na foirne seo. Ina measc siúd tá triúir tosaithe a bhfuil an-mheabhair chun iomána acu; Conor Whelan (má bhíonn sé ag imirt), Éanna Burke agus go háirithe Brian Molloy. Is maith an rud go bhfuil taithí chomh maith ag an gcúl báire Cathal Touhy ar bheith ag gníomhú taobh thiar de Darragh O’Donoghue agus Shane Cooney. An rud a chuireann iontas orm, áfach, ná nár thosaigh ach seachtar de mhionúir 2013 an cluiche leathcheannais mí ó shin. Cá bhfuil na himreoirí eile?

Ó thaobh na nDéiseach de, thosaigh 12 de na mionúir bhuacacha ó 2013 an cluiche leathcheannais. 

Ón méid atá feicthe agam i mbliana, buafaidh na Déisigh tráthnóna agus beidh bua réasúnta maith acu, go háirithe mura mbíonn Conor Whelan ábalta imirt.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Bua eile ar an tairseach ag iománaithe óga oilte ealaíonta Phort Láirge'

  • padraig

    A mo ghraidhin iad na Deisigh, beidh la mor buacach tuilte acu. Dean sraitheanna diobh a gharsuna!