JOHN ALLEN: Bíonn Gaillimh thuas seal, thíos seal, an i mbliana a fhanfaidh siad thuas?

Is cinnte go mbeidh lánmhuinín ag Gaillimh astu féin agus iad ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Átha Cliath amárach i gCraobh iománaíochta Chúige Laighean

JOHN ALLEN: Bíonn Gaillimh thuas seal, thíos seal, an i mbliana a fhanfaidh siad thuas?

Bainisteoir na Gaillimhe, Micheál Donoghue. INPHO/Donall Farmer

Is beag, a déarfá, atá athraithe san iomáint shinsir idirchontae i gcúige Laighean. Thosaíodar amach an bhliain úd sa chomórtas nua-eagraithe agus faoi lár an tsamhraidh bhí a gcéad chorn cúige buaite acu. I mbliana tá siad ar thóir 72ú ceann acu. Dar ndóigh is Cill Chainnigh atá i gceist agam. Móin Choinn a bhí ag imirt ar a son i gcás an chéad bhua sin agus, tráthúil go leor bhí Móin Choinn ag imirt i gcluiche ceannais sóisir na hÉireann i mbliana i bPáirc an Chrócaigh, mar ar chaill siad i gcoinne Bhaile na mBocht ó Chorcaigh. An rud is annamh is iontach na laethanta seo.

Sa bhliain 1888 a chuireadar tús leis an nós agus ní shásóidh faic ach bua eile iad i mbliana agus iad ag dul chun páirce arís faoi stiúir Rí na mBainisteoirí é fhéin, Brian Cody. Ó ceapadh Cody ina bhainisteoir i 1998 bhuadar corn an chúige gach bliain seachas trí bliana.

Amárach beidh dhá dream eile a bhfuil súil acu ar an gcoróin ag tabhairt aghaidh ar a chéile sa Tulach Mhór, Baile Átha Cliath agus an Ghaillimh. Beidh an Ghaillimh go háirithe ag súil Corn Uí Chaoimh a thabhairt leo i mbliana agus iad ag dul sa ghleo mar sheaimpíní na sraithe. Maidir le Baile Átha Cliath, díbríodh ón bpríomhroinn i mbliana iad. Contae amháin, mheasfá, agus an ghaoth ina seolta agus contae eile agus lagmhisneach orthu.

Dar ndóigh tabharfaidh bua stairiúil Chorcaí an Domhnach seo caite ábhar misnigh agus dóchais do scata contaetha eile, foireann na hardchathrach ina measc. Agus cé gur chailleadar a gcluiche dícháilithe sraithe le déanaí ceapaim go bhfuil saol iománaíochta maith go leor i ndán dóibh. Ná dein dearmad gur imríodar cúig chluiche sraithe gan fáil acu ar imreoirí Chuala agus go rabhadar iomaíoch go maith i ngach cluiche acu sin seachas i gcoinne Thiobraid Árann ina gcéad chluiche.

Maidir leis an nGaillimh, bhuel, b’fhéidir gur bhain bua Chorcaí ar na Tiobraid Árannaigh cuid den loinnir de bhua na Gaillimhe ar churaidh na hÉireann i gcluiche ceannais na sraithe. B’fhéidir nach bhfuil Tiobraid Árann leath chomh hiontach agus a cheapamar.

Neosfaidh an aimsir an chuid sin de scéal an tsamhraidh, ach is cinnte go mbeidh lánmhuinín ag Gaillimh astu féin agus iad ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Átha Cliath. Is trí chluichí a bhuachan a shaothraítear an misneach sin agus sin díreach atá á dhéanamh ag Gaillimh le tamall anuas.

Dar ndóigh tá spreagadh go leor ag baint leis an gcluiche tábhachtach seo. Beidh áit i gcluiche ceannais Chúige Laighean ag na buaiteoirí agus áit acu leis i mbabhta ceathrú ceannais na hÉireann. 

Cé go bhfuil duais mhór ar fáil don dá fhoireann, mar sin, caithfidh, go bhfuil an brú go léir ar an nGaillimh. Agus cé mhéad uair le blianta beaga anuas a raibh sé le rá againn fúthu go mbíonn siad thuas seal thíos seal, iad iontach i gcluiche amháin agus go hainnis sa chéad chluiche eile. Ceapaim féin, áfach, go bhfuil siad níos fearr i mbliana ná mar a bhíodar le tamall de bhlianta.

Mar sin féin tá Baile Átha Cliath ag dul isteach sa chluiche agus gan mórán cainte fúthu agus gan mórán ag tabhairt seans dóibh, agus chonaiceamar mar a bhláthaigh ógánaigh Chorcaí sa chraobh an tseachtain seo caite.

Tá na geallghlacadóirí den tuairim go mbuafaidh an Ghaillimh Craobh Laighean i mbliana agus go dtabharfaidh siad leo Corn Mhic Cárthaigh san fhómhar.

Beidh bárcadh allais i gceist fós sula dtosóidh siad ag smaoineamh ar chraobh na hÉireann. Amárach an chéad chéim agus ceapaim go n-éireoidh leo.

Focal Scor: Cad é mar thús spleodrach le Craobh na Mumhan 2017! Bhí coimhlint den scoth ann agus  aicsean gan stad ó ceann cheann na páirce ó thús deireadh na himeartha. 50 scór, réalta nua ar an ardán náisiúnta agus bua gan choinne ag Corcaigh! Beidh a  thuilleadh á scríobh againn faoi Chorcaigh agus Tiobraid Árann amach anseo.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Bíonn Gaillimh thuas seal, thíos seal, an i mbliana a fhanfaidh siad thuas?'