JOHN ALLEN: An bhfuil aon mheas in aon chor ar na himreoirí club?

Tá i bhfad níos mó measa ag daoine áirithe taobh istigh de CLG ar chúrsaí airgeadais ná mar atá ar imreoirí club 

JOHN ALLEN: An bhfuil aon mheas in aon chor ar na himreoirí club?

INPHO/Donall Farmer

Tá Colm tríocha bliana d’aois. Phós sé Niamh trí bliana ó shin. Tá sé ina chónaí ina pharóiste dúchais ó rugadh é. Thosnaigh sé ag imirt peile agus iomána lena dheartháireacha agus é ina ghasúr óg. Tá sé ag imirt ó shin agus an-mheas ar fad aige ar a chlub baile.

Le tamall de bhlianta, tá foireann shinsir peile acu agus foireann idirmheánach iománaíochta. Tá beirt ón gclub ar fhoireann peile an chontae. Is rí-annamh a bhíonn an bheirt sin ábalta traenáil leis an gclub ach tá an club, gan dabht, an-bhródúil astu .

Anuraidh d’éirigh go maith (an babhta ceathrú ceannais) leis an bhfoireann chontae peile agus dar ndóigh, chuir sé sin isteach ar na cluichí club. Bhí an chéad chluiche craoibhe ag an gclub ar an dara Domhnach de mhí na Bealtaine Bhuadar éasca go leor é. Ina dhiaidh sin cuireadh an dara cluiche siar faoi dhó mar go raibh comhscór ag an bhfoireann chontae i gcluiche leathcheannais an chúige . Níor imir an club arís go dtí deich seachtaine i ndiaidh an chéad chluiche.

Chailleadar sa tríú babhta ag tosach mhí Dheireadh Fómhair. Sin trí chluiche in imeacht cheithre mhí agus trí huaire a cuireadh cluichí ar ceal de bharr brú ón mbainisteoir contae agus cluichí comhscóir. Bhí ar Cholm agus a bhean a laethanta saoire a chuir siar (arís ) agus i ndeireadh na dála ní raibh aon tsaoire acu.

Bhí lucht bainistíochta an chlub ar buile, mar a bhíonn siad gach bliain. Labhraíodar faoi ag cruinniú de bord an cheantair agus ag cruinniú de bhord an chontae mar a dhéanann siad gach bliain. Gheall bord an chontae go ndéanfaidís rud éigin faoi, mar a deir siad gach bliain.

Nuair a phós Colm agus Niamh, bhí orthu socruithe mhí na meala a athrú faoi dhó agus chailleadar chuid maith airgid dá bharr.   

Gach bliain bíonn na fadhbanna céanna ag na himreoirí club, sin easpa cluichí agus cluichí a bheith á gcur ar ceal rómhinic ar fad. Tá sé thar a bheith dian ar na bainisteoirí club. Rómhinic bíonn siad ag pleanáil agus ag ullmhú i gcomhair dáta éigin agus ansin seachtain roimhe, cuirtear an cluiche ar athlá. Tá sé thar a bheith dian ar an imreoir freisin. 

Cúpla bliain ó shin, deineadh cinneadh cothrom na Féinne a thabhairt do na clubanna,  ach faraor níor tharla sé fós .

An bhfuil aon mheas in aon chor ar na himreoirí club? Deir CLG go bhfuil, ach, chun a bheith macánta faoi, i mo thuairimse, ní hé cás na gclubanna an rud is tábhachtaí acu.

Tá i bhfad níos mó measa ag daoine áirithe taobh istigh de CLG ar chúrsaí airgeadais ná mar atá ar imreoirí club. 

Bheadh an gnáthimreoir club níos fearr as dul ag imirt sacair nó rugbaí más sásamh agus cluichí atá uaidh. Sna spóirt sin, leagtar amach plean don séasúr agus tríd is tríd cloítear leis (seachas nuair a chuireann drochaimsir isteach air)

Ach tá cabhair i ndán don imreoir club CLG. Le bunú Cumann Imreoirí Club na hÉireann tá seans réalaíoch ann go ndéanfar athruithe amach anseo.

Chuala iarbhainisteoir iománaithe Loch Garman, Liam Griffin ar an raidió i lár na seachtaine (tá sé ina oifigeach sa chumann nuabhunaithe seo) agus é ag déanamh cás thar a bheith láidir ar son na n-imreoirí seo. Chuir sé in iúl go raibh 36 deireadh seachtaine de chluichí idirchontae anuraidh ann agus 16 deireadh seachtaine de chluichí club. Léiríonn sé sin go ríshoiléir an fhadhb agus an easpa measa atá ar an imreoir club .

Ach tá an marcshlua ag teacht agus ceithre mhíle fhichid ball sa chumann cheana féin. Agus an líon sin ag fás in aghaidh na seachtaine tá gach seans go gcaithfear athruithe a dhéanamh. Coinnigí súil ar an scéal seo.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: An bhfuil aon mheas in aon chor ar na himreoirí club?'

  • Hya

    Is é seo fin de siecle na gcluichí Gaelacha (agus gach rud eile Gaelach) in Éirinn anois. Luann John an rómheas ar airgead, ní athróidh sé sin. Nuair a chacann cinseal CLG ar na himreoirí, mar a dheineann, an dtógfá ar an aos óg gabháil leis na cluichí gairmiúla eile? ‘Lions led by donkeys’ a dúradh faoi na ginearáil sa chéad chogadh domhanda, an dála céanna ag CLG.