JOHN ALLEN: Ag súil le feabhas seachas bua ó Chorcaigh

Tá ár gcolúnaí ag súil go mbeidh Corcaigh níos fearr ná mar a bhíodar anuraidh ach ní dóigh leis go mbeidh siad maith go leor ina dhiaidh sin féin

JOHN ALLEN: Ag súil le feabhas seachas bua ó Chorcaigh

Bainisteoir Chorcaí, Kieran Kingston, agus a roghnóir, Diarmuid O'Sullivan. INPHO/Cathal Noonan

Chuala, le déanaí, tagairt d’fhoireann ‘bheith i bhfolach san fhéar fhada’ agus caint go bhfuil siad ‘an-chiúin thíos ansin’. Cloisimid na nathanna cainte sin gach bliain faoi chontae éigin. Is iad iománaithe Chorcaí a bhí faoi chaibidil an uair seo agus iad ag dul chun páirce amárach i Staid Semple. Bhíothas á thabhairt le fios ar bhealach go bhfuil rud éigin rúnda agus iontach ar siúl sa champa, go dtiocfaidh siad amach ar an bpáirc amárach ina dtintreach agus go dtabharfaidh siad taispeántas fiáin diamhair uathu nach raibh súil ag aon duine leis. 

Caolseans go dtarlóidh a leithéid ach fad is beo, is ann don dóchas. Agus is dócha go bhfuil an léaró dóchais atá ann bunaithe ar an gcluiche sraithe a bhí acu i gcoinne Thiobraid Árann i mbliana, cluiche a bhuaigh Corcaigh le taispeántas lán le flosc is fuinneamh.  Ach taobh amuigh de sin, ní mór a rinne Corcaigh le cúpla bliain anuas a thabharfadh le fios go bhfuil siad ar aon leibhéal le Tiobraid Árann.

Ní tharlóidh aon fhás aon oíche i gCorcaigh agus ní bheidh aon imreoir ar an bpáirc ag Corcaigh amárach nach bhfacamar cheana. Ní féidir leis an mbainisteoir míorúiltí a dhéanamh. Ach cinnte tá tús déanta aige agus cúpla imreoir nua óg aige a bheidh an-mhaith amach anseo. Tá lucht leanta na n-iománaithe anseo i gCorcaigh ar aon fhocal go bhfuil an bhainistíocht ag dul an treo ceart maidir le himreoirí óga a chur chun páirce.

Maidir le Tiobraid Árann, bhuel baineadh preab mhór astu i gcluiche ceannais na sraithe. Is léir don eolach go bhfuil ceacht le foghlaim ón gcailliúint sin. Agus a leithéid de chailliúint a bhí ann. Ach tá rabhadh faighte acu, agus i mo thuairim féin, is chun a leasa a rachaidh sé. Tá imreoirí den scoth acu agus a bhformhór lán le cumas agus scil agus iad ionann is dochloíte nuair a bhíonn lá maith acu.

Léiríonn an stair, áfach, nach bhfuil ach craobh na hÉireann amháin buaite acu ó 2010 d’ainneoin iad a bheith mar rogha na n-údar, i dteannta Chill Chainnigh, gach bliain ó shin i leith.

Go dtí mí ó shin, ní raibh mórán de na saineolaithe ag rá nach mbuafadh na Tiobraid Árannaigh craobh na hÉireann i mbliana. Anois tá amhras ann agus caint tosaithe arís faoi laigí a bheith iontu.

Mar sin féin tá siad mar rogha na n-údar ag na geallghlacadóirí i gcónaí, agus an Ghaillimh sa dara háit acu.

Bhíodar an-mhaith anuraidh i gcraobh na Mumhan. Ní raibh a sárú ann. I mbliana ceapaim go mbeidh sé níos deacra orthu. I mo thuairim-se beidh Port Láirge agus An Clár níos fearr ná mar a bhíodar anuraidh. 

Tá a seans ag Tiobraid Árann amárach a thaispeáint gur fhoghlaim siad a gceachtanna sraithe agus is deacair a shamhlú nach mbuafaidís má tá

.

Anuraidh sa chluiche idir na contaetha céanna, bhí deireadh go luath  leis an gcluiche mar choimhlint cheart agus d’fhág í cuid mhór de leantóirí Chorcaí,  a bhí ina seasamh sa bháisteach sna hardáin, i lár an dara leath agus triall acu ar na tithe tábhairne chun an chuid eile den greadadh a bhí á thabhairt dá bhfoireann a fheiceáil.

Tharlódh nach mbeadh an aimsir go hiontach amárach ach oiread. Tá súil agam ar a laghad go mbeidh Corcaigh níos fearr. Tá fadhb fós acu i measc na gcúlaithe, agus sa líne lánchúil go háirithe. Beidh orthu an líne sin a chosaint ach má úsáideann siad cosantóir le cois,  is ag baint ó Mhánas chun Murchadh a íoc a bheidh siad agus gan ach cúigear tosaithe acu ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh i gcoinne chúlaithe Thiobraid Árann atá an-láidir.

Táim ag súil go mbeidh Corcaigh níos fearr ná mar a bhíodar anuraidh ach ní dóigh liom go mbeidh siad maith go leor ina dhiaidh sin féin.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Ag súil le feabhas seachas bua ó Chorcaigh'