JOHN ALLEN: Ag bailiú na gclár agus sinn sa tóir ar shárchluiche

Uaireanta ní bhíonn an cluiche féin leath chomh maith leis an gclár oifigiúil

JOHN ALLEN: Ag bailiú na gclár agus sinn sa tóir ar shárchluiche

Thar na blianta tá na mílte clár bailithe agam ó chluichí CLG agus cuid maith díobh fós ag bailiú smúite sa bhaile. Bhí an nós céanna ag m’athair agus ag mórán leantóirí eile nach é.

Dar ndóigh, tá bearna ollmhór idir na cinn is fearr agus na cinn nach bhfuil ach ar chaighdeán réasúnta. É sin ráite, tá dul chun cinn maith déanta agus luach réasúnta á fháil againn go minic, go háirithe i bPáirc an Chrócaigh agus i nDurlas Éile.

Coicís ó shin, bhíos i bPáirc Cíosóg in Inis do chluiche i gcraobh shinsir an chontae idir Baile Aodha agus Cluain Lára. Nach orm a bhí an t-ionadh nárbh iontach an luach a fuarthas ar mo thrí euro. Bhí an clár seo ar fheabhas, ardchaighdeán páipéir, pictiúir dhaite agus leathchéad leathanach lán le scéalta suimiúla. Tá ardmholadh ag dul d’Oifigeach Caidreamh Poiblí an chontae, Seán Ó hAlluráin a tharraing gach rud le chéile don seod seo.

Faraor ní raibh an cluiche féin leath chomh maith leis an gclár.

Admhaím nach raibh an aimsir ró-iontach ach leis an méid réalta a bhí ar an dá fhoireann, bhíos ag súil le níos mó ar an bpáirc .

Bhí tromlach na réalta seo ag imirt le Cluain Lára a chaill craobh 2016 nuair a bhuail Droichead Abhann Ó gCearnaigh iad. Chaith Oisín O’Brien, Nicky O’Connell, Domhnall O’Donovan, Colm Galvin, Darach Honan, Cathal O’Connell agus an captaen John Conlon geansaí an chontae ar na laethanta is mó a bhí ag an gcontae le cúpla bliain anuas. Ach fós níl craobh chontae buaite acu ó 2008. Deir m’fhoinsí féin liom go bhfuil ceisteanna faoi chumas na n-imreoirí tarraingt le chéile ar son na foirne. Bhí sé sin soiléir go leor coicís ó shin agus cé go rabhadar níos fearr ná Baile Aodha, ní bheadh a fhios agat ar chlár na scór é.

Maidir le Baile Aodha, bhuel tá an réalt Tony Kelly ag imirt i lár na páirce leo agus nuair a bhíonn sé i mbarr a mhaitheasa, is fiú freastal ar aon cluiche ina mbíonn an Ceallach ag imirt. Choimeád Oisín O’Brien ciúin go leor é sa chéad leath ach d’fhág Tony a rian ar an gcoimhlint sa dara leath le cúpla cúilín gleoite, cúilíní cinniúnacha.

Leis an fheadóg deiridh ar tí a séidte, chuir an Ceallach a fhoireann chun tosaigh ach ag an soicind deiridh fuair Cathal Tots O Connell cúilín iontach ón taobhlíne.

Mar sin beidh na foirne ag dul chun páirce arís amárach agus sinn go léir ag súil go gcuirfear siamsaíocht níos fearr ar fáil dúinn. 

Go bunúsach, is dócha go mbraithfidh an toradh ar conas mar a éiríonn le Cluain Lára Tony Kelly a choinneáil ciúin. 

Níl aon dabht ach gur ag Cluain Lára atá an fhoireann is fearr ach tá an t-imreoir is luachmhaire, is tábhachtaí agus is dainséaraí ag Baile Aodha agus má éiríonn le Cluain Lára srian a chur ar an gCeallach, gach seans gurb iad a bheidh ag crochadh corn an Chanónaigh Hamilton abhaile leo. 

Is dócha go mbeidh cluiche iomána an deireadh seachtaine i nDurlas Éile amárach, áit a gcasfaidh an fhoireann baile agus seaimpíní na nDéise, Baile Gunnair ar a chéile. Tá taithí lag an dá fhoireann ar a bheith ag buachan sa chontae le dhá bhliain anuas agus cuid mhaith imreoirí contae acu araon. Tá sé in am ag an dá fhoireann seo craobh an chúige a bhuachan agus aghaidh a thabhairt ar Baile Átha Cliath Lá Fhéile Pádraig. Táim ag súil leis an gcoimhlint seo.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Ag bailiú na gclár agus sinn sa tóir ar shárchluiche'

  • R. ua Ruairc

    ‘Coicís ó shin, bhíos i bPáirc Cíosóg in Inis’. Fair play duit John, litrigh tú ainm na páirce i gceart agus ní bheinn ag súil lena mhalairt uait. Tá an cuma air nach bhfuair tú an t-eolas sin ón GAA in Inis mar, dar leosan, tá cúig cinn de shínithe fada in ainm na páirce seo (i láthair na huaire). Tá ‘Páírc’ agus ‘Inís’ scríofa ar chomhartha nua a chrocadh ann níos túisce i mbliana. Roimhe seo ní raibh ach trí cinn le feiceáil ann faoi mar atá léirithe sa seanghriangraf agat féin thuas. Bíodh an scór cúig cinn nó dhá ceann is cuma is í an teanga náisiúnta a chailleann i gcónaí.

    Tá an litriú ar chomharthaí Béarla amháin an chumann luthchleasa céanna – taobh istigh agus taobh amuigh dá charrchlós nua – go léir cruinn gan amhras. Is leor nod.