Joe Steve Ó Neachtain agus Caitlín Nic Gabhann ina n-aíonna speisialta ag Éigse an Spidéil

Léireofar den chéad uair ag an Éigse ‘An tEarrach Thiar’, ceolchoirm chruthaitheach nua bunaithe ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhíreáin a bheidh á léiriú ag Liam Ó Maonlaí agus Johnny Óg Connolly

Joe Steve Ó Neachtain agus Caitlín Nic Gabhann ina n-aíonna speisialta ag Éigse an Spidéil

Caitlín Nic Gabhann

Is é Joe Steve Ó Neachtain a bheidh ina aoifhile agus is í Caitlín Nic Gabhann a bheidh ina haoichumadóir ceoil ag Éige an Spidéil a bheidh ar siúl sa bhaile beag Gaeltachta i gCois Fharraige an deireadh seachtaine seo.

Cuirfear tús oifigiúil leis an Éigse oíche Dé hAoine i Stiúideo Cuan sa Spidéal, áit a mbeidh an seisiún ceol Ardán ar siúl. Beidh filí Chonamara ag léamh a saothar an oíche sin agus Joe Steve ina aoifhile ina measc.

Johnny Óg Connolly

Beidh imeachtaí eile ar siúl roimh an seoladh oifigiúil seo, áfach. Beidh taispeántas ealaíne leis an an ealaíontóir Seán Ó Flaithearta sa Bhuilín Blasta, an caifé i gCeardlann an Spidéil, oíche Déardaoin. Is “freagra físiúil” a bheidh i dtaispeántas seo an Árannaigh ar shaothar fir eile a fáisceadh as Árainn, Máirtín Ó Díreáin, an file. Ag tarraingt ar théama Árann freisin a bheidh na ceoltóirí Johnny Óg Connolly agus Liam Ó Maonlaí a mbeidh a saothar nua, “An tEarrach Thiar”, á chur i láthair acu den chéad uair riamh Dé Sathairn mar chuid den éigse.

Maidin Dé hAoine beidh imeachtaí ar siúl do ghasúir i Leabharlann an Spidéil. Léifear blaisín den leabhar Trixie agus Tony — An Capall Rása Tuirseach le Patricia Mac Eoin. Ar an Satharn, beidh comórtas amhránaíochta ar siúl don óige i gcuimhne ar Pheatsaí Ó Ceannabháin. Beidh an comórtas sin ar bun ó mheán lae i dTigh Chualáin i gCoill Rua.

Frankie Gavin

Oíche Dé Sathairn, ag a hocht a chlog, in Óstán Chois Fharraige a bheidh Ceolchoirm Mhór na hÉigse ar bun. Beidh Frankie Gavin, an fidléir clúiteach, ar an stáitse in éineacht le George Grasso ar an mbasúcaí, agus Brian McGrath ar an méarchlár. Cé nár chas Gavin ag Éigse an Spidéil riamh cheana, tá ceangal láidir aige leis an áit, ó tharla gur Tigh Hughes an chéad áit ar thosaigh an grúpa Dé Danann ag casadh le chéile den chéad uair os cionn 30 bliain ó shin.

Liam Ó Maonlaí

San óstán céanna tar éis na ceolchoirme, léireofar ‘An tEarrach Thiar’ den chéad uair, seó cruthaitheach nua ina bhfuil ceol curtha ag Johnny Óg Connolly le dánta Mháirtín Uí Dhíreáin. D’oibrigh Liam Ó Maonlaí ar na hamhráin le Johnny, agus is é Ó Maonlaí a bheidh á gcanadh agus ag casadh an phianó.

Tá Éigse an Spidéil ar cheann de na féilte ealaíon Gaeltachta is faide ar an bhfód, breis agus dhá scór bliain. Is ceiliúradh ar fhéiniúlacht agus ar chruthaitheacht an phobail i gceantar Chois Fharraige atá san Éigse.Tá clár iomlán na féile le fáil ar an suíomh oifigiúil idirlín.

Fág freagra ar 'Joe Steve Ó Neachtain agus Caitlín Nic Gabhann ina n-aíonna speisialta ag Éigse an Spidéil'