Jimín Mháire Thaidhg le seoladh i mBéal Feirste amárach

An tSnáthaid Mhór a d’fhoilsigh an leagan nua seo de leabhar an tSeabhaic, An Dr. Ríona Nic Congáil a chuir in eagair agus Andrew Whitson a mhaisigh

Jimín Mháire Thaidhg le seoladh i mBéal Feirste amárach

Tá an leagan úr de leabhar iomráiteach an tSeabhaic Jimín Mháire Thaidhg le seoladh amárach i mBéal Feirste.

An tSnáthaid Mhór a d’fhoilsigh an leagan nua den leabhar seo leis an Seabhac, An Dr. Ríona Nic Congáil a chuir in eagair agus Andrew Whitson a mhaisigh.

Sa bhliain 1919 a foilsíodh ar dtús eachtraí Jimín Mháire Thaidhg mar shraithscéal agus tá an cuntas ar shaol an bhuachalla óig Gaeltachta aitheanta ó shin i measc seodlitríocht na n-óg sa Ghaeilge.

Seoladh an leabhar seo in ionaid éagsúla ar fud na tíre roimhe seo, agus tugadh aitheantas do Jimín ag ócáid in Áras an Uachtaráin.

Bronnadh cóip den leabhar le déanaí ar an ngrúpa Protastúnach as Oirthear Bhéal Feirste a thug cuairt ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne i gCiarraí i gcomhluadar Linda Ervine.

Seolfar Jimín Mháire Thaidhg i gCultúrlann Mac Adaimh Ó Fiach i mBéal Feirste amárach, Dé Sathairn an 30 Meán Fómhair, ag Ipm.

Fág freagra ar 'Jimín Mháire Thaidhg le seoladh i mBéal Feirste amárach'

  • Caitríona Nic Sheáin

    Go raibh maith agaibh as an tacaíocht seo Tuairisc.ie – Is iontach seo dúinne An tSnáthaid Mhór inniu go háirithe agus an seoladh ann amárach ar 1 sa Chultúrlann!