Bourne imithe ar bhóiléagar agus súil thar a chuid aige

Níl an fhís uileghabhálach sa scannán Jason Bourne is déanaí ann chun na carachtair agus na heachtraí ar fad a chniotáil le chéile

Bourne imithe ar bhóiléagar agus súil thar a chuid aige

Jason Bourne
Stiúrthóir: Paul Greengrass
Cliar: Matt Damon, Alicia Vikander, Tommy Lee Jones, Vincent Cassel, Julia Stiles.

Níl aon teora leis an seanchat. Agus an tríú gála de chnuasach Bourne ag teacht chun críche, bhí corp Jason Bourne ar snámh san Abhainn Thoir i Nua-Eabhrac. Nuair a thug tuairiscí nuachta le fios nár thángthas ar an gcorp bhí a fhios againn, agus ag Nicky Parsons (Stiles), nach raibh a bhuille tugtha fós. Bheadh lá eile ag an Bourne-ach.

Thug Matt Damon an t-eiteach don cheathrú gála agus deineadh iarracht dul fiarsceabhach le macasamhail de charachtar agus Jeremy Renner ina cheann feadhna. Cé nach raibh an táirge gan a mhaitheasaí, níl éinne ach Damon in ann tabhairt faoi charachtar den saghas seo, carachtar a d’athraigh iomaire an aicsin ó bhonn, agus gurbh éigean do Bhond féin a lorg a leanúint.

Bhí air filleadh, theastaigh uainn go bhfillfeadh sé, d’fhill sé.

Tá Paul Greengrass, an té a bhí ar an stiúir don dara agus tríú gála, ar ais i mbun comhghuaillíochta. Tá an t-aicsean snasta againn mar aon le réalachas, laoch beagfhoclach, tóraíocht gluaisteán srl. Na comharthaí sóirt ar fad a dhein seoid don chéad ghála ceithre bliana déag ó shin. Ach bhí rud éigin in easnamh, bhí rud éigin athraithe.

‘Dhá chloch ar chloch agus cloch ar dhá chloch’ mana an tsaoir cloiche is é i mbun a chúraim. Ní hamhlaidh atá anseo leis na gálaí ar fad caite anuas ar a chéile, le carachtair ag teacht is ag imeacht, agus é soiléir nach bhfuil an fhís uileghabhálach ann chun iad féin agus na heachtraí ar fad a chniotáil le chéile.

Tá aois tagtha ar an gcarachtar/aisteoir agus cé go ndéantar iarracht é sin a shníomh isteach sa scríbhinn, ní dhéantar chun mo shástachta é. B’fhear é Bourne a bhí os cionn a bhuille i gcónaí agus bhaineamar súp riamh as an tslí go raibh sé in ann na cosa a thabhairt leis go socair, seiftiúil as an umar aimléise is measa. Taibhsíodh dom ar uairibh go raibh sé thar a chumas anseo, go raibh sé ag strácáil leis. Níorbh é an duine céanna in aon chor é. Tá an díchuimhne féin, a bhí mar mháithreacha leis an gcéad ghála,  in áit na leathphingine agus ag teacht sa tslí ar chúrsaí go deimhin.

Deineadh iarracht chiotach príobháideachas an idirlín/na meán sóisialta a tharraingt isteach le tagairtí d’Edward Snowden.

Cuireadh pip orm chomh maith nuair a tosaíodh ag píobaireacht go dáiríre faoi thírghrá, go mórmhór i dtreo an deiridh agus carachtar Vikander ag maíomh go raibh tonnbhriseadh an tseanghnáthaimh tarlaithe ó thaobh an CIA.

Is liosta le háireamh é na piardaí móra a bhí ina mbithiúnaigh agus lucht tóraíochta i gcaitheamh na sraithe: Chris Cooper, Brian Cox, David Strathairn, Joan Allen, Albert Finney agus anois Tommy Lee Jones taobh le Alicia Vikander. Iad ar fad iontach ina stíleanna sainiúla féin ach easpa leanúnachais ag cinntiú nach bhfuil dhá chloch á gcur ar chloch.

Ba chuid lárnach den chnuasach an t-aicsean riamh agus faoi mar a dúirt thuas déantar míreanna snasta a sholáthar cé go mb’fhéidir nach bhfuilid chomh húrnua is a bhíodh. Bhí cad é bús riamh faoi na huirlisí neafaiseacha go mbaintí úsáid astu i mbun comhraic. Peann agus iris roimhe seo, sáspan sa ghála seo.

Tá an seanfhondúir fillte agus cé nach raibh sé ar a sheanléim, is é is dóichí ná a mhalairt ná go mbeidh gála amháin eile ar a laghad chugainn.

Fág freagra ar 'Bourne imithe ar bhóiléagar agus súil thar a chuid aige'

  • Larry Phelan

    An ceart ar fad agat a Bhreandáin. An-léirmheas.

    Is é an trua é, mar b’iontach iad na trí cinn roimhe seo.

    B’fhearr gan tabhairt faoin gcúigiú ceann, ach is dócha gur deacair diúltú do na pingeacha agus iad ar fáil…