‘James Joyce agus an Ghaeilge’ – sraith alt ar fáil i bhfoirm leabhair den chéad uair

Tá fáil anois, i bhfoirm leabhair, ar shraith alt a scríobh Seán Ó hUrmoltaigh, nach maireann, dar teideal 'James Joyce agus an Ghaeilge'. Foilsíodh na hailt den chéad uair sa nuachtán Inniu sa bhliain 1972 agus níor cuireadh i gcló arís iad ó shin

‘James Joyce agus an Ghaeilge’ – sraith alt ar fáil i bhfoirm leabhair den chéad uair

James Joyce2

Scríbhneoir rathúil a bhí i Seán Ó hUrmoltaigh (1919 – 2003) a raibh ailt dá chuid á bhfoilsiú go minic i nuachtáin agus irisí Gaeilge ar feadh a shaoil.

Is é Risteard Mac Annraoi, scríbhneoir agus staraí as Contae Chorcaí, a rinne an eagarthóireacht ar an leabhar seo, a seoladh i gCorcaigh an tseachtain seo caite.

Fiche aiste ar fad atá sa leabhar, ina bpléitear gnéithe éagsúla den Seoigheach agus a chaidreamh le saol na Gaeilge in Éirinn ag tús an chéid seo caite. Tá ailt ann faoin Athair Pádraig Ó Duinnín, foclóirí mór Chiarraí; an “Craoibhín Aoibhinn” – Dubhghlas de hÍde, chéad Uachtarán na hÉireann; agus Mícheál Cíosóg, bunaitheoir an CLG.

Pléitear freisin an tionchar a bhí ag an mbéaloideas agus an dinnseanchas ar Joyce agus é i mbun pinn, go háirithe agus é ag obair ar Finnegans Wake.

Dúirt Crónán Ó Doibhlin, ceannaire na mbailiúchán taighde agus cumarsáide i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus é ag seoladh an leabhair, go raibh “faitíos ar lucht na Gaeilge roimh litríocht nua-aoiseach” cosúil le Ulysses nuair a foilsíodh ailt Uí Urmoltaigh ar dtús, cé go raibh údair áirithe “ag iarraidh dearcadh úr a chothú i nGaeilge” ach gur thuig Seán Ó hUrmoltaigh go gcaithfeadh an Ghaeilge “aistear chúig chéad bliain a dhéanamh agus éadáil gach tréimhse a bhailiú chuici in aimsir ghearr”.

Tá cóipeanna den leabhar le fáil ón bhfoilsitheoir ag 21 Ascaill na hEaglaise, An tSráid Rómhánach, Corcaigh.

Fág freagra ar '‘James Joyce agus an Ghaeilge’ – sraith alt ar fáil i bhfoirm leabhair den chéad uair'