James Cronin agus Cúige Mumhan ag iarraidh cúiteamh a dhéanamh i gcoinne na nUltach

Chaill foireann Axel Foley amach ar an comhscór i gcoinne Scarlets an tseachtain seo caite ach tabharfaidh sé sin spreagadh breise dóibh agus iad ag tabhairt aghaidh ar Chúige Uladh anocht. Imreoidh Cúige Connacht agus Cúige Laighean foirne Iodálach an deireadh seachtaine seo agus súil acu le buanna éasca go maith

Imreoir na Mumhan, James Cronin. INPHO/Ryan Byrne
Imreoir na Mumhan, James Cronin. INPHO/Ryan Byrne

Seans gurb é an cluiche idir Cúige Mumhan agus Cúige Uladh ar fhód naofa Thuamhan anocht rogha chluichí Phro12 na deireadh seachtaine seo. Cluiche idir na Muimhnigh, foireann atá sa 3ú háit ar an tábla agus ar ocht bpointe déag, agus na hUlaigh, foireann atá sa 5ú háit le sé phointe déag, a bheas ann.

Is fiú a lua go bhfuil Cúige Mumhan dhá phointe taobh thiar de na Scarlets, dream atá ar bharr an tábla agus is cinnte freisin go mbeidh fir Axel Foley thar a bheith díomách nár thapaigh siad an deis a bhí acu a bheith ar comhscór leis na Scarlets ag deireadh chluiche Bhabhta 5 an Aoine seo caite.

Ach thug James Cronin dhá chic éirice uaidh taobh istigh de thríocha soicind agus na foirne ar comhscór agus an t-am beagnach caite. Tharla go raibh an dá chic éirice i raon Steve Shingler agus chuir cicealaí na Scarlets trí phointe idir na foirne díreach agus an cluiche thart. Cheill sé sin seans iontach ar na Muimhnigh a bheith ar bharr an tábla sula bhfillfidh imreoiríidirnáisiúnta, seachas Felix Jones ar na Cúigí agus méadú dá réir ag teacht ar na deacrachtaí a bhaineann le bua a fháil sa gcomórtas seo, as baile go háirithe. Cuireann sé seo ar fad leis an mbrú atá ar an Muimhnigh an láimh in uachtar a fháil ar na hUltaigh agus iad ag imirt i Luimneach. Bhí an bua ag Cúige Uladh ar Chaerdydd i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite ach ní dóigh gur leor é mar réiteach don chluiche seo.

Tá seans iontach ag na Connachtaigh cheithre nó chúig phointe eile a aimsiú an Satharn seo. Tá siad sa dara háit ar an tábla agus iad ar chomhphointí leis na Scarlets. Dún Éideann, foireann a chaill i gcoinne Zebre an deireadh seachtaine seo caite, atá i gcoinne na gConnachtach thiar ar an mBóthar Beag i nGaillimh. Ní raibh mórán deacrachtaí ag Connachta nuair a thug Zebre cuairt ar Ghaillimh cúpla seachtain ó shin, fios dá bhrí sin ag Pat Lam go bhfuil deis iontach ag a chúram a ngreim ar bharr an tábla a fháisceadh an Satharn seo.

San Iodáil, i gcoinne Treviso atá na Laighnigh an Domhnach seo. Tá cosúlacht ar Treviso go bhfuil siad greamaithe d’ íochtar an tábla faoi láthair, iad fós ar thóir a gcéad bhua as chúig iarracht. Ní dóigh go mbeidh aon athrú ar chúrsaí an deireadh seachtaine seo. Seans maith freisin go mbeidh Leo Cullen ag cur imreoirí atá ag filleadh ón gCorn Domhanda chun páirce an Domhnach seo, ní hamháin go bhfuil bua ag teastáil mar a bheiadh uaidh in aon chluiche ach níos tábhachtaí fós beidh leath-shúil aige ar bhabhta a hAon den Chomórtas Eorpach, comórtas a bheas linn faoi cheann coicíse.

Fág freagra ar 'James Cronin agus Cúige Mumhan ag iarraidh cúiteamh a dhéanamh i gcoinne na nUltach'

  • micheal9999

    Deab cur sios