‘It’s like eBay but for war’ – léiriú seoigh ar bheirt liúdramán contúirteach

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Tá buanna agus laigí araon ag baint le ‘War Dogs’, ach déantar an t-aicsean agus an greann a shníomh le chéile go paiteanta

‘It’s like eBay but for war’ – léiriú seoigh ar bheirt liúdramán contúirteach

I gcaitheamh na mblianta bhí Todd Phillips i mbun pinn agus ar an stiúir do scannáin ghrinn cosúil le  The Hangover agus Old School. Ní bheadh aon choinne agat mar sin go dtabharfadh sé fé earnáil na ndíoltóirí arm le saothar atá idir mhagadh agus dáiríre a sholáthar dúinn. Ina dhiaidh sin féin, tá comparáidí le rianú idir War Dogs agus an t-ábhar a bhíonn idir chamáin ag Phillips de ghnáth, is é sin tíriúlacht agus gníomhartha buile na gcompánach fireann. Sin é bua agus laige an scannáin in éineacht.

I ndiaidh ionradh na hIaráice in 2003, d’athraigh an tUachtarán Bush na rialachán maidir le conarthaí soláthair don arm. Deineadh sin óir go rabhthas ag cur ina leith go raibh sé ag tindeáil ar a chairde sna comhlachtaí arm. Ba é críoch agus deireadh na mbeart ná go bhféadfadh aon Tadhg Ó Rodaigh seiftiúil cur isteach ar na conarthaí ach iad a bheith ina máistrí ar an gcáipéisíocht a lean.

Sa scannán seo, atá bunaithe ar scéal fíor, leantar beirt de na ‘War Dogs’ seo.  ‘It’s like eBay but for war,’ a deir Ifraim Diveroli (Hill) lena chara David Packouz (Teller). Ag tús an scannáin, deir Ifraim linn go ndein sé a chóta bán trí bheith ag iníor ar imeall na hearnála; ag alpadh siar na ‘grabhróga’ faoi mar a deir sé féin.

De réir a chéile faigheann an uaillmhian agus an tsaint an ceann is fearr orthu agus tugann siad faoin mbollóg: conradh gur fiú $300m é le comhghuaillithe san Afganastáin a fheistiú amach. Beidh tine ar do chraiceann agus tú i bhfochair na beirte i mbun cúblála agus camastaíola.

Bua an scannán ná go n-éiríonn leis léiriú seoigh a thabhairt ar an mbeirt liúdramán seo agus a saibhreas á dhéanamh acu in earnáil nár cheart dóibh a bheith i ngiorracht scread asail di.

É sin ar fad agus seancheolta cáiliúla ár dtionlacan; gach rud ó ‘Jump Around’ le House of Pain go ‘Red Red Wine’ le ‘UB40’ agus ‘The Passenger’ le Iggy Pop.

Ceann de na radharcanna lárnacha ná ruathar na beirte chun na hIordáine agus na hIaráice le déileáil le fadhbanna páipéarachais is trádbhaic. Déantar an t-aicsean agus an greann a shníomh le chéile go paiteanta.

Comparáidí le Wolf of Wall Street ag ráthaíocht im intinn, ach gan a bheith chomh snasta, pioctha leis an saothar úd.

Ar an dtaobh eile den scéal d’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil saothar níos sollúnta dlite d’ábhar den saghas seo cosúil le Lord of War. Carachtair iad seo gur cuma leo airgead a bhaint as cogaíocht agus marú. Carachtair ghránna nár cheart go mbeadh aon bhá againn leo, ach tá, mar go ndéantar beagán des na hiarmhairtí a bhaineann lena ngníomhartha.

Chun a cheart a thabhairt do Hill cuireann sé carachtar iontach ina steillbheatha os ár gcomhair. Lena gháire ait, a phearsantacht shleamhain, mhealltach agus an mhórchúis shotalach a dhéanann a n-aimhleas, tá carachtar ar leithligh againn a n-éiríonn leis an scannán ina iomláine a dhéanamh níos réalaíche agus níos cumasaí.

I ndeireadh na dála is ar eireaball an eascaine a bhí a ngreim agus bíonn gol a ngáire acu ar deireadh. An rud is scanrúla ar fad, agus an rud a chuirfeadh ina luí ort go bhfuil saothar níos tábhachtaí dlite ag an ábhar, ná go mbeidh cead ag comhlacht na beirte filleadh ar iomaire na n-arm i gceann cúpla bliain.

Fág freagra ar '‘It’s like eBay but for war’ – léiriú seoigh ar bheirt liúdramán contúirteach'