‘It took me longer to eat my dinner then it did to do Irish paper 1’ – lucht na hardteiste sásta go maith

De réir tuairiscí ar na meáin shóisialta, is beag dúshlán a bhain le Páipéar 1 i scrúdú Gaeilge na hArdteiste inniu

‘It took me longer to eat my dinner then it did to do Irish paper 1’ – lucht na hardteiste sásta go maith

Rinne daltaí na hArdteiste an chéad chuid de scrúdú Gaeilge na hArdteiste tráthnóna, Páipéar 1, agus de réir tuairiscí ar na meáin shóisialta, is beag dúshlán a bhain leis.

Thagair roinnt daoine, mar a dhéantar go minic aimsir na scrúduithe, do chanúint Dhún na nGall sa cluasthuiscint, áfach.

Roimh an scrúdú, ba léir an dúil mhallaithe atá ag aos óg na tíre i gceist an Bhreatimeachta.

Ar an dea-uair do Daniel agus do dhaoine eile, bhí ceist an Bhreatimeachta ar an bpáipéar agus, ar an iomlán, bhí lucht na hardteiste ar Twitter sásta gur scrúdú bog go maith a bhí ann.

Bhí daoine chomh sásta sin leis an bpáipéar go raibh cuid acu ag déanamh iontais gur tugadh an oiread sin ama dóibh an scrúdú a dhéanamh.

Mar sin féin, táthar ann a cheapann go raibh scrúdú an lae inniu beagáinín ró-éasca, go háirithe agus Páipéar 2 fós le teacht amárach.

Fág freagra ar '‘It took me longer to eat my dinner then it did to do Irish paper 1’ – lucht na hardteiste sásta go maith'

  • Moire

    Siod e an staicin aifeise a dheantar den Ghaeilge sa choras oideachais anois. Mugamagadh o thus deireadh agus fainne fi na n-amadan. Bradaiocht agus cur i gceill. Nil na habhair eile puinn nios fearr as. Is feidir ‘ceim’ a bhaint amach sa Ghaeilge anois gan aon leabhar Gaeilge a leamh. Agus ta cail an oideachais ar an mball seo?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá sé éasca mar go gcuirtear iachall ar dhaoine Gaeilge a dhéanamh san Ardteist mura bhfuil údar diolúna acu! Dá mbeadh Gaeilge roghnaitheach agus bónas le fáil ar an ábhar san Ardteist d’fhéadfaí caighdeán maith a éileamh.

  • Mánus

    Má tá Béarlóirí míshásta faoin Ghaeilge a bheith éigeantach san Ardteist agus chun freastal ar choláistí NUI tig leosan troid le sin a athrú. Beidh go leor cairde acu sa Dáil agus sna meáin. Ní ról s’agaiinne do bheith ag moladh ísliú céime a thabhairt don Ghaeilge sa gcóras oideachais sa Deisceart. Seachas sin ba chóir dúinn troid ar son churaclaim Ghaeilge dos na Ghaelcholáistí agus don dornán scoil sa “Ghaeltacht” oifigiúil go mbíonn an teagasc tré mheán na Gaeilge fós iontu. Ráiméis is ea do bheith ag moladh fáil réidh leis an Ghaeilge mar ábhar riachtanach scoile. Teastaíonn dhá churaclam. Teastaíonn an curaclam atá ann dos na foglaimeoirí ach teastaíonn curaclam ceart Ardteiste do dhaltaí a labhrann an Ghaeilge sa bhaile nó atâ ag freastal ar Ghaelcholáiste.

  • donncha Ó hÉallaithe

    “Ní ról s’agaiinne do bheith ag moladh ísliú céime a thabhairt don Ghaeilge sa gcóras oideachais sa Deisceart” a deireann Mánus. Ach ní ísliú céime atá i gceist agamsa ach a mhalairt: go mbeadh caighdeán maith ag baint leis an ábhar sa gcaoi is go mbeidh sciar réasúnta de dhaoine ag tíocht amach as an gcóras le caighdeán maith Gaeilge acu, idir Gaeilge scríofa agus labhartha. Nach é sin atá uainn? Caithfimid imeacht ón deacair seo go gcaithfear Gaeilge a mhúineadh do chuile dhuine, bíodh sí uathu nó ná bíodh. Cothaíonn sin an dearcadh nimhneamh naimhdeach gur pionós í an Ghaeilge atá buailte ar aos scoile. Faoi láthair is dócha nach bhfuil mórán le cois 10% ag tíocht amach as na scoileanna le Gaeilge réasúnta. Is uafásach an toradh é sin. Nach mb’fhearr díriú ar na daoine atá ag iarraidh í a fhoghlaim agus bónas poinntí a thabhairt dóibh agus an caighdeán a ardú dá réir?

  • beartla

    Bhfuil aon taighde déanta ar an líon daltaí a bheadh ag iarraidh Gaeilge a dhéanamh etc?