Island Ferries Teo ag súil le ‘cothrom na féinne’ ag cruinniú buiséid inniu

Deir an comhlacht go bhfuil go leor ‘géillte’ acu san aighneas faoi tháillí na seirbhíse go hInis Mór a bhfuil deireadh curtha léi

Island Ferries Teo ag súil le ‘cothrom na féinne’ ag cruinniú buiséid inniu

Tá súil ag lucht an chomhlachta Island Ferries Teo go “léireofar cothrom na féinne de chineál éigin” ag an gcruinniú buiséid a bheidh ag Comhairle Contae na Gaillimhe inniu.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie aréir, dúirt urlabhraí thar ceann an chomhlachta a chuireann seirbhísí farantóireachta ar fáil as Conamara go dtí Oileáin Árann, gur “faoin gComhairle Contae atá sé an chéad bheart eile a dhéanamh” maidir leis an tseirbhís farantóireachta as Ros an Mhíl go Cill Ronáin a bhfuil deireadh á cur inniu léi.

Bhí cruinniú ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Kevin Kelly, agus lucht an chomhlachta maidin inné i ndiaidh don chomhlacht a fhógairt gurbh é bád 6 an chloig na hoíche aréir an tseirbhís dheireanach acu go hInis Mór go dtí an 17 Márta 2017.

D’iarr an Chomhairle “cruinniú práinneach” le lucht an chomhlachta leis an aighneas fada faoin tseirbhís, a phlé.

Beidh cruinniú buiséid ag an gComhairle Contae inniu agus tá súil ag lucht Island Ferries Teo go dtiocfar ar réiteach ar cheist na dtáillí a ghearrtar ar phaisinéirí a thuirlingíonn ag Cill Rónáin. Gearrtar táille 80 cent in aghaidh an phaisinéara ar an gcomhlacht. Táille in aghaidh an bháid agus ní in aghaidh an phaisinéara a ghearrtaí go dtí an bhliain 2011, nuair a athraíodh fodhlí.

Bhí Island Ferries Teo i gcoinne táille in aghaidh an phaisinéara ó thús. Chas ionadaithe ón gcomhlacht le hoifigigh de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Forbartha Réigiúnaí, Tuaithe agus Gaeltachta an mhí seo caite agus cuireadh moltaí nua faoi bhráid na Roinne.

Dúirt Island Ferries Teo go mbeadh siad sásta anois glacadh le táillí in aghaidh an phaisinéara, a fhad is a laghdófaí an táille sin ó €0.80 an duine go €0.40 an duine. Bheadh an comhlacht sásta táillí atá le híoc ó 2012 a aisíoc ag an ráta sin freisin – rud a d’fhágfadh go mbeadh tuairim is €50,000 in aghaidh na bliana le híoc acu, dar le hurlabhraí an chomhlachta.

Dúirt an t-urlabhraí gur “géilleadh mór” ag Island Ferries Teo a bhí sa mhéid sin.

Fág freagra ar 'Island Ferries Teo ag súil le ‘cothrom na féinne’ ag cruinniú buiséid inniu'