‘Is uafásaí ionsaithe mar a tharla in Dallas toisc airm chumhachtacha a bheith ag daoine’ – Obama

Ráiteas tugtha ag Uachtarán Mheiriceá faoin eachtra in Dallas aréir inar maraíodh cúigear póilíní a bhí ar dualgas ag léirsithe síochánta i gcoinne an fhoréigin

‘Is uafásaí ionsaithe mar a tharla in Dallas toisc airm chumhachtacha a bheith ag daoine’ – Obama

President Obama Makes Statement On The Sequestration

Is “uafásaí agus is tragóidí ionsaithe” mar a tharla in Dallas i Meiriceá aréir toisc airm chumhachtacha a bheith ag daoine, a dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá i ráiteas a thug sé ar maidin faoin eachtra inar maraíodh cúigear póilíní a bhí ar dualgas ag léirsiú síochánta i gcoinne an fhoréigin.

Dúirt Obama go gcaithfí dul i ngleic leis na ceisteanna sin sna laethanta amach romhainn, ach gur chóir cuimhneamh anois orthu siúd a maraíodh agus a ngaolta.

Tá triúr faoi choimeád i ndiaidh an ionsaithe agus tuairiscítear gur chuir fear eile a bhí faoi amhras lámh ina bhás féin i ndiaidh na heachtra.

Bhí na céadta duine i láthair ag an léirsiú síochánta in Dallas a eagraíodh mar gheall ar bhás Alton Sterling i Louisiana agus Philando Castile i Minnesota, beirt ar mharaigh póilíní iad an tseachtain seo.

Dúirt an tUachtarán Obama gur “ionsaí brúidiúil, réamhbheartaithe agus déistineach i gcoinne fhórsaí an dlí” a bhí in ionsaí snípéara na hoíche aréir.

“Meabhrú uafásach” a bhí san ionsaí “gan chiall” ar na híobairtí a dhéanann póilíní gach lá ar mhaithe leis an bpobal, a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Is uafásaí ionsaithe mar a tharla in Dallas toisc airm chumhachtacha a bheith ag daoine’ – Obama'

  • padraig

    Obama ag eagaoin a easpa cumhachta agus e ag druidim le ceann cursa, is bocht an sceal e. Ce ata i gceannas i SAM go direach an cartel mileata-thionsclaioch?