Is trua nach ndeachaigh na Gaeil in Éirinn leis an bProtastúnachas

Nuair nár éirigh leis an bProtastúnachas greim a fháil ar na Gaeil, ba í an Ghaeilge a bhí thíos leis

Is trua nach ndeachaigh na Gaeil in Éirinn leis an bProtastúnachas

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

I mbliana agus ceiliúradh 500 bliain á dhéanamh ar theacht an Phrotastúnachais is fiú machnamh a dhéanamh ar cén chúis nár iompaigh Gaeil na hÉireann ar an gcreideamh sin mar a rinne Gaeil Alban? An mar gheall ar a ndílseacht don Róimh é? Ní dóigh liom é. Níl fianaise againn go raibh mórán de ghreim ag an gCaitliceachas ar an gcosmhuintir, nó an bhfuil?

Is iomaí seans a chaill ‘Éire’ i ré na nua-staire: ceann de na seansanna ba mhó a chaill an náisiún Gaelach ná dul leis an athrú creidimh sa 16ú/17ú haois. 

Creidim gurb í an chúis is mó nár ghlac Gaeil na hÉireann leis an bProtastúnachas gur beag iarracht a rinneadh ag an am dea-scéal an chreidimh nua a chraobhscaoileadh i measc na nGael. Bhí sé níos éasca géarleanúint a dhéanamh orthu i bhfianaise a gCaitliceachais  agus a dtailte is a maoin a ghoid leis an gcóilíniú a dhéanamh níos éifeachtaí.

Cé gur brúdh an creideamh nua ar na ‘Sean-Sasanaigh’, sliocht na Normannach, tá an chuma ar an scéal nach raibh ar intinn ag Sasana, Henry VIII ná Eilís I, ach na Gaeil a dhíshealbhú is cinedhíothú a dhéanamh orthu. Bhí sé i bhfad níos éasca é sin a dhéanamh nuair nach raibh iontu ach ‘pápairí’ piseogacha.

Táimse den tuairim nár theastaigh i ndáiríre ó Shasana agus cumhachtaí móra an choilíneachais ag an am go ndéanfaí na Gaeil a phrotastúnú mar dá ndéanfaidís bheadh orthu déileáil leo mar chomhchreidimhigh. Bhí sé níos éasca iad a choinneáil faoi chois mura mbeidís san eaglais chéanna lena ‘máistrí’ Gallda. Theastódh go mbeadh difríocht de chineál éicint idir Gael agus Gall.

Ar deineadh aon iarracht fhónta dul i bhfeidhm ar na Gaeil sa 17ú haois? Tá a fhios agam gur aistríodh an Bíobla go Gaeilge faoi stiúir Bedell ach níor foilsíodh is níor scaipeadh é go dtí 1685, 43 bliain tar éis a bháis. Bhí an deighilt sheicteach idir Gael is Gall préamhaithe go domhain faoin am sin in Éirinn. 

I ndáiríre níor tugadh faoin bprotastúnachas a leathnú i measc na nGael go dtí tús an 19ú haois. An uair sin rinneadh dul chun cinn maith i gCabhán, i gCorca Dhuibhne, i Maigh Eo agus i gConamara maidir le daoine a mhealladh i dtreo an athrú creidimh. Ar ndóigh chuir na misiúin phrotastúnacha sa tréimhse sin béim mhór ar oideachas,  agus bhí léamh an Bhíobla Gaeilge ina chuid lárnach den churaclam, mar a bheifeá ag súil leis sna ceantair nach raibh Béarla ag na daoine. Daoine praiticiúla a bhí sna misinéirí. Cén mhaith Bíobla i mBéarla a úsáid le léamh an Bhíobla a chur chun cinn i measc daoine nach raibh Béarla acu?

In ainneoin na dea-oibre a bhí ar bun ag na misiúin sin in áiteacha bochta in iarthar na tíre sa 19ú haois, in áiteacha ina raibh an Ghaeilge i réim mar ghnáththeanga an phobail, níor éirigh leo greim a choinneáil ar an daoine sin. Creidtear go coitianta go raibh sé mar pholasaí ag na misiúin phrotastúnacha gan daoine a bhí i mbaol a mbáis leis an ocras a bheathú mura n-athróidís a gcreideamh agus gurbh é sin an phríomhchúis a bhí ag daoine dul le creideamh Liútair. Ba mhiotas é sin, a scaip an Eaglais Rómhánach chaithréimeach tar éis an Ghorta: an miotas gur ar mhaithe leis an ‘soup’ a fháil a bhí gach Gael a d’athraigh a chreideamh. Is cinnte go ndearna cuid acu é sin ach ní ‘soup’ a bhí i gceist nuair a thosaigh an feachtas misinéireachta ach oideachas.

De réir foinse staire amháin bhí 20,000 Bíobla i nGaeilge scaipthe in Éirinn ag an British Bible Society faoi 1819 mar chuid den fheachtas misinéireachta i measc na nGael.  Bunaíodh an Hibernian Bible Society in 1806 agus an Irish Society for Promoting the Education of the Native Irish in 1818, i bhfad roimh an nGorta Mór, le haghaidh léamh an Bhíobla i nGaeilge a spreagadh. Chuir siad neart scoileanna ar bun, nuair nach raibh aon chóras eile scolaíochta ar fáil do dhaoine bochta. Cuireadh ollúnacht sa Ghaeilge ar bun i gColáiste na Tríonóide in 1818. Bhí an feachtas misinéireachta tiomanta d’úsáid a bhaint as an nGaeilge le dul i bhfeidhm ar an gcosmhuintir. Nach raibh sé le rá ag Amhlaoibh Ó Loingsigh ina Cinn Lae, agus é ag scríobh sa bhliain 1827, nach raibh ‘aon suim dá cur sa teanga bhreá mhín Ghaelach ach ag suaidléirí beaga, ag féachaint an bhfaighidís clanna Gael do mhealladh leo chun a gcreideamh mallaithe.’

Cás an-spéisiúil is ea an dul chun cinn a rinne an protastúnachas i gCorca Dhuibhne. Scríobh Mrs D.P. Thompson cuntas ar ‘The Rise and Progress of the Change in Religious Opinion in Dingle’ agus sa chuntas sin deireann sí go raibh 20 múinteoir le Gaeilge ag obair i gceantar an Daingin ag teagasc léamh an Bhíobla trí Ghaeilge sa bhliain 1836. Scríobh ministéir amháin sa Daingean dán fada Gaeilge atá an-spéisiúil.

Ba dhul chun cinn mór é leathnú an Protastúnachais san Eoraip sa 16ú is 17ú haois, ó thaobh cúrsaí fealsúnachta, cúrsaí gnó, cúrsaí eacnamaíochta agus  cúrsaí eolaíochta.  Chothaigh sé chomh maith freagracht phearsanta is saoirse coinsiasa. Chaill na Gaeil amach ar an bhforbairt thábhachtach sin agus fágadh muid ar gcúl an-sciobtha. Níor fágadh na hAlbanaigh ar gcúl.

D’fheil sin thar cionn do na coilínithe nua a bhí tugtha isteach sa tír ag rialtas Shasana le seilbh a thógáil ar mhaoin na tíre.

Ba í an Ghaeilge a bhí thíos leis nuair nár éirigh leis an bProtastúnachas greim a fháil ar na Gaeil sa 17ú haois, mar a fuair sé greim ar an ngnáthdhuine sa Bhreatain Bheag agus in Albain, ag am a raibh an Gaelachas láidir agus sláintiúil. Bhí an Ghaeilge thíos den dara huair nuair a d’imigh an ghaoth as seolta na misinéirí protastúnacha sa 19ú haois. Dream iad a raibh obair iontach ar bun acu ag teagasc léamh na Gaeilge do chainteoirí dúchais iarthar na tíre.

Agus comóradh á dhéanamh i mbliana ar Liútar, 500 bliain tar éis dó a liosta gearán a chrochadh ar dhoras na heaglaise i Wittenberg na Gearmáine, is fiú aitheantas a thabhairt dó as an méid a rinne a lucht leanúna le léamh na Gaeilge a scaipeadh sa 19ú haois. ’Sé an trua gur fhág siad chomh deireanach.

Fág freagra ar 'Is trua nach ndeachaigh na Gaeil in Éirinn leis an bProtastúnachas'

  • Mánus

    Ba é bunú choláiste Mhá Nuadhait i 1795 an rud a chuir deireadh le Gaeilge mar phríomhtheanga na tíre. Deineadh socrú leis an eaglais Caitliceach Rómhánach nuair a bunaíodh an coláiste go dtacódh an Eaglais Chaitliceach Rómhánach le Galldú na tíre agus mar cúiteamh ar sin go mbeadh cead sagairt a thraenáil in Éirinn.

  • Gabriel Rosenstock

    Bhíodh an Beachánach ceanúil ar an mburdún seo:

    Here’s a health to the Protestant Minister
    And his church without meaning or faith
    For the foundation stones of his temple are
    The bollocks of Henry the Eighth.

  • Colin Ryan

    Táim ar son intinn le Donncha, mórán, ós fada na smaointe céanna agamsa. Seans maith gur tír dhátheangach a bheadh in Éirinn anois, díreach ar nós na hÍsiltíre nó na Sualainne, ach an Ghaeilge chun tosaigh i gcónaí. Agus bheadh an Ghaeilge níos láidre thar lear chomh maith, sna Stáit agus eile.

  • Dónall

    Cén sochar do Ghaeil na hÉireann dul leis an Phrotastúnachas? Is beag maitheas a rinne sé do Ghaeil na hAlban nár baineadh an talamh daofa sin chomh maith agus ina n-áit cuireadh isteach caoraigh le maoin a chothú do na Tiarnaí galldaithe a fuair léann in Oxford is Cambridge amhail Tiarnaí na hÉireann. Ar cheart do na Gaeil géilleadh don ochtú Anraí agus ligint dó na mainistreacha a chreach agus na sagairt, bráithre agus mná rialta a chur chun báis mar a rinne sé i Sasana. Sílim gur saonta an t-alt é seo agus go ndéanann sé beag is fiú de cé chomh fite fuaite a bhí an creideamh le sochaí na hÉireann sa 17ú haois Ó thaobh cúrsaí léinn agus pobail de.

  • Seán Ó Floinn

    Bhí an reiligiún céanna ag na Briotánaigh agus ag na Francaigh – an Caitliceachas – agus níor mhaolaigh sé sin ar an bhfonn a bhí ar na Francaigh cultúr agus teanga na mbBriotánach a chur faoi chois. Rud céanna leis an Breatnaigh agus na hAlbanaigh i gcás na Sasanach, faoi mar a luaigh duine eile.

    ‘Ba dhul chun cinn mór é leathnú an Protastúnachais san Eoraip sa 16ú is 17ú haois, ó thaobh cúrsaí fealsúnachta, cúrsaí gnó, cúrsaí eacnamaíochta agus cúrsaí eolaíochta. Chothaigh sé chomh maith freagracht phearsanta is saoirse coinsiasa. Chaill na Gaeil amach ar an bhforbairt thábhachtach sin agus fágadh muid ar gcúl an-sciobtha. Níor fágadh na hAlbanaigh ar gcúl.’

    Léiríonn d’alt meon frith-Chaitliceach – tugann tú le fios gur mór an dul chun cinn a bhí sa Phrotastúnachas agus go raibh sé de cheart do gach éinne glacadh leis toisc gur chuir sé saoirse agus forbairtí tecineolaíochta chun cinn.

    Rud nach luann tú ná gur chuir an Reifirméisean Protastúnach tús le cogadh na reiligiún a mhair os cionn céad bliain agus rinne scrios ar chodanna móra den Eoraip. Cibé dul chun cinn a luann tú leis an bProtastúnachas, arbh fhiú bás na milliún duine é agus an deighilt agus an fuath a chothaigh sé agus a mhaireann go dtí an la inniu idir Caitlicigh agus Protastúnaigh?

    Anuas air sin, tá formhór na staraithe ar aon tuairim gur i cathair-stáit na hIodáile i dtreo dheireadh na Meánaoise (roimh an reifirméisean) a tháinig an caipitleachas chun cinn – bhí lamh mhór ag na mainistreacha i dteacht chun an chaipitleachais mar gheall ar an gcóras bainistíochta agus airgeadais a bhí acu, chomh maith leis an speisialú a rinne siad, rud a bhí ina bhunchloch den chóras caipitleach a réitigh an bealach don réabhlóid thionsclaíoch.

    Má cheapann tú gur thug an Protastúnachas níos mó saoirse coinsiasa ná an Caitliceachas, b’fhearr duit filleadh ar na leabhair staire – tosaigh le réim Calvin sa Ghinéiv, áit inar ghearr sé píonós orthu siúd a chleacht an Caitliceachas, nár fhreastail ar a chuid seanmóirí nó a chuaigh i gcoinne a chuid teagasc ar aon bhealach eile. Breathnaigh siar ar ré Anraí VIII freisin, faoi mar a mhol tráchtaire eile, agus feicfidh tú nach aon saoirse choinsiasa a thug sé do Chaitlicigh.

  • Fearn

    Deacair gan aontú le Dónall thuas seachas Donncha.

  • Seosamh amhrasach

    B’fhéidir go bhfuil an ceart ag Ó hÉallaithe ach níl cáil an stairí air mar sin ní thig linn bheith siúrálta.

  • Colin Ryan

    Tá an Bhreatnais níos láidre ná an Ghaeilge faoi láthair díreach toisc go ndeachaigh na Breatnaigh leis an bProtastúnachas. Ní mór an cion a bhí ag Sasana ar an mBreatnais, ach bhí an Protastúnachas ina chosaint ar mhírún an Stáit agus spreagadh na Breatnaigh chun an Bíobla a léamh ina dteanga féin. Ba mhór an buntáiste léamh agus scríobh na teanga a bheith chomh forleathan sin agus litríocht nua-aimseartha á cothú, gan trácht ar an ábhar eile a cuireadh i gcló. Níl an Bhreatnais saor ó chontúirt fós ná baol air, ach tá neart iontach inti le hais na Gaeilge. Níorbh éigean do lucht na Gaeilge riamh a bheith ina gCaitlicigh chun a bheith dílis dá ndúchas féin.