‘Is teanga idirnáisiúnta í teanga na seanfhocal’ – bailiúchán nua scéalta béaloidis ón Afraic ag Rosenstock

Labhair Tuairisc.ie leis an aistritheoir Gabriel Rosenstock, atá tar éis leabhar nua a fhoilsiú lán scéalta béaloidis ó thraidisiúin na hAfraice

white book

Bailiúchán scéalta ó bhéaloideas na hAfraice atá sa saothar is deireanaí ón aistritheoir Gabriel Rosenstock. Is é An Gúm a chuir amach Óró na Circíní, bailiúchán scéalta traidisiúnta agus béaloidis ó ilchríoch na hAfraice á n-athinsint i nGaeilge agus iad curtha in oiriúint don aos óg.

seo an chéad uair ag Rosenstock scéalta ó chultúir éagsúla timpeall na cruinne a aistriú go Gaeilge. Foilsíodh cheana féin Scéalta ó Oileán an Turtair, bailiúchán scéalta ó thraidisiún na Meiriceánach Dúchasach agus Birbal, scéalta béaloidis ón India.

Dúirt Rosenstock le Tuairisc.ie go gcaithfí litríocht uile an domhain a bheith ar fáil i nGaeilge agus is chuige sin a bhíonn sé ag cur Gaeilge ar scéalta ó thraidisiúin eile.

“Táim le fada an lá den tuairim láidir go gcaithfidh litríochtaí an domhain, an béaloideas san áireamh, a bheith againn inár dteanga féin. Ní le paróiste ná le tír ar leith a bhainimse, ach leis an bpláinéad ar fad. Mar a dúirt Seán Ó Ríordáin: níl áit ar fud na cruinne, nach ann a saolaíodh sinne,” a dúirt sé.

Dúirt sé go “bhféadfá a rá gur teanga idirnáisiúnta í teanga na seanfhocal” agus go bhfuil ceacht le foghlaim as na scéalta atá sa leabhar nua, agus roinnt seanfhocal le fáil iontu mar atá le fáil i scéalta béaloidis na hÉireann.

“Gheobhaidh tú roinnt seanfhocal sa leabhar: ‘an té a itheann leis féin, caillfear leis féin é’; ‘as an ubh a thagann an chearc agus as an gcearc a thagann an ubh’; ‘bíonn cluasa ar an bhforaois’; agus mar sin de. ‘Bíonn cluasa ar an gcoill’ ‘bíonn cluasa ar na claíocha’ mar a deirtear sa Ghaeilge,” a dúirt Rosenstock.

“an t-uafás fós le déanamh”, dar leis, maidir leis na scéalta idirnáisiúnta seo a chur ar fáil i nGaeilge ach go dtabharfadh sé faoin obair sin “le fonn” mbeadh spéis ag foilsitheoirí san obair sin.

“Tá go leor de na scéalta traidisiúnta seo cheana i mBéarla, i bhfoirm leabhair nó i bhfoirm dhigiteach agus is iontach an droichead é an Béarla (agus an t-idirlíon, ar ndóigh) chun teacht ar go leor de na scéalta sin. Bhí scil ag seanchaithe an domhain, an scil chéanna is a bhí ag seanchaithe móra na tíre seo. Chonaic mé féin seanchaithe i Maracó agus lucht féachana mór faoi dhraíocht acu.

“I lár cearnóige, daoine agus a mbéal ar leathadh acu, idir óg is aosta, agus iad ag éisteacht le heachtra éigin. Tá an scil sin dulta i léig anois in an-chuid tíortha ‘sibhialta’, faraor, ach tá taifead déanta ar go leor eachtraí agus is faoi mo leithéidse athinsint a dhéanamh orthu,” a dúirt sé.

Mhínigh Rosenstock go bhfuil iarracht déanta aige “stíl na cainte” a choimeád sna scéilíní atá in Óró na Circíní mar “is ag éisteacht a bhítí le seanchaithe, ní á léamh”.

“Á n-aithris atáim seachas á n-athscríobh. Tá an bua sin ag an Éireannach, is dóigh liom. Bhí bua na scéalaíochta ag mo mháthair agus is uaithi siúd a fuaireas an spéis atá agam sa scéalaíocht. Deirtear go bhfuil traidisiún na scéalaíochta chomh hársa agus chomh bunúsach sin go bhfuil gá againne – daoine – le scéalta, nach beo dúinn i gceart ina n-éagmais.

“‘Aon scéal?’ Is ea, go deimhin, ‘aon scéal’! Murach an scéal, an mbacfaimis le scannáin, dul chuig dráma nó éisteacht le ráflaí? Tá dúil sa scéalaíocht ionainn ó aois an-óg. Nach ait an rud é?

“Lasmuigh de phléisiúr na scéalaíochta – an pléisiúr a thugann na scéalta domsa mar scríbhneoir agus an pléisiúr a thugann siad don léitheoir – tá gné eile fós a bhaineann le leabhar den sórt seo. Mairimid i sochaí ilchultúrtha. Chuala mé ar an raidió an lá cheana faoi scoil éigin i gCo. Chorcaí ina labhraítear breis is 30 teanga!” a dúirt sé.

Dúirt sé gur siombail í an leabhar nua go “bhfáiltímid roimh chiníocha eile” in Éirinn, iad siúd atá ar a dteitheadh san áireamh agus go mba cheart na difríochtaí cultúir agus creidimh atá idir mhuintir uile na hÉireann a mholadh agus a aithint gur mar a chéile gach duine againn, “agus a scéal féin ag gach éinne againn”.

Óró na Circíní ar fáil anois ó shiopa An Ghúim ar líne agus i siopaí eile leabhar timpeall na tíre.

Fág freagra ar '‘Is teanga idirnáisiúnta í teanga na seanfhocal’ – bailiúchán nua scéalta béaloidis ón Afraic ag Rosenstock'