Is saibhre mo shaol le Gaeilge agus baineann fás, oscailt súl agus leathnú aigne lena foghlaim

Is deacair an saol a shamhlú gan Ghaeilge agus is deacair an t-eispéireas aonteangach sin sna laethanta RG (Roimh Ghaeilge) a thabhairt chun cuimhne

Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir NÓS. Pictiúr Conor McCabe Photography.
Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir NÓS. Pictiúr Conor McCabe Photography.

Dá ndéarfá le ‘Tomaí óg’, 11 bhliain d’aois, agus é ag glacadh a chéad choiscéimeanna ar a aistear Gaeilge i scoil dara leibhéal san Iúr, go mbeadh an teanga ar a thoil aige (a bheag nó a mhór) faoi theacht na Mílaoise nua agus go mbeadh sí ina dlúthchuid dá shaol laethúil go luath ina dhiaidh sin, seans maith gur dheacair dó tú a chreidiúint.

Dála go leor againn a rinne an t-aistear céanna, áfach, is é atá deacair agam anois ná mo shaol a shamhlú gan Ghaeilge agus an t-eispéireas aonteangach sin sna laethanta RG (Roimh Ghaeilge) a thabhairt chun cuimhne.

Gan amhras, tá cuimhní an eispéiris sin ann go fóill ach tógtha ar a mbarr tá eispéireas eile, eispéireas níos saibhre, níos iomláine a thugann tuiscint níos fearr dom orm féin agus ar an saol mór thart orm.

Is eispéireas comhchoiteann é a mhothaíonn beagnach gach duine a fhoghlaimíonn teanga úr ar bith – fás pearsanta, oscailt súl, leathnú aigne – ach, ar go leor bealaí, is próiseas níos luachmhaire arís é nuair is teanga í a labhair do mhuintir féin dornán beag glúnta roimhe.

I ndomhan ina bhfuil an iomarca pobal ar fud na cruinne stoite – de bharr cúinsí stairiúla – óna bhfréamhacha agus óna n-oidhreacht féin, mothaím go dtugann an Ghaeilge nasc láidir dom leo sin a chuaigh romham agus go neadaíonn sí, go fo-chomhfhiosach fiú, féinmhuinín agus féintuiscint níos doimhne ionam féin.

Ní hé gur dóigh liom go bhfuil an Ghaeilge níos fearr ná níos áille ná aon teanga eile ar domhan – creidim go láidir in aontacht an chine dhaonna, gach gné dhearfach de chomh hiontach lena chéile – ach baineann sí liomsa go pearsanta. Tugann sé sin dúshraith de chineál éigin dom a chuidíonn liom aithne níos fearr a chur ar éagsúlacht an tsaoil seo agus sásamh níos mó a bhaint as.

Ach, thar aon ní eile, ar bhonn pearsanta, agus sa bhreis ar an gceangal tábhachtach sin leis an dúchas, is cuid de mo shaol í an Ghaeilge a bhaineann leis an am i láthair, agus leis an todhchaí.

Inniu sa bhliain 2016 is trí mheán na Gaeilge a chaithim an mhórchuid de mo shaol, idir inmheánach agus seachtrach.

Labhraím i mBéarla liom féin in amanna go fóill ach bheadh an lámh in uachtar ag an Ghaeilge sna comhráite sin a bhíonn againn uilig linn féin (is fearr gan seo a dhéanamh os ard, dála an scéil, is cuma cén teanga atá i gceist).

Tá mé i mo chónaí i mBéal Feirste le breis agus deich mbliana anois agus is cainteoirí Gaeilge iad na cairde is dlúithe atá agam – daoine eile a d’fhoghlaim an teanga, a ghlac chucu féin í agus a bhfuil sí anois mar  rogha teanga acu fosta.

Gach caife nó pionta a d’ólfadh muid le chéile, is i nGaeilge a bheadh na jócanna agus an chraic a rachadh in éineacht leis na deochanna, agus is minic a chasann muid ar Ghaeil eile, go randamach, ar oíche amuigh i lár na cathrach.

Seans nach bhfuil caifélann chomhaimseartha Ghaeilge againn i lár Bhéal Feirste ná i mBaile Átha Cliath go fóill ach ní chuireann sé sin bac ar na Gaeil ár gcuid féin a dhéanamh de na háiseanna atá ann cheana agus tionchar áirithe a imirt ar an tsochaí dá bharr.

Agus mé ar ais sa bhaile i ndeisceart Ard Mhacha, Béarla is mó atá ag mo theaghlach sínte agus fiú ansin bíonn ‘go raibh maith agat’, ‘slán’ agus ‘oíche mhaith’ acu go mion minic anois, agus tá Gaeilge líofa ag roinnt col ceathracha liom, rud nach raibh fíor fiú cúig bliana ó shin.

Ó thaobh na hoibre de, is cuimhin liom go maith an obair shamhraidh a rinne mé leis an nuachtán agus mé go fóill ar ollscoil. Chuaigh timpeallacht lán-Ghaeilge na hoifige go mór i bhfeidhm ar an leaid níos óige sin (agus níos rua fosta, caithfidh mé a rá) agus ón bhomaite sin ar aghaidh bhí mé gafa.

Ó bheith ag láithriú Blas, clár Gaeilge BBC Raidió Uladh, agus ó bheith ag obair ar shraitheanna teilifíse go dtí mo ról reatha mar eagarthóir ar an iris chultúir NÓS, bhí an Ghaeilge lárnach i ngach post a bhí agam go dtí seo, agus ní fheictear dom go dtiocfaidh mórán d’athrú air sin aon am go luath.

Bainim sult as bheith ag obair sna meáin – tá sé corraitheach, suimiúil agus dúshlánach, agus is iomaí deis iontach a fuair mé thar na blianta – ach ní dhéanfainn é trí mheán an Bhéarla.

Anuas ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil, cabhraíonn na meáin Ghaeilge le cultúr agus pobal na teanga a neartú (rud atá dearfach don tír trí chéile), agus is aoibhinn liom bheith ag obair in éineacht leis na daoine iontacha atá i mbun na hoibre tábhachtaí seo. Ar ndóigh, tuigim nach bhfuil mil ar chuiseogach i ngach áit i gcomhthéacs na Gaeilge.

Tá a cuid croíthailte faoi bhrú.

Bíonn sé deacair ag Gaeil seirbhísí a fháil ina dteanga féin, go háirithe ó thuaidh.

Tá sciar áirithe den phobal fós agus dearcadh diúltach acu i leith na teanga.

Tá sé sin ar fad fíor.

Ach ag an am céanna is léir go bhfuil an teanga faoi bhláth úr aoibhinn i neart áiteanna ar fud na tíre agus níos faide i gcéin.

Tá deiseanna nua úsáide á gcruthú ag cainteoirí Gaeilge lá i ndiaidh lae (cluinim go bhfuil Ravelóid nua ag teacht).

Tá ceol úr á chumadh i nGaeilge agus tá daoine ag éisteacht leis.

De bharr an idirlín tá níos mó Gaeilge á scríobh agus á léamh inniu ná ag aon am riamh roimhe seo.

Tá sciar suntasach den phobal lán dóchais, dearfachta agus misnigh.

Amharcaim ar an Ghaeilge mar theanga chomhaimseartha fhuinniúil bheoga agus sin an taithí atá ag mo chairde agus ag mo chomhghleacaithe uirthi fosta.

Is cinnte go mbeidh obair leanúnach de dhíth i gcónaí chun go dtiocfaidh sí slán – chun go mbeidh cultúr agus sochaí níos fearr againn ar an taobh seo den chruinne mhór álainn – ach is ón sprioc chéanna sin a shíolraíonn cairdeas, grá, tuiscint, bród, meas, craic, paisean, saol.

Cad eile a bheadh uait?

foras logo daite (2)