Is rómhór acu a neamhspleáchas

Bhris Tony Gregory múnla na polaitíochta traidisiúnta agus táimid ar fad thíos leis.

Independent TD Tony Gregory
An Teachta Dála neamhspleách, Tony Gregory. Pictiúr: Pholtocall Ireland

‘Cé hé an Tony Gregory seo ar aon nós?’ a d’fhiafraigh an t-eagarthóir nuachta go cantalach díom.

‘An bhfuil seans ar bith ann go bhféadfadh sé tacaíocht a thabhairt d’Fhianna Fáil?’

Maidin Domhnaigh i 1982 a bhí ann. Bhí torthaí an olltoghcháin ar fad istigh; ní raibh idir Charlie Haughey agus móramh Dála ach vóta amháin. Ach cá bhfaighfeadh sé an vóta sin? Agus cérbh é TD neamhspleách nuathofa Bhaile Átha Cliath Láir?

Sall liomsa, tuairisceoir óg de chuid an Indo, mar sin go dtí Óstán Wynnes, ar an taobh eile de Shráid Uí Chonaill, go bhfeicfinn céard a bheadh le rá ag an bhfear é féin.

Ba sheanóstán cúlráideach é Wynnes ag an am; is túisce a chasfaí seansagart paróiste nó bean rialta ón tuath leat ann ná scaifte de lucht na heite clé ó lár na cathrach.

Ach, ar fáth éigin, is ansin a bhí cruinniú mullaigh ar siúl an mhaidin seo ag Gregory agus a lucht leanúna.

Ar ndóigh, ní raibh tuairim faoin spéir ag na meáin go raibh cruinniú eile tar éis a bheith ag Gregory níos luaithe an mhaidin sin – cruinniú príobháideach le Haughey.

Scoir an cruinniú. Ní raibh Gregory sásta labhairt leis an bpreas ar chor ar bith.

Ach bhí cloiste agam gur mhúinteoir i gColáiste Eoin é; dúirt mé liom féin go rachainn sa seans le ceist amháin eile… as Gaeilge.

‘An dtabharfaidh tú vóta do Charlie Haughey? a d’fhiafraigh mé dá dhroim agus é ag siúl amach an doras. Stop sé agus d’iompaigh sé thart. ‘B’fhéidir,’ a dúirt sé. Sin an méid.

Ach ba leor nod don eolach.

B’shin an chéad leid a fuair pobal na hÉireann go raibh ‘margadh Gregory’ déanta – margadh, ar nós an chinn a rinne Faust, leis an diabhal.

Bhí Haughey tar éis £80 milliún a ghealladh do dháilcheantar Gregory ar mhaithe lena chuid tacaíochta – in ainneoin go raibh an tír bancbhriste ag an am.

Bhí scúp agamsa. B’iontach an dea-scéal é do phobal lár na cathrach. Ach níorbh acmhainn dúinn mar náisiún airgead mar sin a chaitheamh.

Bhí múnla na polaitíochta traidisiúnta briste agus ré na neamhspleách tagtha – ré atá fós linn, rud a meabhraíodh dúinn nuair a fógraíodh toradh an dá fhothoghchán an tseachtain seo caite.

Agus, i mo thuairimse, táimid ar fad thíos leis.

Níl aon cheo agam go pearsanta i gcoinne Michael Fitzmaurice nó Paul Murphy. Ach ag tochras ar a gceirtlín féin a bhíonn neamhspleáigh i gcónaí. Is é a nádúr é.

Is é an t-aon pholasaí soiléir atá ag an mbeirt acu seo ná go gcuirfidís deireadh le táillí uisce; ar ndóigh, níl sé ráite ag ceachtar acu céard go díreach a chuirfidís ina n-áit.

Ó, agus ba mhaith le Fitzmaurice go mbeadh cead ag daoine barr móna a bhaint de phortaigh a bhfuil cosaint acu ón AE…

Tá sé an-éasca a leithéid a rá; scéal eile ar fad, ar ndóigh, polasaí dá leithéid a chur i gcrích.

Ach ní shin an rud is mó atá agamsa in aghaidh na neamhspleách. Go minic, má bhíonn an praghas i gceart, bíonn a gcuid vótaí le ceannach – mar a chonaic muid i gcás Gregory.

Níorbh é ba mheasa; is géar a theastaigh infheistíocht ó lár Bhaile Átha Cliath ag an am. Agus, mar a tharlaíonn sé, tugadh bata agus bóthar do Charlie sula bhfuair sé deis an t-airgead a chaitheamh.

Ach is go tiubh agus go tréan a tháinig na margaí suaracha ina dhiaidh sin. Agus, cé gur cinnte go bhfuil dáilcheantair áirithe níos fearr as, is cinnte freisin go bhfuilimid mar thír agus mar shochaí níos measa as dá bharr.

Sa bhliain 1997, gealladh athbhreithniú iomlán ar chóras craolacháin na tíre d’fhear Thír Chonaill, Tom Gildea, i ngeall nach raibh pobal a thoghcheantair ag iarraidh íoc as an gcóras neamhdhleathach ‘deflectors’ a bhí in úsáid acu féin.

Taca an ama chéanna, fuair Mildred Fox meánscoil nua agus ionad nua tréadliachta do Chill Mhantáin. Spré dheas, shílfeá!

Ansin, i 2007, díreach tar éis an olltoghcháin, rinne Bertie Ahern margaí pearsanta le Jackie Healy-Rae, Michael Lowry, Finian McGrath agus Beverley Flynn.

Is ina cheannáras pearsanta, St Luke’s, a rinneadh na margaí seo agus ní in oifigí Rialtais; dá bharr sin, níl aon chuntas oifigiúil againn ar a raibh geallta ag Bertie do na neamhspleáigh seo tráth a raibh an Tíogar Ceilteach i mbarr a réime. Níor mhaith liom é a shamhlú fiú.

I 2010, gealladh seachbhóthar €10 milliún le haghaidh Oileán Chiarraí do Jackie Healy-Rae. Gealladh dó freisin nach ndúnfaí aonad timpistí agus éigeandála Ospidéal Ginearálta Chiarraí, in ainneoin go raibh a leithéid molta i dtuarascáil ar chaith Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte €280,000 air.

An bhliain dár gcionn, agus an tóin ag titim as an ngeilleagar, bhí Brian Cowen ar an ealaíon chéanna – ag gearradh siar ar chaiteachas an Rialtais nóiméad amháin agus, an chéad nóiméad eile, ag casadh le Jackie Healy-Rae agus a mhac Michael chun ‘projects for south and west Kerry for 2010’ a phlé.

Anois, nílim ag rá go ndéanfadh Michael Fitzmaurice nó Paul Murphy a leithéid.

Ach, má fhéachann tú ar an scéal ina iomláine, agus ag cursan áireamh teachtaí a d’éirigh as nó a caitheadh amach as ceann de na páirtithe móra, tá 28 TD neamhspleách sa Dáil anois – naonúr níos mó ná mar a bhí ann tar éis Olltoghchán 2011 agus an líon is mó a bhí ann riamh.

Is cinnte anois go mbeidh an méid céanna nó níos mó sa chéad Dáil eile. Gan fiacail a chur ann, ní dócha go bhfuil sé seo sláintiúil.

Ní fhéadfadh an Rialtas seo na dianpholasaithe atá curtha i bhfeidhm acu le trí bliana anuas – ciorruithe airgid agus arduithe cánach nár thaithin linn ach a theastaigh go géar uainn mar náisiún – a chur i bhfeidhm murach go raibh móramh mór acu.

Ach is gearr go dtiocfaidh an lá – tar éis an chéad olltoghcháin eile, seans – nach mbeidh móramh mar sin ag an rialtas agus go mbeidh taoiseach eile ag brath ar vótaí na neamhspleách arís.

Agus ná habraigí liom nach mbeadh, ar a laghad, duine amháin acu sásta margadh a dhéanamh leis; ní ar mhaithe leis an náisiún ach ar mhaithe lena dháilcheantar féin nó fiú ar mhaithe leis féin go pearsanta.

Margadh, ar nós an chinn a rinne Tony Gregory 32 bliain ó shin leis an diabhal. Agus tá a fhios againn céard a tharla dó siúd!

Is colúnaí leis an Irish Daily Mail é Paul Drury.

Fág freagra ar 'Is rómhór acu a neamhspleáchas'