‘Is ríléir go bhfuil ganntanas cainteoirí líofa Gaeilge ar fud na státseirbhíse’

Ceist na Gaeilge sa státseirbhís le plé i dTithe an Oireachtais inniu ag cruinniú de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán

‘Is ríléir go bhfuil ganntanas cainteoirí líofa Gaeilge ar fud na státseirbhíse’

Catherine Connolly

Tá ceist na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta sa státseirbhís le plé inniu ag cruinniú de Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

Beidh an eagraíocht Gaelchultúr, a chuireann ranganna agus acmhainní foghlama Gaeilge ar fáil, os comhair an choiste Oireachtais chun plé a dhéanamh  ar  “na seirbhísí, na scileanna, an oiliúint agus na háiseanna is gá chun a chinntiú go dtabharfaidh an Státseirbhís seirbhís iomlán sa dá theanga oifigiúla don phobal, do chustaiméirí agus d’fhostaithe”.

Ag labhairt di roimh chruinniú an lae inniu, dúirt cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur “ríléir go bhfuil ganntanas cainteoirí Gaeilge líofa ar fud na ranna Rialtais agus in oifigí Rialtais eile ar féidir leo plé leis an bpobal sa phríomhtheanga oifigiúil”.

Ó 2005 i leith, tá ranganna sa Ghaeilge á soláthar ag Gaelchultúr do chomhlachtaí san earnáil phoiblí chun cuidiú leo a n-oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, a chomhlíonadh.

Dúirt Catherine Connolly go raibh súil aici go gcabhródh cruinniú an lae inniu leis an gcoiste Oireachtais tuiscint a fháil ar a bhfuil le déanamh chun go mbeadh ar chumas na státseirbhíse forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a chomhlíonadh “go huile agus go hiomlán” agus “freastal ar an éileamh, atá ag dul i méid i gcónaí, ar sheirbhís dhátheangach bharántúil”.

De réir anailís a rinne Tuairisc.ie anuraidh, as an 18,775 post státseirbhíse a bhí i 15 roinn Rialtais, ní raibh ach 15 post aitheanta mar phoist a raibh líofacht sa Ghaeilge ag teastáil lena n-aghaidh.