‘Is ríléir faoin tráth seo gur gréasán daoine atá á fhiosrú againn’ – Príomh-Chonstábla Phóilíní Mhanchain

Tá cúigear fear tógtha ag na póilíní i dtaca leis an ionsaí sceimhlitheoireachta i Manchain Dé Luain inar maraíodh 22 duine agus inar gortaíodh 64 duine eile

‘Is ríléir faoin tráth seo gur gréasán daoine atá á fhiosrú againn’ – Príomh-Chonstábla Phóilíní Mhanchain

Salman Abedi

Tá ráite Príomh-Chonstábla Phóilíní Mhanchain Ian Hopkins gur “ríléir” faoin tráth seo gur “gréasán daoine” atá á fhiosrú i dtaca leis an ionsaí sceimhlitheoireachta i Manchain Dé Luain. Mar chuid den fhiosrúchán atá ar bun acu, tá cúigear fear tógtha ag na póilíní ó oíche Dé Luain.

Dúirt Rúnaí Baile na Breataine, Amber Rudd, níos túisce inniu gurb é is dóichí nach raibh buamadóir an Manchester Arena ag gníomhú as féin agus go raibh cabhair ó dhaoine eile aige, dar le Rúnaí Baile na Breataine, Amber Rudd.

“Bhí sé níos sofaisticiúla ná cuid de na hionsaithe eile atá feicthe cheana againn, agus tá gach cuma ar an scéal – is é is dóichí – nach as a stuaim féin a rinne sé é,” a dúirt Rudd..

Tá an leibhéal baoil is airde maidir leis an sceimhlitheoireacht curtha i bhfeidhm anois sa Ríocht Aontaithe, rud a fhágann go meastar go bhféadfadh go mbeadh ionsaí eile ann agus go mbeidh an t-arm amuigh ar na sráideanna agus láithreacha poiblí áirithe á gcosaint acu.

Deir na póilíní go bhfuil amhras ann gurbh é Salman Abedi,  fear 22 bliain d’aois, an buamadóir féinmharaithe a phléasc an buama san ionsaí sceimhlitheoireachta ar an Manchester Arena oíche Dé Luain inar maraíodh 22 duine agus inar gortaíodh 64 duine eile. Gabhadh deartháir le Abedi, Ismael, inné.

Rugadh i Manchain Salman Abedi agus de bhunadh na Libia a mhuintir.

Dúirt póilíní Mhanchain inné gurb é an rud ba phráinní anois ná a fháil amach an as féin a bhí an buamadóir ag gníomhú nó an raibh cabhair ó dhaoine eile aige.

Maraíodh ar a laghad 22 duine agus gortaíodh 64 duine eile nuair a pléascadh buama i ndiaidh ceolchoirm sa Manchester Arena i Manchain Shasana aréir.

Tá cuid mhaith de na mairbh ainmnithe anois, ina measc Saffie Rose Roussos, cailín ocht mbliana d’aois.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Theresa May nach raibh “aon amhras ar chor ar bith” anois ach gur ionsaí sceimhlitheoireachta “uafásach, déistineach” a bhí ann.

Tá na póilíní ag caitheamh leis an eachtra mar ionsaí sceimhlitheoireachta agus tuairiscítear gur buamadóir féinmharaithe a phléasc an buama a rinneadh sa bhaile i bhforhalla an ionaid siamsaíochta ag 10.33 aréir.

Tá an t-ionsaí ar an ionsaí sceimhlitheoireachta is measa sa Ríocht Aontaithe ón ionsaí ar an 7 Iúil 2005 inar mharaigh ceathrar buamadóirí féinmharaithe 52 duine, iad féin san áireamh, i Londain.

Tharla an pléascadh agus daoine ag fágáil na ceolchoirme de chuid Ariane Grande, amhránaí as Meiriceá a dúirt go raibh sí féin trína chéile faoin eachtra.

Cuireadh fios ar na póilíní ag timpeall 10.35pm Dé Luain agus tuairiscítear gur tharla an pléascadh san fhorhalla díreach lasmuigh den ionad siamsaíochta féin, an t-ionad siamsaíochta faoi dhíon is mó sa chathair agus slí ann do 21,000 duine

Chuir fear óg amháin, Joe Gregory, a bhí ag fanacht ar a chara lasmuigh den ionad, físeán amach ar na meáin shóisialta Dé Luain a bhfuil an dealramh ar radharc ann gur radharc den bhuama á phléascadh atá ann.

Idir an dá linn, tá an feachtas toghchánaíochta do thoghchán Westminster, a bheidh ar siúl ar an 8 Meitheamh, curtha ar fionraí. Cuirfear tús arís leis an bhfeachtasaíocht olltoghcháin amárach.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Theresa May:

“All acts of terrorism are cowardly attacks on innocent people, but this attack stands out for its appalling, sickening cowardice, deliberately targeting innocent, defenceless children and young people who should have been enjoying one of the most memorable nights of their lives.”

Dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump gur “evil losers” ba chúis leis an ionsaí.

Dúirt an Taoiseach Enda Kenny gur ionsaí “brúidiúil” a bhí ann ar an “sonas agus ar an tsoineantacht”. Bhí ceangal láidir ag an tír seo le Manchain agus thacófaí le muintir na cathrach sin “ar pé bealach is féidir”, a dúirt sé.

Scaip Roinn Gnóthaí Eachtracha na tíre seo sonraí teagmhála ambasáid na hÉireann i Londain ar Twitter ar mhaithe le haon duine a bheadh buartha faoi shaoránaigh Éireannacha atá i Manchain.

Fág freagra ar '‘Is ríléir faoin tráth seo gur gréasán daoine atá á fhiosrú againn’ – Príomh-Chonstábla Phóilíní Mhanchain'