Is náireach mar a caitheadh le Pat Hickey…

Tá gach duine i dteideal na dínite is cuma cad atá déanta aige nó curtha ina leith

Is náireach mar a caitheadh le Pat Hickey…

Níl aon ghaol agamsa le Pat Hickey ná ní i gcónaí a bheinn ar aon fhocal lena chuid tuairimí. Bíodh sin mar atá, tá gach duine i dteideal na dínite.

Teacht i dtír ar an ngné is dorcha d’fhiosracht nádúrtha an duine – a chuid voyeurism – a rinne póilíní Rio nuair a thoiligh siad ceadú do chriú ceamaraí gabháil Pat Hickey a thaifeadadh.

Is fada daoine in amhras faoin gcumhacht as cuimse atá ag Hickey laistigh den OCI agus is iomaí duine a bheadh in éad leis toisc a oiread ratha a bheith air ina ghairm bheatha – in Éirinn agus thar lear. Ba dheacair gan a chreidiúint nach raibh a náiriú poiblí ar cheann de na cuspóirí a bhain lena ghabháil a thaifeadadh le go bhféadfaí seó bóthair a dhéanamh de os comhair an tsaoil mhóir. B’fhurasta an méid sin a bhaint amach in aimsir seo na meán ‘sóisialta’.

Tá sé curtha rompu ag lucht bunaithe an Stáit seo ‘uaisleacht’ agus ‘saoirse’ an uile dhuine a chosaint (Brollach Bhunreacht na hÉireann). Is ionann ‘uaisleacht’ sa sliocht sin agus ‘dínit’, cibé duáilcí nó suáilcí a bhaineann le duine.

In Airteagal 29 (‘Caidreamh Idirnáisiúnta’) den Bhunreacht, deirtear go ndearbhaíonn Éire ‘gur mian léi síocháin agus comhar…a bheith ar bun idir náisiúin an domhain’, rud atá ‘de réir an chothroim…agus na moráltachta idirnáisiúnta’.

Cuid lárnach den chothrom is den mhoráltacht sin – i ngearr is i bhfad – is ea cosaint na dínite, ‘de bhrí gur dúshraith na saoirse, na córa agus na síochána ar domhan’ í, mar aon le ‘comhchearta doshannta an uile dhuine sa teaghlach daonna’ (Brollach Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine).

Deirtear linn in Airteagal 1 den cháipéis chéanna go saolaítear an uile dhuine saor agus gurb ionann cách ‘ó thaobh na dínite agus na gceart’ de. Deirtear freisin go bhfuil gach éinne i dteideal cearta eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha ‘is éigeantach dá dhínit’ (Airteagal 22).

Maidir leis an luach saothair (i.e. pá) a thugtar do gach duine as ucht a chuid oibre, is é an bunús atá leis an gceart sin ná go mbeadh ar chumas an duine sin saol a mhaireachtáil atá ‘sách maith dó ar bhonn dínite’ (Airteagal 23, alt 3).

Is léir gur cuid lárnach de bhunchearta an duine cosaint a dhínite agus go sáraítear an ceart sin nuair a dhéantar díobháil dá dhínit trí é a náiriú go poiblí, faoi mar a tharla do Pat Hickey.

Agus an t-alt seo á scríobh, níl aon fhianaise choincréiteach tagtha chun solais maidir leis an méid atá curtha i leith Hickey. Fiú má thagann, is náireach mar a caitheadh leis. Dar liom gurb ionann é agus sárú ar fhorálacha an Dearbhaithe Uilechoitinn ar Chearta an Duine.

Neosfaidh an aimsir cén chríoch a bheidh ar an scéal seo. Idir an dá linn, meas tú an gcloisfear gíog as polaiteoirí Dháil Éireann faoin ngné seo den  scéal i mbliain chomórtha seo an Éirí Amach ar bhonn cearta daonna?