Is mó vótaí a mheallfadh caipín Mhichael Healy-Rae ná páirtí ‘Gaeilge’…

Bhí díospóireacht ar bun le déanaí faoi páirtí polaitiúil dár gcuid féin a bhunú dos na Gaeil, ach ní éireodh leana leithéid

29/6/2011 Michael Healy Rae Phone Scandals
Caipín Michael Healy Rae. Pictiúr: Photocall Ireland

 

Dá mba thráchtaire caide seachas tráchtaire polaitiúil é Eoin Ó Murchú, déarfaí gur ag hopping a ball a bhí sé an tseachtain seo caite nuair a chuir sé ceist ar an gcóras giolcaireachta fén bhfhiúntas a bhainfeadh le páirtí polaitiúil dár gcuid féin a bhunú dos na Gaeil.

B’fhiú an chaid áirithe seo a phreabadh agus b’fhiú an cheist a chur – doras feasa fiafraí.

Lean plé breá ar feadh tamall de laethanta, agus tuairimí éagsúla á nochtadh. Go deimhin, i rith na Nollag ar fad, bhí ana-phlé ar Twitter fé ghnéithe éagsúla de shaol na Gaelainne agus na Gaeltachta, agus rith sé liom gur ar na meáin shóisialta atá an plé is leithne fé na ceisteanna seo seachas istigh sna hallaí pobail agus lasmuigh de na séipéil, fé mar a bhíodh tráth.

Ní aontaím féin le tuairim Eoin.

Gan dabht, is mó go mór an taithí atá ag Eoin ar shaol na polaitíochta ná mar atá agamsa, ach ní dóigh liom go bhféadfaí ‘An Páirtí Gaelach’ a chur ar a bhonnaibh chuige.

Téarma ana-leathan is ea ‘Gaelach’, agus mar atá fhios ag an saol Fódlach, is mó saghas ainmhí ar a mbíonn an caipín áirithe úd. Dar liom, bheadh sé dodhéanta iad ar fad a chur isteach i mbosca polaitiúil amháin.

Tóg na polaiteoirí ‘Gaelacha’ atá ar bhord bád na Dála fé láthair mar chás (agus úsáidim an téarma ‘Gaelach’ anseo sa chiall is bunúsaí, i.e iad siúd le Gaelainn).

Ládáil éisc ana-éagsúil atá iontu. I mbosca amháin, ar a bhfuil ‘FG Éisc Teo.’, scríofa tá na héisc is mó le rá, iad beag beann ar na héiscíní beaga agus ar na léasáin lice atá á gcothabháil.

Greamaithe go dlúth den mbosca áirithe seo tá Bairnigh Oibre, a bhí siúráilte glan deimhnitheach go mbeidís in ann smacht a choimeád ar an mbosca éisc, ach atá ag fáil bháis den ocras anois.

Portáin atá i mbosca ‘FF Éisc Teo.’, agus é de mhianach iontu siúd a bheith ag iarraidh greim a fháil ar gach rud agus é a tharrac isteach chucu féin.

Bíonn ana-thóir ag lucht rachmais ar an spéiceas áirithe seo, cé nach bhfuil oiread éilimh orthu is a bhíodh tamall. Ón dtaobh céanna den ndeic tá bosca ‘SF Éisc Teo.’, agus an tIasc Féasógach in uachtar, cé go ndeir nach raibh sé riamh san uisce.

Taobh leis an mbosca sin tá bosca gan ainm, gach saghas éisc ann agus iad ar fad ag tochas a gceirtlín féin, rudaí ar leith ag dó na geirbe acu.

Dá gcuirfí bosca nua ar fáil agus na héisc Gaelacha ar fad a chur inti, bheadh cuid den iasc d’iarraidh bheith ón dtaobh chlé den mbád, cuid eile acu ón dtaobh dheas, cuid acu dírithe ar bhord na n-uasal agus cuid eile dírithe ar an dteirce a choimeád ós na bochtáin.

Níl de chosúlacht eatarthu ach gur éisc Ghaelacha iad agus ní fhéadfaí iad a choimeád inti. Bheadh sé níos éasca scata eascainne smeartha le vaseline a choimeád in aon bhosca amháin ná na polaiteoirí seo a choimeád ar aon ghuth.

Bheadh sé mar phríomhchuspóir ag an bpáirtí seo an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn. Ach arís, tá an t-iliomad tuairimí ann ar an tslí is fearr chun déanamh amhlaidh.

An mbeadh an páirtí dírithe ar ‘chearta’ teanga agus ar stádas oifigiúil? Dá mbeadh, ana-sheans ná beadh seo mealltach do riar mór lucht vótála, ana-chuid de mhuintir na Gaeltachta ina measc.

Dá mbeadh sé dírithe ar shlánú na Gaeltachta, is beag seans go dtacódh daoine ó phobail eile leo, ós rud é ná beadh an leibhéal céanna tacaíochta á fháil ag a bpobail féin ón bpáirtí.

Chaithfeadh toil, agus vótaí dá réir, a fháil ón bpobal chun go mbeadh aon rath ar an bpáirtí nua seo. Ceann de na fadhbanna is mó atá leis an bplean seo ná go bhfuil pobal na nGael róshuarach agus róscaipthe. Cá dtoghfaí iarrthóirí an pháirtí nua?

I gcás mo cheantair féin, Co. Chiarraí, níl ach tuairim agus 3,000 duine anso a labhrann an Ghaelainn. Dá dtabharfadh gach aon duine acu siúd vóta d’iarrthóir Gaelach sa toghchán, sa tríú háit deireanach a thiocfadh sé/sí.

Ní bheadh mar fheidhm leis ach mar vóta agóide, agus ní bheadh ann ach sop in áit na scuaibe. Mheallfadh caipín Mhichael Healy-Rae níos mó vótaí.

Más ag lorg togra fiúntach atáimid, tá a leithéid molta ar Twitter le déanaí chomh maith, moladh a d’ eascair as an sárchlár a craoladh ar TG4 ar an 30 Nollaig, An Mar a Chéile Muid.

Is é sin go gcuirfí údarás áitiúil ar a sheasamh don nGaeltacht a bheadh ar aon dul leis na Comhairlí Contae. Ní fo-oifigí de na Comhairlí Conte, agus ní fo-oifig den IDA, ach údarás áitiúil daonlathach a bheadh freagrach as, agus ag friotháilt air, na pobail Ghaeltachta.

Seanéileamh é seo a théann siar go dtí gluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta, ach is dóigh liom go bhfuil sé níos tábhachtaí anois ná ariamh. Dá gcuirfí a leithéid ar bun, le hionadaithe tofa áitiúla, thabharfadh sé stádas don nGaeltacht mar aonad ar leith, agus stádas dár dteanga dá réir.

D’fhéadfaí an aidhm seo a bhaint amach ach an toil a bheith ann – ní rófhada ó shin a bunaíodh Comhairle ‘Contae’ Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin.

Bhris an scéal i rith na seachtaine seo go raibh Óstán Radharc na Mara i nGaoth Dobhair le dúnadh, sin i bpobal ina raibh ceithre cinn d’óstáin agus dhá chlub oíche tráth.

Bhí plé leanúnach ar an gceist seo ar Raidió na Gaeltachta, agus i measc an olagóin agus an mhaoithneachais fé oícheanta ragairní agus spraíonna óil a bhíodh ann tamall, bhí ísle brí agus síogú spiorad an phobail le braistint go mór.

Buille in éis buille a bhí anseo, agus tá an Ghaeltacht á fágaint in umar na haimléise agus is beag dóchas do todhchaí na Gaeltachta atá le feiscint.

Níl puinn sa Ghaeltacht a choimeádfadh lucht oibre nó a mheallfadh daoine chun clann a thógaint inti, agus an baol ann ná beidh sa Ghaeltacht ach saghas Trabolgan do phinsinéirí Sasanacha agus do lucht rachmais ó Bhleá Cliath agus Corcaigh.

Ar cheann de na cúiseanna a thug úinéir an óstáin dá chinneadh an t-óstán a dhúnadh, bhí na rátaí €65,000 sa bhliain a bhíodh á n-íoc aige, rátaí a bhí níos airde, a deir sé, i nGaoth Dobhair ná mar atá istigh i mbaile Leitir Ceanainn.

Gearán é sin atá coitianta thíos anseo chomh maith; is gnónna séasúracha turasóireachta ana-chuid de ghnónna na Gaeltachta, i gcomparáid le gnónna i mbailte móra ar nós Trá Lí, Cill Airne nó Leitir Ceanainn a bhíonn ábalta ar fanacht oscailte ó cheann ceann na bliana.

Ba cheart rátaí séasúracha gnó a bheith á n-íoc acu seachas rátaí bliana.

Dá mbeadh comhairle contae ar leith againn sa Ghaeltacht, seans go mbeadh tuiscint níb fhearr acu ar an ngné seo, agus ar ghnéithe eile, de shaol na Gaeltachta agus go mbeidís in ann fuineadh de réir na mine, is ansan a bheadh slánú na teanga, seachas i bPáirtí Gaelach.

Fág freagra ar 'Is mó vótaí a mheallfadh caipín Mhichael Healy-Rae ná páirtí ‘Gaeilge’…'

  • Darragh Ó Náraigh

    Cad é an Ghaeilge ar “defeatism”?

  • Concubhar Ó Liatháin

    Bhuel, a Dharren, téir agus bunaigh páirtí más mar sin a cheapann tú. An rud is mó a bhí le sonrú in alt Eoin ná go raibh sé ag iarraidh ar dhaoine eile dul i mbun na h-oibre páirtí a bhunú. Is é sin an scéal le na Gaeil i gcónaí, bímíd ag fánacht ar dhuine eile nach bhfuil sa seomra an obair ar cheart dúinn a dhéanamh sinn féin a dhéanamh. Sin ‘defeatism’ ceart….