‘Is mise Gaeilge fosta’ — díospóireacht i nGaeilge idir láithreoir UTV agus seanadóir de chuid Shinn Féin

Bhí Paul Clark ag tuairisciú ar imeachtaí reisimintí Éireannacha Arm na Breataine nuair a thosaigh díospóireacht i nGaeilge le Niall Ó Donnghaile as Béal Feirste

‘Is mise Gaeilge fosta’ — díospóireacht i nGaeilge idir láithreoir UTV agus seanadóir de chuid Shinn Féin

Paul Clark agus Niall Ó Donnghaile.

Chuaigh léitheoir nuachta de chuid UTV i mbun díospóireachta, i nGaeilge, leis an Seanadóir Niall Ó Donnghaile ar Twitter faoi cheist na nÉireannach a théann isteach in Arm na Breataine.

Bhí an craoltóir aitheanta Paul Clark ag tuairisciú ar imeachtaí an 38ú Briogáid agus Reisimint Ríoga na hÉireann in Afganastáin mar chuid de shraith ar an gclár UTV Live.

“Day two of my reports from Afghanistan. How do our soldiers stay sharp? Join me on UTV News at 6…” a scríobh Clark ar a leathanach Twitter.

Roinn Ó Donnghaile, ar Seanadóir de chuid Shinn Féin é, an giolc agus dúirt nach ar a shon a bhí an craoltóir teilifíse ag labhairt nuair a d’úsáid sé an focal “ár” le cur síos ar shaighdiúirí de chuid Arm na Breataine.

“Is mise Gaeilge fosta [sic], you know,” a d’fhreagair Clark.

Lean an díospóireacht ar aghaidh idir an bheirt nó gur tháinig críoch léi nuair a thug Clark cuireadh chun tae i mbialann Thithe an Oireachtais i mBaile Átha Cliath do Ó Donnghaile.

Tá Clark ag craoladh ar sheirbhísí teilifíse an Tuaiscirt le os cionn ceathracha bliain agus tá ráite aige cheana gur féiniúlacht Éireannach agus Bhriotanach atá aige, agus go dtaitníonn leis a bheith ag Gaeilgeoireacht agus é ar saoire i nGaeltacht Thír Chonaill.

Dúirt urlabhraí de chuid an stáisiúin UTV leis an nuachtán Belfast Telegraph go raibh “díospóireacht stuama” ag a láithreoir leis an bpolaiteoir ar Twitter agus gur “dea-chríoch” a bhí ar an scéal.

Fág freagra ar '‘Is mise Gaeilge fosta’ — díospóireacht i nGaeilge idir láithreoir UTV agus seanadóir de chuid Shinn Féin'