Is lúthchleasaí mé – tabhair dom gloine Jameson’s agus slán leis an bhfearbhrollach!

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Faraor, is iomaí comhairle agus droch-chomhairle a thugtar don tSaighdiúir bhocht agus é ag iarraidh bheith fiteáilte

Is lúthchleasaí mé – tabhair dom gloine Jameson’s agus slán leis an bhfearbhrollach!

Is iomaí sin scéal a léann muid faoi lucht spóirt gairmiúil agus drugaí. Fadhb leanúnach atá ann. Mar sin féin, is minic a chuirtear cathú ar an laoch deireadh seachtaine, ar an lúthchleasaí amaitéarach, ar an daid drogallach, drugaí a thógáil fosta!

Agus mé sa ghiom, bhí duine de na fir mhóra – agus is é atá mór – ag tabhairt amach faoin rogha druga atá agam – fíon dearg. “Mún atá i bhfíon dearg,” ar seisean, “ní bheidh abs go deo agat má ólann tú fíon dearg. Tá sé lán siúcra.”

Abs? Agamsa? Há há há há!

Oiread chéanna le mórán daoine eile, téim chun an ghiom ionas go mbeinn in ann fíon dearg a ól. Tharla go raibh mé i gcuideachta scoil mhór scoláirí Gaeilge tamall de bhlianta ó shin agus scanraigh an chuideachta mé. Bhí siad uilig ar comhaois liom, a bheag nó a mhór, ach bhí maróg gach duine cothaithe ag Guinness le fada, fada an lá. Bhí sé cosúil le bheith i do sheasamh i lár Weebles who wobble but don’t fall down.

Mhionnaigh mé nach ngéillfinn don mharóg mhór Ghaelach. Chuige sin a théim chun an ghiom le go mbeinn in ann gloine nó dhó nó, bhuel, buidéal fíona, a ól ag an deireadh seachtaine. No fíon? No foicín meaisín reatha, mar sin!

Faraor, is iomaí comhairle agus droch-chomhairle a thugtar don tSaighdiúir bhocht agus é ag iarraidh bheith fiteáilte. Deir lucht tógála na meáchan nár cheart prátaí, pasta ná seacláid a ithe. Ní cuidiú ar bith iad le matáin mhóra fhearúla a thógáil. Deir lucht rothair, áfach, gur chóir dom prátaí, pasta agus seacláid a ithe nó is iad is fearr le tú a choinneáil ag dul ar an rothar.

Níl mé ag iarraidh matáin mhóra fhearúla, le bheith, bhuel, macánta. Ach bíonn na gasúraí sa ghiom ag iarraidh matáin mhóra fhearúla a thógáil agus is doiligh éalú orthu – na matáin, chan na gasúraí sa ghiom. Bhí comhrá an-bhríomhar sa ghiom faoi Arnie lá amháin, roinnt de na gasúraí den tuairim go raibh cuma iontach air in Commando agus roinnt eile den tuairim go raibh cuma níb fhearr air in Predator.

Bhuel, gabh mo leithscéal, ach níl mise ag iarraidh amharc cosúil le hArnie an lá is fearr, nó an lá is measa, é.

Cinnte, ba mhaith liom fáil réidh den fhrollach – an fearbhrollach agatsa – ach sin uilig. Níl mé ag staonadh de na prátaí. Is Éireannach mé. Caithfidh mé prátaí a ithe. Tá sé sa chonradh idir mé agus an tír bheag iathghlas seo. Níl mé ag staonadh den phasta. Is Éireannach sofaisticiúil mé. Ólaim fíon dearg!

Ach fan, an bhfuil sólás le fáil? Deir sé féin gur mún atá san fhíon dhearg ach tá cead agam – fan go fóill – tá cead agam Jameson’s a ól: “Níl an oiread sin siúcra in uisce beatha.”

Tá go maith. Chugam an Jameson’s agus tigh an diabhail le habs Arnie!

An bua sin

Is cosúil gur thóg sé 111 bliain ar Éirinn an Nua-Shéalainn a chloí sa rugbaí. Mór an tógáil chroí é sin do dhuine ar bith sa spórt. Fógraím, mar sin, go mbainfidh Aontroim an chraobh uile-Éireann san iomáint ar an bhliain seo chugainn. Is é an Lú a bhainfidh Sam – in éadan Mhaigh Woe. I ndiaidh cluiche athimeartha!