Is lú an priacal a bhaineann le heitilt ná tiomáint in ainneoin a mothaítear

Má mhothaíonn daoine, ainneoin na bhfíricí, gur sábháilte tiomáint ná eitilt, tharlódh go marófaí agus go ngoinfí níos mó daoine. Tá gá, mar sin, le hoideachas a chur ar an bpobal faoi conas priacal a mheas go stuama

1024px-Germanwings_A319_D-AILK

Nuair a tharlaíonn móreachtra fearacht tuairt eitleáin, baintear suaitheadh asainn ar fad. Líon mór daoine maraithe in aon eachtra gan choinne amháin. Tá sé nádúrtha an priacal a bhaineann le heitilt a athmheas dá barr, agus ó tharla go mbímid suaite, is deacair an priacal a mheas go cruinn beacht.

Tuigim, mar sin, don bhuairt a chuir Alex Hijmans in iúl ina alt ar Tuairisc.ie an tseachtain seo. Tá drochbhliain curtha isteach ag an tionscal eitleoireachta leis an dá thubaiste de chuid Aerlínte na Malaysia, agus anois tuairt Germanwings.

Ní mór a chur san áireamh, áfach, gur foréigean a bhí i gceist i gcás an dá thubaiste de chuid Aerlínte na Malaysia – rud atá sách neamhghnách – agus gurb amhlaidh gur píolóta a mharaigh é fhéin agus criú agus paisnéirí uile eitilt Germanwings.

Is fíor go mbíonn an céadta eitilt gach lá san Eoraip agus gur fíorannamh a bhíonn tionóisc. Ní raibh tionóisc a thug bás daoine ag Lufthansa le fiche bliain; ní raibh a leithéid ag Germanwings riamh roimhe seo.

Tá dhá ghné ag baint le priacal a mheas – is gá an dóchúlacht a chur san áireamh chomh maith leis na hiarmhairtí. Bíonn na hiarmhairtí a bhaineann le tuairt eitleáin uafásach – 150 duine marbh sa chás seo – ach tá an dóchúlacht go dtarlódh a leithéid fíoríseal.

Mar chodarsnacht, maraítear 150 ar bhóithre na Gearmáine gach coicís.

Mar thoradh ar uafás 9/11 i SAM, chrom daoine, de bharr an phriacail a mhothaigh siad, ar dhul i muinín an chairr níos mó. An toradh a bhí air sin ná gur maraíodh dhá mhíle duine níos mó ar bhóithre SAM an bhliain ina dhiaidh sin ná mar a bheifí ag súil leis. Tá imní sa Ghearmáin go mbeidh an scéal amhlaidh de bharr na tuairte seo, toisc go bhfuil nós na tiomána láidir cheana féin acu.

Má mhothaíonn daoine, ainneoin na bhfíricí, gur sábháilte tiomáint ná eitilt, tharlódh go marófaí agus go ngoinfí níos mó daoine daoine.

Tá gá, mar sin, le hoideachas a chur ar an bpobal faoi conas priacal a mheas go stuama; ach is gá a chur san áireamh freisin gur treise go minic mothúcháin ná éirim aigne.

Fág freagra ar 'Is lú an priacal a bhaineann le heitilt ná tiomáint in ainneoin a mothaítear'