Is leor focal amháin mar chur síos ar ár bhfaillí ó dódh deichniúr chun báis i gCarraig Mhaighin – náire

Cuir gach cúis, leithscéal agus míniú i leataobh. Go dtí go mbeidh dídean sábháilte ag an lucht siúil i ngach áit sa tír (agus ní ar pháláis atáimid ag caint), ba chóir go mbeadh náire orainn

14/10/2015 Flowers lay outside the Carrickmines halting site where a fire claimed the lives of 10 people, including five children, as residents of Rockville Drive block access to a site earmarked for the survivors, accommodating the 15 adults and children until a permanent dwelling is ready. The Rockville Road residents wait for news from the meeting of officials from Dun Laoghaire-Rathdown County Council and residents living near a site earmarked for survivors of the Carrickmines fire as a large digger sits parked down the road. Photo: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Rinne Enda Kenny comhbhrón gan mhoill le gaolta na marbh. Thug sé cuairt an lá dar gcionn ar ionad ‘sealadach’ an lucht siúil i gCarraig Mhaighin, áit ar cailleadh deichniúr ar an 10 Deireadh Fómhair.

D’ordaigh sé go gcuirfí an trídhathach ar leathchrann ar fhoirgnimh phoiblí le linn shochraidí na marbh. Chuir an Taoiseach comhbhrón láidir in iúl ar ár son, mar sin, díreach i ndiaidh na tubaiste.

Níor theastaigh ach gníomh amháin eile: dídean sa cheantar inar bhásaigh an deichniúr a chur ar fáil gan mhoill don dream beag (15 duine) a tháinig slán. Gníomh a pléadh ach nár dearnadh.

Níl áit bhuan chónaithe aimsithe dóibh fós ag Comhairle Dhún Laoghaire agus Ráth an Dúin agus an colún seo á scríobh. Fógraíodh Déardaoin nach rachfaí chun cinn le hoscailt ionad ‘sealadach’ eile, mar a socraíodh i dtosach, mar gheall ar mhíshásamh na n-áitreabhóirí.

Is in ionad páirceála atá suite in aice le depot áitiúil na Comhairle a thairgfear suíomh do na teaghlaigh a tháinig slán. D’admhaigh an Chomhairle nach bhfuil an suíomh chomh hoiriúnach leis an ionad a roghnaigh siad i dtosach. Sampla: níl píopaí uisce ná séarachais sa charrchlós.

Ní tearc an taighde cuimsitheach a léiríonn an easpa tuisceana agus comhbhá idir lucht siúil agus an móramh ar fearr leo buanchónaí i ngnáth-thithe. Bhailigh an socheolaí Mícheál Mac Gréil lear mór fianaise faoin easpa tuisceana seo ar a ndearna sé cíoradh ina shárleabhar Prejudice and Tolerance in Ireland (1977) agus i saothair eile a foilsíodh ó shin.

B’fhearr lenár bhformhór de ghnáth, agus údar an cholúin seo ina measc, nach molfaí ionad don lucht siúil a oscailt in aice lenár dteach cónaithe, gan choinne ná réamhphlé – go háirithe dá ndéarfaí linn nach raibh ann ach ionad ‘sealadach’. Mar shampla, dúradh ocht mbliana ó shin gur ‘ionad sealadach’ a bhí á oscailt i gCarraig Mhaighin. Marach an dóiteáin coicís ó shin, bheadh an t-ionad sin fós ar oscailt.

Ach ní foláir cuimhneamh nach n-oireann na briathra ‘de ghnáth’ in aon chor don scéal seo. Níl aon chosúlacht idir cur (in aghaidh) agus cúiteamh ar feadh blianta a bhaineann le hionad nua a mholtar a oscailt, agus ionad a theastaíonn gan mhoill tar éis uafáis, mar a tharla i gCarraig Mhaighin. 

Tá 15 duine craite, cráite, uaigneach tar éis an dóiteáin. Teastaíonn comhbhrón, cabhair agus comhar na gcomharsan go géar uathu. Díreach mar a theastódh ó dhuine ar bith tar éis do scata mór dá ghaolta agus dá chairde dul in éag go tobann. 

Chuaigh Enda Kenny go Loch Garman Dé hAoine chun freastal ar phaidreoireacht i gcuimhne Thomas agus Sylvia Connors, agus a bpáistí Jim, Christy agus Mary. Ba chomhartha tábhachtach comhbhróin a theacht, ach ní leor é.

Faraor, ainneoin na mbriathra cineálta agus an léiriú aiféala, ceileadh cabhair éifeachtach ar mhuintir na marbh i gCarraig Mhaighin ar feadh coícíse, ar a laghad. Neamhshuim ó shin anuas ar neamhshuim roimh ré (ainneoin dhícheall fheidhmeannaigh Chomhairle Dhún Laoghaire).

Níor chaith údaráis áitiúla ar fud na tíre ach €282 milliún le deich mbliana anuas, a dúirt an t-Aire Stáit Paudie Coffey. Bhí sé ag cur síos ar airgead a cuireadh ar fáil chun ionaid chónaitheacha nua don lucht siúil a chur ar fáil, nó chun athchóiriú a dhéanamh ar ionaid eile.

Dúirt Coffey, dála an sceil, nár aontaigh sé leis an gcomhairleoir Josepha Madigan (a roghnaigh Fine Gael le gairid mar iarrthóir olltoghcháin i mBaile Átha Cliath Theas), a cháin caiteachas ar ionad nua amháin don lucht siúil anuraidh mar “a dreadful waste of taxpayers’ money”.

Tá faillí na bpolaiteoirí chomh soiléir le drogall an phobail. Tá an riachtanas agus an chontúirt soiléir freisin. Go dtí go mbeidh dídean sábháilte ag an lucht siúil i ngach áit sa tír (agus ní ar pháláis atáimid ag caint), ba chóir go mbeadh náire orainn.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidio a hAon

Fág freagra ar 'Is leor focal amháin mar chur síos ar ár bhfaillí ó dódh deichniúr chun báis i gCarraig Mhaighin – náire'