Is leor bunchéim Gaeilge le bheith cáilithe d’obair aistriúcháin an Stáit – An tAire Oideachais

Deir an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe nach gá séala creidiúnaithe Fhoras na Gaeilge a bheith ag duine chun go mbeadh glacadh ag an Stát leat mar aistritheoir cáilithe

Is leor bunchéim Gaeilge le bheith cáilithe d’obair aistriúcháin an Stáit – An tAire Oideachais

Is leor bunchéim sa Ghaeilge le bheith i d’aistritheoir Gaeilge incháilithe do chonarthaí stáit.

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Oideachais agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe nach gá séala creidiúnaithe Fhoras na Gaeilge a bheith ag duine chun go mbeadh glacadh ag an Stát leat mar aistritheoir cáilithe.

Lena chois sin, thug an tAire Oideachais Richard Bruton le fios gur leor bunchéim dara onóracha a raibh an Nua-Ghaeilge “mar chomhpháirt lárnach” di mar cháilíocht chun cur isteach ar chonradh aistriúcháin poiblí. Is iad an dá cháilíocht eile a cháileodh duine le cur isteach ar a leithéid de chonradh ná cáilíocht iarchéime in aistriúchán na Gaeilge agus séala creidiúnaithe an Fhorais.

Tugadh isteach córas creidiúnaithe Fhoras na Gaeilge chun a chinntiú go mbeadh ardchaighdeán aitheanta aistritheoirí ar fáil, agus glacann formhór aistritheoirí leis gur gá an séala a bheith acu chun obair a fháil sa chóras poiblí.

In 2014, ní mó ná sásta a bhí aistritheoirí a raibh séala an Fhorais nuair a iarradh orthu scrúdú athchreidiúnaithe a dhéanamh, rud nach ndearna a bhformhór.

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe, áfach, go gcuireann dlíthe maidir le soláthar poiblí cosc ar chritéir cháilíochta srianta a bheith mar chuid den chomórtas iomaíoch. “Dá bhrí sin, níl sé ceadaithe coinníoll go mbeadh creidiúnú Fhoras na Gaeilge bainte amach ag aistritheoirí mar chuid den chomórtas,” a dúirt an tAire Donohue.

Fógraíodh ar an 23 Lúnasa 2016 go bhfuil tairiscintí á lorg ó dhreamanna a bhfuil suim acu a bheith san áireamh d’obair aistriúcháin Gaeilge an Stáit. Tá go dtí an 5 Deireadh Fómhair chun iarratas a dhéanamh ar an bpróiseas tairisceana.

Bhí an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tAire Oideachais ag freagairt ceisteanna Dála ó urlabhraí Gaeilge Fhianna Fáil, an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

Fág freagra ar 'Is leor bunchéim Gaeilge le bheith cáilithe d’obair aistriúcháin an Stáit – An tAire Oideachais'

  • maidhc

    Nach ‘aistritheoir’ gach uile dhuine in éirinn (sic) a bhfuil cúpla focail (sic) acu !

  • Concubhar

    Dá mbeadh fiúntas san oideachas, nár cheart gur leor Ard Teist!

  • Muiris

    Bhain daoine a bhí in aon bhliain liom i mo chúrsa céime dara onóracha amach agus ní fhéadfaidís comhrá bunúsach a bheith acu le duine. Dhéarfainn nach aon dul thar fómhair a bheadh ann a rá go raibh Gaeilge scríofa agus labhartha níos cruinne agam i rang a 6 ar an mbunscoil ná a bhí ag roinnt daoine a ghnóthaigh céimeanna tríú leibhéil sa Ghaeilge. Ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil neart daoine ann nach bhfuil aon cháilíocht bhreise seachas bunchéim acu – agus a bheadh díreach chomh maith céanna mar aistritheoirí – ach ar ndóigh an fhadhb ná an easpa cinnteachta mar gheall ar an gcaighdeán atá sroichte acu. Tuilleadh den gcur chuige aineolach, amaideach, ón rialtas seo.