‘Is le fonn a thabharfaimid faoi Shasana’ a deir Zebo

Tar éis cailliúint in aghaidh na Sasanach ceithre huaire as a chéile, tá Simon Zebo ag iarraidh an scéal a chur ina cheart ach deir sé le Tuairisc.ie go bhfuil sé tábhachtach d’imreoirí na hÉireann bheith ábalta smacht a choinneáil orthu féin

 Simon Zebo 25/2/2015

Tá athrú amháin ar fhoireann Joe Schmidt a thabharfas aghaidh ar na sean-namhaid Sasana. Tiocfaidh Jordi Murphy isteach in áit Jamie Heaslip atá gortaithe. I measc na gcúlaithe, tá Simon Zebo atá ag dul i bhfeabhas i gcónaí.

Bhí Simon Zebo ag imirt iomána nuair a tharla an eachtra is gile aige mar chuimhne ar na cluichí idir Éirinn agus Sasana. D’imigh Shane Horgan ar ruathar síos cliathán deas i Twickenham agus Sasana 24-21 chun tosaigh gan ach dhá nóiméad le dul.

Bhí Ronan O’Gara, Simon Easterby, Johnny O’Connor agus Horgan ar an taobh deas dóibh, ach sheol Stringer an liathróid díreach chuig Horgan lena bhróg. Thug Horgan na cosa leis ó ghreamú Lewis Moody chun úd a ghnóthú sa chúinne agus chroch Éire leo an Choróin Triarach.

Mheabhraigh Zebo do lucht na meán nach bhfuil aon chluiche níos tábhachtaí ná a chéile agus nach ndéanann sé aon difear gurb iad na Sasanaigh atá á fhéachaint linn an babhta seo; is gá dúinn an bua a fháil, cuma cé acu foireann a bhfuilimid ag imirt ina haghaidh, a dúirt sé.

“Is cluiche fíorthábhachtach é gach cluiche sa chraobhchomórtas agus dá dtabharfadh muid tús áite do chluiche Shasana thar chluichí eile, bheadh muid thíos leis. Mura dtógann foireann gach cluiche ina gceann is ina gceann, fágfar taobh thiar de na foirne eile iad.

“Is é an cluiche seo an chéad chéim eile dúinn sa chomórtas seo agus is le fonn a thabharfaimid faoi agus is le chéile a dhéanfaidh muid é. Tuigeann muid go mbeidh orainn a bheith i mbarr ár maitheasa chun an bua a fháil ar na Sasanaigh.”

Tá foireann Shasana tar éis na ceithre chluiche dheireanacha idir na foirne seo a bhuachan. An uair dheiridh a ghnóthaigh Éire an bua ná sa chéad choimhlint san Aviva nua. Tá súil ag Zebo na cuimhní sin a chur ar neamhní an Domhnach seo.

Beidh taispeántas mór de dhíth agus nuair a thiocfaidh deireadh le comórtas na Sé Náisiún, ní bheidh ach cúpla pointe idir na foirne.

“Chun bheith macánta, is cluiche fíorthábhachtach é, a mbeidh impleachtaí móra aige. Ach is cluiche é dála aon chluiche eile de chuid an chraobhchomórtais. B’fhéidir go mbeadh sé difriúil do roinnt daoine eile, ach dom féin tá sé mar an gcéanna. Is cluiche mór eile é seo agus tá fhios againn an méid is gá dúinn a dhéanamh chun an bua a fháil.”

Ní mar a chéile aon dá chluiche agus tuigeann Éire go maith é sin, a deir an Corcaíoch.

“Chun an cluiche seo a bhuachtaint caithfidh muid a bheith ag brath romhainn agus ag feidhmiú dá réir. Má táimid chun é seo a bhuachtaint, ní haon tairbhe dúinn a bheith ag caitheamh na liathróide amach go dtí na cliatháin ar mhaithe len é sin a dhéanamh amháin. Caithfear fuine de réir na mine ag brath ar cad atá ós ár gcomhair amach agus bheith tomhaiste stuama inár gcur chuige. Má dhéanann muid é sin, bheifeá ag súil go ndéanfaimis an beart.”

Fág freagra ar '‘Is le fonn a thabharfaimid faoi Shasana’ a deir Zebo'