Is iontach an buaileam sciath, an tsiamsaíocht agus an tslaiseáil…

Tá ár léirmheastóir teilifíse ag baint súp as polaitíocht Mheiriceá agus gaoth i seolta na bhfeachtas olltoghchán

Is iontach an buaileam sciath, an tsiamsaíocht agus an tslaiseáil…

Tá deatach bainte agam as CNN le coicís anuas agus súp á bhaint agam as tionóil na nDaonlathach agus na bPoblachtánach. Aréir deineadh Hillary Clinton a chorónú mar iarrthóir na nDaonlathach; gníomh a chuir críoch le buaileam sciath agus slaiseáil na dtionól agus a chuir gaoth i seolta na bhfeachtas olltoghchán.

Is ait an mac na tionóil. Is féidir leo a bheith fiáin agus dothuartha ar uairibh. Gan amhras tá an chóiréagrafaíocht lárnach, díreach mar atá in Ard-Fheiseanna tura, patuara na hÉireann.

Is breá liom féin an buaileam sciath, an tsiamsaíocht agus an tslaiseáil. Tá dúil mhíchuíosach ag muintir na hÉireann i bpolaitíocht Mheiriceá agus ba léir sin ón gclúdach ag na meáin abhus. 

Níor sheó bóthair go tionól na bPoblachtánach é. Deineadh cluas mhuice d’óráid Melania Trump agus níor fearr ná sin, a taispeántas lena súil greamaithe den uathleideoir. Chuir Ted Cruz an lasair sa bharrach nuair a tháinig sé aniar aduaidh ar Trump lena easpa tacaíochta; leathshúil aige ar 2020 ní foláir.

Bhí ‘lock her up’ mar rosc catha ag cuid de theachtaí na bPoblachtánach agus ní róshásta a bhí cuid de na Daonlathaigh le Hillary ach an oiread.

‘Bernie, Bernie’ mar gháir acusan agus muc ar gach mala acu faoi na driseacha cosáin a cuireadh roimh a laoch.

Thug Sanders óráid mhóraigeanta uaidh ar an Luan nuair a thug sé tacaíocht iomlán dá iarchéile comhraic. Ba mhothúchánach an feic Larry Sanders agus vóta á chaitheamh dá dheartháir aige ar an Máirt. A dtuismitheoirí nach maireann á dtabhairt chun cuimhne agus deora i gceann a gcuid súl ag an mbeirt. Ba chuí agus ba mhacánta an buíochas agus an t-aitheantas a thug Hillary do Bhernie ar an Déardaoin. Do labhair Michelle Obama an oíche chéanna le Sanders agus moladh coitianta ar a hóráid dheisbhéalach inar tagraíodh don Teach Bán mar ‘a house that was built by slaves’, ráiteas a thiomáin na Coimeádaigh le craobhacha agus a tharraing díospóireacht agus dríodar cainte faoi ról na nÉireannach sa tógáil. Ní nach ionadh tharraing a taispeántas cumasach comparáidí mífhabhracha le Melania bhocht.

Bhíothas ag tnúth go mór le hóráid Bill Clinton ar an Máirt. An seanchat ar ais i mbun an chúraim is dual dó. B’éigean dó srian a chur air féin agus tabhairt faoi óráid a shamhlaítear de ghnáth leis an ‘First Lady in Waiting’.

‘In the spring of 1971, I met a girl,’ a dúirt an First Laddie in Waiting i dtosach na hóráide agus é leagtha mar chúram air éachtaint a thabhairt ar phearsantacht a mhná céile, bean a bhfuil col ag mórán léi agus an tuiscint choitianta ann go bhfuil sí mígheanúil.

Ar an gCéadaoin agus Déardaoin bhí an tUachtarán Obama ann le ceannaireacht na nDaonlathach (agus an Uachtaránacht féin?) a fhágaint le huacht aici.

Ag tús na hoíche aréir chualathas óráid shuimiúil ó Khizr Khan, athair a chaill a mhac, saighdiúir Moslamach in arm Mheiriceá, i gcomhrac san Iaráic. Thug sé fogha fíochmhar faoi Trump ag fógairt air turas a thabhairt ar Reilig Arlington mar a bhfuil saighdiúirí de gach cine agus creideamh curtha. D’fhógair sé nach féidir fadhbanna a réiteach trí fhallaí a thógaint. Buillí oird ar inneoin.

’Sí Chelsea Clinton a chuir a máthair i láthair an tslua, díreach mar a dhein iníon The Donald an tseachtain seo a d’imigh tharainn.

Labhair Hillary go deisbhéalach, tomhaiste, paiseanta agus bhréagnaigh sí an tuairim nach bhfuil lé aici leis an bhfeachtasaíocht.

Chaith sí cúpla slais le Donald agus lena mhaíomh siúd gur ‘I alone can fix it’. Ar nasc físe an oíche roimhe sin, dúirt sí go caithréimeach go raibh scoilt curtha sa tsíleáil ghloine. 

Thug sí fogha faoi lucht stocaireachta na ngunnaí á rá go raibh Trump faoi bhois an chait acu. Gheall sí nár theastaigh uaithi a ngunnaí a thógaint agus dúirt ‘I just don’t want you to be shot by someone who should not have a gun in the first place’.

Tá deireadh tagtha leis na tionóil ach is i dtosach na coimhlinte atáimid. Táim ag tnúth cheana féin leis na díospóireachtaí.

Fág freagra ar 'Is iontach an buaileam sciath, an tsiamsaíocht agus an tslaiseáil…'