Is ionann an Polasaí Oideachais Gaeltachta agus an ‘last chance saloon’ – Kyne

In agallamh le Biseach 2016, deir Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil an baol ann go dtiocfadh deireadh leis an nGaeltacht mura gcuirtear an polasaí i bhfeidhm

Is ionann an Polasaí Oideachais Gaeltachta agus an ‘last chance saloon’ – Kyne

Dar le hAire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne gurb ionann Polasaí Oideachais na Gaeltachta agus an ‘last chance saloon’ don Ghaeltacht.

In agallamh leis an iris Biseach 2016, dúirt an tAire Kyne go dtuigtear don Aire Oideachais Richard Bruton a thábhachtaí is atá an polasaí nua a seoladh an tseachtain seo caite, ach dúirt an tAire Gaeltachta “go mb’fhéidir” gur tábhachtaí fós ná sin an tuiscint atá ag “daoine sinsearacha” sa Roinn Oideachais ar a phráinní is atá an scéal.

“Ach mar a deirtear agus mar a dúirt ceann de na hardrúnaithe sa Roinn is ‘Last chance Saloon’ é seo. Más rud é nach ndéanann muid na rudaí seo, b’fhéidir go mbeidh deireadh leis an nGaeltacht mar atá agus sin an fáth ar ullmhaigh muid an plean seo agus caithfimid é a chur i bhfeidhm.

“Ach le chuile rud, teastaíonn airgead agus caithfimid an t-airgead sin a fháil,” a dúirt Kyne in agallamh a chuir Donncha Ó hÉallaithe air roimh sheoladh an pholasaí oideachais.

San agallamh céanna ar Biseach 2016, iris Chumann Forbartha Chois Fharraige, deir an tAire Stáit gurb iad na príomhspriocanna atá aige ná go ndéanfaí leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a shásódh daoine, go ndéanfaí dul chun cinn leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, go gcuirfí bailchríoch ar na pleananna teanga atá á n-ullmhú sa Ghaeltacht agus go n-aimseofaí maoiniú breise don phleanáil teanga agus d’Údarás na Gaeltachta.

Maidir le maoiniú a chur ar fáil don phleanáil teanga, d’fhéadfadh go mbeadh maoiniú éagsúil i gceist ó cheantar go ceantar, a dúirt Kyne.

“Mar shampla, sa gCeathrú Rua, tá áiseanna acu ansin ó thaobh na teanga de, ó thaobh an phobail de. B’fhéidir nach dteastódh an méid céanna [infheistíochta] ansin is a theastódh sa Spidéal, áit a bhfuil fadhbanna ó thaobh áiseanna pobail.”

Maidir le ceist theorainneacha na Gaeltachta, dúirt an tAire gurbh fhearr deis a thabhairt do cheantair Ghaeltachta laga iad féin a chruthú seachas iad a dhíbirt láithreach.

“Seachas dul amach agus na mapaí a athrú agus Maigh Cuilinn, nó Bearna nó Eanach Cuain, nó Baile an Chláir a chur amach as an nGaeltacht, thug muid seans do na pobail seo plean a chur le chéile, infheistíocht a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus má dhiúltaíonn siad, bhuel sin é. Beidh orthu imeacht as an nGaeltacht.”

Nuair a ceistíodh é faoi Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais, dúirt Kyne go gcaithfí féachaint ar an gceist áirithe sin i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, ach níor chuir sé a leithéid as an áireamh ar fad.

“Bhuel, caithfidh muid breathnú ar chuile rud. Tá daoine ag iarraidh scéim na mbóithre áise a thabhairt ar ais agus go mbeadh deontas le tithe a thógáil agus rudaí mar sin.

“Má chabhraíonn sé leis an Straitéis, chun an Straitéis a chur i bhfeidhm, caithfimid smaoineamh air, agus sin é mo thuairim phearsanta.”

Dúirt an tAire Stáit go raibh gá le hairgead breise don Údarás acu ach gur fadhb mhór í an bille pinsin atá le híoc ag an eagraíocht fiontraíochta.

“Is é an rud a theastaíonn ná breis airgid…tá fadhbanna ó thaobh an struchtúir chomh maith. Tá a lán daoine sinsearacha, a bheidh ag dul amach ar phinsean, agus tá a lán daoine ag fáil pinsin faoi láthair agus caithfimid an t-airgead sin a fháil ón mbuiséad.”

Cúrsaí buiséid is mó a bhí ag déanamh tinnis don Aire. Ba mhaith leis, ach na hacmhainní a bheith ar fáil dó, “breathnú ar bhreis airgid” a chur ar fáil do na mná tí a chuireann lóistín ar fáil do dhaltaí na gcoláistí samhraidh.

“Beidh mé in ann níos mó a dhéanamh le níos mó airgid,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta.

Tá iris Chumann Forbartha Chois Fharraige ar fáil anois.