Is ionann an DUP agus Sinn Féin agus an bhunaíocht anois

Níl creidiúint ar bith ag dul don DUP as an bpraiseach a rinne Theresa May dá feachtas toghcháin ach tá údar acu féin agus Sinn Féin a bheith caithréimeach

Is ionann an DUP agus Sinn Féin agus an bhunaíocht anois

Trí lá ó shin bhí daoine ag ceistiú fhadmharthanacht Arlene Foster mar cheannaire ar an DUP. Inniu, tá rialtas agus PríomhAire na Breataine ag brath uirthi agus ar an DUP. Gan dabht tá impleachtaí ag na torthaí seo do na cainteanna a bhí beartaithe do Stormont Dé Luain ach tá impleachtaí tábhachtacha eile ag baint leo freisin.

Níl creidiúint ar bith ag dul don DUP as an bpraiseach a rinne Theresa May dá feachtas toghcháin ach tá údar acu a bheith caithréimeach as an toradh is fearr ariamh acu in olltoghchán.

hamháin gur bhain an DUP dhá shuíochán sa bhreis, deich gcinn san iomlán as 18 agus níos mó ná aon trian de na vótaí ar fad, ach fuair siad forlámhas i gcathair Bhéal Feirste. Bhain siad trí as ceithre shuíochán i mBéal Feirste áit a rabhthas ag rá le blianta beaga anuas gur chathair ‘náisiúnach/poblachtach’ í anois. Chruthaigh siad chomh maith nár bhaol don mhóramh aontachtach i dTuaisceart Éireann. Anuas air sin thug drochthoradh na gCaomhach deis dóibh a bheith údarásach, agus cumha thábhachtach orthu in Westminster, cibé caoi a n-oibreoidh sé sin amach.

Bhí bua mór ag Sinn Féin freisin. Bhain siad trí shuíochán sa bhreis,seacht gcinn san iomlán. Tá siad diongbháilte nach nathróidh siad a bpolasaí neamhfhreastail ar Westminster ach deir siad go mbainfidh siad leas as an sainordú nua in aghaidh an Bhreatimeachta.

Is ionann an dá pháirtí mhóra sin an bhunaíocht anois: chaill an SDLP na trí shuíochán a bhí acu agus chaill an UUP an dá shuíochán a bhí acu siúd. Mór idir na haimsirí. Ba iad páirtithe an dá imeall iad Sinn Féin agus an DUP aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta. Anois tá an dá pháirtí a bhíodh i lár báire scriosta acu, an UUP agus an SDLP. Tá a gcuspóirí fadtéarmacha bainte amach acu – a chinntiú gurb iad araon an t-aon pháirtí amháin ag a bpobal féin: an DUP an t-aon ghrúpa ionadaíoch ar aontachtaithe agus Sinn Féin mar a chéile ar an taobh náisiúnach.

Chinntigh an dá pháirtí gur bunaíodh an vótáil Déardaoin ar choimhlint faoi cé aige a mbeadh an móramh; dhearbhaigh sé sin gur fágadh mionpháirtithe in áit na leathphingine agus gur brostaíodh an meath.

Is fiú na torthaí a scrúdú. Mhéadaigh an dá pháirtí a vóta go forleathan ach bhí rath ar leith orthu sna toghcheantair imeallacha.

Béal Feirste Thuaidh: Choinnigh Nigel Dodds DUP a shuíochán, le méadú 2,000 vóta cé go raibh laghdú ar an gcéatadán. Ina choinne mhéadaigh John Finucane vóta Shinn Féin os cionn 7%.

Béal Feirste Thoir: Choinnigh Gavin Robinson DUP a shuíochán le adú sa bhreis ar 4,000 vóta in aghaidh Naomi Long ceannaire Alliance a raibh titim ar a vóta.

Béal Feirste Theas: Bhain Emma Little Pengelly DUP an suíochán de Alasdair McDonnell SDLP. Mhéadaigh McDonnell a vóta ach rinne an DUP fás níos mó agus ceithre mhíle go leith vóta sa bhreis ar 2015 acu.

Aontroim Theas: Bhain Paul Girvan DUP an suíochán ó Danny Kinahan UUP. Arís eile, mhéadaigh an DUP a vóta go mór ó 2015, os cionn 5,500.

Bhain Sinn Féin na suíocháin sna trí thoghcheantair chinniúnacha eile

An Feabhal: Bhain Elisha McCallion SF an suíochán seo – dúnáras an SDLP de Mark Durkan le farasbarr 169 vóta – an comórtas ba ghéire díobh go léir. Chuir Sinn Féin os cionn 6,500 vóta lena stór a chuir ar neamhní an bhearna a bhí idir an dá pháirtí. SUÍOCHÁN BREISE

An Dún Theas: Bhain Chris Hazzard, Sinn Féin, an suíochán de Margaret Ritchie SDLP; mhéadaigh sé vóta a pháirtí go mór agus bhí farasbarr 2,446 aige. SUÍOCHÁN BREISE

Fear Manach/ Tír Eoghain Theas: Bhí an farasbarr ansin chomh híseal le 1 vóta seacht mbliana ó shin ach bhí farasbarr 875 ag Michelle Gildernew SF ar Tom Elliott UUP ( le tacaíocht na n-aontachtach uilig). Vótáil 75.8% de na toghthóirí, tinreamh atá inchurtha leis an leibhéal ard aimsir na stailceanna ocrais. SUÍOCHÁN BREISE

Fág freagra ar 'Is ionann an DUP agus Sinn Féin agus an bhunaíocht anois'