Is iomaí tuisle a bhaineann an focal ‘suntasach’ as scríbhneoirí

FRIOTAL: Tá méadú suntasach ar úsáid an fhocail ‘suntasach’, a deir ár gcolúnaí.

Antain image
LÉARÁID: Tuairisc.ie

 

Chuala sibh iomrá, gan dabht, ar ‘speicis ionracha’: plandaí agus ainmhithe a éiríonn chomh flúirseach sin go gcuireann siad speicis eile i mbaol. Tá a leithéid de rud ann agus ‘focail ionracha’ fosta, leaganacha a dtugann an svae leo sna meáin agus a dhéanann ionradh ar fhearann focail eile.

Focal deas neamhurchóideach is ea ‘suntasach’, cuir i gcás, ach níl a fhios agam nár mhiste a bheith níos spárálaí air. ‘Suntasach’ a bhíonn gach méadú ar phraghas tithe agus gach laghdú ar rátaí dífhostaíochta, in ainneoin slám focal eile a bheith againn a dhéanfadh an gnó: suaithinseach, sonraíoch, feiceálach, inspéise, ag brath ar an chomhthéacs. Ní hé an síor-athrá is measa, ach go bhfuil bríonna tar éis greamú do ‘suntasach’ nach raibh aige riamh go dtí seo.

Mar seo a sainmhíníodh in FGB é: ‘Noticeable, remarkable; prominent, distinctive.’ Tá mé in amhras faoi é a úsáid sa bhrí ‘significant/substantial’, mar atá déanta sna habairtí thíos.

Íocfar tuarastal suntasach leis an té a cheapfar.

Sin an fáth go mba cheart do gach éinne saoire mhaith a bheith acu, briseadh suntasach nó sos ó shaol na hoibre a fháil go rialta.

D’fhéadfadh ‘tuarastal suntasach’ a bheith ceart má táthar ag maíomh go gcuirfidh daoine spéis ann, mar a chuir sna potaí óir atá á mbronnadh ar ardfheidhmeannaigh Uisce Éireann. Is dóigh liom, áfach, gur tuarastal mór atá i gceist, den chineál ar a dtugtar ‘tuarastal tarraingteach’ sna fógraí earcaíochta.

Cén bhrí a bhainfeá féin as ‘briseadh suntasach’? Sos iomlán ó chúraimí oibre, is dócha, agus is leagan simplí mar sin ba cheart a scríobh seachas ‘suntasach’ a úsáid mar threisitheoir.

Is iomaí tuisle a bhaineann an dobhriathar ‘go suntasach’ as scríbhneoirí. Ní hinmholta é a chur i dtús abairte, mar atá déanta anseo:

Go suntasach, tá laghdú ar líon na bhfolúntas tógála.

Is é a thuigfeá as sin gur tháinig an laghdú ar shlí a bhí ‘go suntasach’. Níl i gceist dáiríre ach gur díol suntais é gur laghdaíodh ar líon na bhfolúntas. Agus cad é a déarfá le ‘tionscadal [atá] dírithe go suntasach ar infhostaitheacht daoine aonair atá dífhostaithe go fadtéarmach’? Seans go rabhthas ag iarraidh a mhaíomh go bhfuil an tionscadal dírithe ar an dream sin thar aon dream eile. Más amhlaidh atá, is ciall eile den fhocal Béarla ‘substantially’ a bhí ar intinn an scríbhneora, is é sin ‘for the greater part’. Ach seans gur focal eile Béarla a bhí ar intinn an scríbhneora: ‘specifically’.  Más amhlaidh atá, is ‘go sonrach’ ab fhearr a scríobh.

Sin agaibh, mar sin, focal ionrach amháin. Seasaimis an fód do ‘substaintiúil’ agus ‘sonrach’ agus cá bhfios nach dtiocfaidh siad slán.

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Is iomaí tuisle a bhaineann an focal ‘suntasach’ as scríbhneoirí'

  • Mise Áine

    Ní raibh mé in ann a theacht ar an bhfocal ‘suntasach’ in aon áit ar mo bhlag Rámhaille, agus níl sé in úsáid ach uair amháin agam ar an mblag Mise Áine…meas tú an bhfuil sé sin ‘suntasach’ nó ‘sonraíoch’ nó fiú an ábhar ‘inspéise’ a leithéidí, a Antaine!?

    Alt suimiúil ansin thuas uait, mar is iondúil, a chara..:-)

  • Seán Mór Ó Daimhín

    spéisiúil, mar is gnáth, a Antaine! Beidh sé suimiúil féachaint an dtiocfaidh aon laghdú substaintiúil ar úsáid an fhocail ‘suntasach’ mar thoradh air.