‘Is glas iad na cnoic i bhfad uainn’ mar théama ag saothar nua Michael Moore

Cé go meastar gur fiú tuairim is $50m é cuireann an déantóir scannán cuma Thadhg an mhargaidh air féin agus nós aige a ligean air nach dtuigeann sé freagraí ar mhaithe le cumhacht an athrá

Michael Moore

Where to Invade Next

Scríbhneoir/Léiritheoir/Stiúrthóir: Michael Moore

Tá cuimhne ghléineach agam i gcónaí ar an stangadh a bhain Bowling for Columbine (2002) asam nuair a chonaic don chéad uair é. Bhí gearradh agus greann ann mar aon le bheith mothúchánach agus fonóideach. Saothar cumasach, cliste a chuir borradh faoi iomaire na scannán faisnéise agus a ghnóthaigh duais Oscar lena chois.

Bhí cáil gnóthaithe ag Moore roimhe sin le Roger and Me (1989) ach rad Columbine i lár an aonaigh é. Lean sé air ag rómhar san iomaire leis an bpoileimic Fahrenheit 9/11 (2004), Sicko (2007) agus Capitalisim: A Love Story (2009). I gcaitheamh na mblianta, áfach tá ceisteanna múscailte faoi chleachtais oibre Moore agus líomhaintí  ann go ndéanann sé an scéal agus na fíricí a bhíonn idir lámha aige a mhúnlú ar mhaithe leis an drámatúlacht. Baineann seo an snas dá shaothar.

Ag an bpointe seo níor mhór clár faisnéise a bheith agat le hiniúchadh a dhéanamh ar an gclár faisnéise.

Cé go bhfuil sé claonta, neamhoibiachtúil agus poileimiciúil ní fhágann sin nach bhfuil fiúntas i gcuid de na nithe a cuireadh os ár gcomhair sna táirgí thuas.

Ruathar aonair eile atá ar siúl aige anseo agus ‘is glas iad na cnoic i bhfad uainn’ mar théama aige. Seo leis ar camchuairt ar fud na hEorpa (agus tuaisceart na hAfraice) leis na tréithe is dearfaí agus is forásaí faoi na sochaithe sin a thabhairt abhaile leis. Is léir ó thús go mbeidh gach ceann de na nithe seo mar shlais ar a thír dhúchais. Na hIodálaigh lena laethanta saoire agus saoire mháithreachais fhlaithiúil, oideachas tríú leibhéal saor in aisce sa tSlóivéin, córas ceannródaíoch athshlánaithe do choirpigh san Iorua, córas oideachais na Fionlainne, an bia agus teagasc gnéis i scoileanna na Fraince agus mar sin de.

Fógraíonn sé go neamhbhalbh nach áil leis díriú ar fhadhbanna na dtíortha seo ach na tréithe is fearr a roghnú, rud a thugann blas mínádúrtha, leanbaí ar an saothar.

Tá a íomhá mar dhuine den chosmhuintir an-tábhachtach do chur chuige Moore. Cé go meastar gur fiú tuairim is $50m é, cuireann sé cuma Thadhg an mhargaidh air féin lena chaipín daorchluiche, bróga reatha agus seantreabhsar. Ar uairibh níl aon oidhre air ach duine atá ag dul síos go gort na habhann ag bearradh caorach.

Cé go bhfuil sé ag éirí ábhairín tuirsiúil oibríonn sé. Ina theannta sin oibríonn an alltacht bhréige, na ceisteanna cealgacha, atá saonta mar dhea, an tráchtaireacht le tuin an iontais agus an nós sin atá aige ligean air nach dtuigeann sé freagraí ar mhaithe le cumhacht an athrá.

Is agallóir cumasach, réchúiseach, greannmhar é agus cuireann sé a chuid agallaithe ar a gcompord mar aon le míreanna seoigh a sholáthar.

Is fiú fiacha an ticéid le haoibh na lánúine Iodálaí a fheiscint nuair a deir sé leo nach bhfuil dualgas reachtúil i Meiriceá laethanta saoire a thabhairt d’oibrithe.

Bhí cuid de na comparáidí agus na cúiseanna atá le fadhbanna róshaothraithe agus ábhairín áiféiseach.

D’athraigh an meon ar shlí ait i dtarraingt i dtreo an deiridh nuair a rinneadh iarracht chiotach na nithe ar fad a chniotáil leis an easpa ban i gceannas.

Níor dhein Moore aon saothar ó 2009 (ó d’imigh Bush) agus beidh sé ar cipíní le tabhairt faoi Trump má thoghtar é. Bheinn ag súil leis sin, fiú mura mbeifear in ann gach rud a chreidiúint.

Fág freagra ar '‘Is glas iad na cnoic i bhfad uainn’ mar théama ag saothar nua Michael Moore'