Is gearrscéalaí Gaeilge mé. Cén fáth nach bhfuil ‘aon ghnáthléitheoirí’ agam?

Conas a tharlaíonn sé nach bhfuil ‘aon ghnáthléitheoirí’ againn le haghaidh cnuasach gearrscéalta nua amhail mo chnuasach nua féin, Bhuel, Scéalta Eile!

Is gearrscéalaí Gaeilge mé. Cén fáth nach bhfuil ‘aon ghnáthléitheoirí’ agam?

Léiríonn stair oideachais an fhichiú haois gur dhein an dá phríomhpháirtí polaitíochta sa Stát a phleanáil go fuarchúiseach go lagófaí múineadh na Gaeilge i mbunscoileanna an Stáit.

D’ainneoin a mhalairt d’intinn i leith na Gaeilge a thabhairt le fios i mBunreacht 1937, rinne de Valera (1939) agus Lemass (le cabhair Hillery1960) córas ullmhúcháin Ghaeilge na mbunmhúinteoirí a bhaint as a chéile.

Nuair a bhí bunmhúinteoirí na hArdchathrach ar stailc de bharr bochtanais i mí Meán Fómhair 1946 i bPáirc an Chrócaigh chuir Rialtas de Valera na Gardaí á n-ionsaí le lámh láidir.

Sa tslí sin uiríslíodh an phríomhuirlis agus an phríomh-chomhghuaillí a bhí ag an Stát chun an Ghaeilge a mhúineadh ar fud na tíre. Beartas a bhí fabhrach don Ghaeilge, an dóigh leat?

Feasta bheifí ag brath go hiomlán ar na Coláistí Oiliúna chun an Ghaeilge a chur i seilbh na mbunmhúinteoirí óga.

Ach, fainic!                                                                     

Nuair a bhí ag éirí réasúnta maith leis na Coláistí Oiliúna an Ghaeilge a thabhairt do na bunmhúinteoirí nua chuir an Rialtas na coláistí oiliúna as gnó freisin.

Anois bhí na colaistí ullmhúcháin agus na coláistí oiliúna dúnta.

Leanadh den pholasaí lagaithe i leith na Gaeilge faoi Jack Lynch (arís le cabhair Hillery) in idirbheartaíocht an Stáit leis an Eoraip i 1972 (tráth aontachas na hÉireann leis an gComhphobal Eorpach).

Sa bhliain 1974 dhún an Taoiseach Liam Mac Cosgair (le cabhair Richard Burke) na coláistí oiliúna do mhúinteoirí bunscoile na hÉireann a bhí freagrach as múinteoirí nua a oiliúint sa Ghaeilge agus sna hábhair bhunscoile eile.

Ansin, cuireadh oiliúint na mbunmhúinteoirí isteach i bhformat mí-oiriúnach ollscoile, format a d’fhág roghnú na n-ábhar don B.Ed. ar bhonn deonach feasta.

Ba ionann an t-athrú sin agus díphroifisiúnú a dhéanamh trí ghníomh an Stáit ar cheird an mhúinteora bunscoile má roghnaigh an bunmhúinteoir óg gan an Ghaeilge a dhéanamh mar chuid den B.Ed. Agus bhí/tá lánchead ag an mbunmhúinteoir óg gan an Ghaeilge a roghnú mar chuid dá c(h)éim B.Ed.! Tharla an t-athrú mífhreagrach sin nuair a bhí Richard Burke ina Aire Oideachais agus John Bruton ina Aire Stáit aige.

Ó tháinig an t-athrú sin i bhfeidhm i 1974 tá teanga nua-aimseartha na Gaeilge ar churaclam na bunscoile ach níl ach codán de na bunmhúinteoirí in ann a ngairm i leith mhúineadh na Gaeilge labhartha mar theanga nua-aimseartha a chleachtadh sa bhunscoil.

Tá ‘comhghleacaithe’ na múinteoirí sin sna seomraí in aice leo sa scoil chéanna agus iad ina gcúis frustrachais do na bunmhúinteoirí a raibh an Ghaeilge mar ábhar B.Ed. acu. Ach tá an dá dhream ag gabháil don bhunmhúinteoireacht agus an tuarastal céanna á fháil acu.

Níor athraigh ná níor admhaigh Fianna Fáil ná Fine Gael an éagóir leanúnach sin ó 1974 go dtí 2017.

Tá na cigirí bunscoile ina dtost agus tá na hollúna ollscoile ina dtost.

D’fhéadfadh aon Rialtas an éagóir sin a chur ina cheart thar oíche. Níor dhein Fianna Fáil (ná Fine Gael/An Lucht Oibre) an scéal a chur ina cheart ó 1974 go dtí inniu: Cén fáth?

Cén fáth nár cuireadh riail i bhfeidhm thar oíche á rá go  gcaithfidh an Ghaeilge a bheith mar chuid den B.Ed. ag gach ábhar bunmhúinteora sa Stát feasta?

Measann an gearrscéalaí seo gur comhcheilg atá ann idir na mórpháirtithe polaitíochta chun an Ghaeilge a choimeád lagaithe.

Comhcheilg nó neamhinniúlacht (incompetence) dochreidte! Bíodh a rogha ag an léitheoir eatarthu.

‘Is deacair do dhuine a dhícheall a dhéanamh i dteanga arb é a cosúlacht go mbeidh sí básaithe roimhe fhéin…’ a deir an Cadhnach.                                             

Ach, nach deacra fós an scéal é ag an scríbhneoir Gaeilge a chreideann ina chroí istigh agus ó fhianaise a dhá shúl, gur d’aon ghnó atá bású na teanga seo pleanáilte agus fuar-bheartaithe?

Measann an scríbhneoir Gaeilge nach bhfuil fágtha lasmuigh den chogar-mogar ‘oifigiúil’ ach é féin amháin.

Tá stádas na Gaeilge slán san Eoraip, má tá, agus a bhuíochas sin cuid mhaith ar Phádraig Ó Laighin!

Cad faoin eilifint sa seomra ranga bunscoile sa scoil áitiúil?  Cad faoi stádas na Gaeilge sa bhaile? 

Is mar chuid de ‘mhargadh 1974’ idir na hollscoileanna agus an Rialtas atá ‘múineadh’ neamhéifeachtach na Gaeilge inár gcuid bunscoileanna leagtha amach.

Agus is idir an dá dhream sin atá an mharbhsháinn ina bhfuil múineadh na Gaeilge sa bhunscoil le réiteach. 

Agus is mar sin a fheictear don ghearrscéalaí seo gurb iad Fianna Fáil is ciontach leis an teanga a chur san imirt pholaitíochta chéanna leis an iasc san Éirinn chaoch atá gaibhnithe ag aos polaitíochta na tíre agus a bhfuil glactha ag na páirtithe eile go sona sásta léi!

Ba cheart go mbeadh an oiread céanna urrama in aon Stát ar an teanga dhúchais is atá ar an gCreideamh. Ach tá an teanga mar chuid den réalpolitik ag gach ceann de na Rialtais a bhí againn sa Stát ó 1937 i leith.

Mar bhonn súgartha a chaith Bertie Ahern leis an nGaeilge nuair a ghéill sé smacht iomlán ar fhás agus ar fhorbairt na Gaeilge ó dheas agus ó thuaidh do na hAondachtóirí i 1998; ach ní le Bertie Ahern a thosaigh an fhadhb ach le de Valera.

– Tá an t-alt seo bunaithe ar ‘Comhaimsir an Ghearrscéalaí Ghaeilge’, brollach le Bhuel, Scéalta Eile! (Coiscéim, 2017), cnuasach gearrscéalta nua an údair