Is follasaí ná riamh an chontúirt a bhaineann le caint ghránna Trump

Tá aighneas eile spreagtha ag Donald Trump - i measc imreoirí peile an babhta seo, a deir ár gcolúnaí a bheidh ag cur sraith tuairiscí chugainn ó Nua-Eabhrac agus ó Washington an tseachtain seo

Is follasaí ná riamh an chontúirt a bhaineann le caint ghránna Trump

Mar is eol dúinn go maith faoin am seo, tá nós ag Donald Trump cúpla focal a rá, ar Twitter de ghnáth, a dhúisíonn aighneas a tharraingíonn aird an phobail ó chonspóid eile.

An sampla is déanaí: dúirt an tUachtarán le slua dá lucht leanúna in Alabama Dé hAoine gur chóir peileadóirí a chur as obair mura léiríonn siad meas mar ba chóir, dar leis, ar bhrat na Stát Aontaithe.

An toradh: faoi cheann achair ghairid, bhí ráiteas Trump á phlé go forleathan ag na príomhstáisiúin nuachta a thug tús áite go dtí sin don teannas dainséarach idir na Stáit Aontaithe agus an Chóiré Thuaidh, agus don achrann leanúnach sa Seanad faoi árachas sláinte.

Ní lena thuairim amháin a bhain an t-achrann Trumpúil is déanaí. Chuir na focail ghránna lenar chuir sé a thuairim in iúl olc ar mhórán. Is mar seo a mhol sé go mbrisfí imreoirí áirithe:

‘Get that son of a bitch off the field right now, out! He’s fired.’

Bhí sé ag tagairt do scata beag peileadóirí dubha ar fhoirne éagsúla a théann ar leathghlúin  le linn don amhrán náisiúnta a bheith á chanadh roimh chluichí. Tá an agóid seo ar bun le breis agus bliain mar ghearán faoi eachtraí conspóideacha inar mharaigh póilíní daoine dubha. Níor cúisíodh formhór na bpóilíní a bhí freagrach as na heachtraí, cé go raibh fianaise láidir ann go ndeachaigh cuid acu thar fóir leis an lámh láidir.

Tá ráiteas an Uachtaráin cáinte ag peileadóirí cáiliúla, idir dhubh agus gheal, ag bainisteoirí, ag úinéirí agus ag riarthóirí na heagraíochta a reáchtálann cluichí, an NFL (National Football League). Ach níl an lucht leanúna ar aon intinn, cuid acu ag moladh na n-imreoirí, cuid eile á gcáineadh go láidir.

Chuaigh níos mó imreoirí dubha ná riamh ar leathghlúin le linn chanadh an amhráin náisiúnta roimh chluichí a imríodh Dé Domhnaigh. Ach léirigh an agóid mhéadaithe an baol go gcothódh caint mhaslach Trump teannas ar bhonn cine.

Mhaslaigh Trump peileadóirí dubha, atá i mbun agóide faoi mharú daoine dubha. Labhair sé go drochbhéasach fúthu (“son of a bitch”) agus focail á n-úsáid go poiblí aige nár dhúirt uachtarán ar bith faoi dhuine ar bith go dtí seo.

Ní haon ionadh é go bhfuil ciníochas á chur ina leith anois, mar a bhí tar éis mhórshiúl na Naitsithe i Charlottesville. 

Ach is follasaí an fhianaise in aghaidh Trump an babhta seo. Is follasaí an chontúirt freisin.

– Beidh Cathal Mac Coille ag cur tuairiscí faoi ré Trump chugainn ó Nua-Eabhrac agus ó Washington an tseachtain seo

Fág freagra ar 'Is follasaí ná riamh an chontúirt a bhaineann le caint ghránna Trump'

  • Maitias

    Is gnathfhocal nach mor seanchaote e sin ‘sonofabitch’ um an dtaca seo in SAM. Cad a tugadh ar Uachtaran na tire seo (C. O Dalaigh) sa Dail na blianta siar? Is beag omos a leiritear d’Uachtaran na linne seo go minic ach oiread. Bertie a ra gur cheart do dhaoine airithe laimh a chur ina mbas fein. Na bi ag suil lena mhalairt on mbraon laburtha. Bionn gnath-dhioscursa an lae foirgthe leis an bhfocal ‘foc’ ag ‘uaisle’ agus ag ‘isle’ anseo in Eirinn. Cuid de mheathlu na sochai, an fheimheasa agus na sibhialtachta e sin uile. Agus cuid de mhishastacht agus d’fheirg an duine leis an saol agus leis fein.

  • Frainc

    Is deacair a chreidiúint gur toghadh an bhroghais sin mar uachtarán ar SAM. Pictiúir fíorscanrúil.