Is fiú soiscéal na hiomána a scaipeadh, ach i bPáirc Semple a bhí an fhíoriomáint le fáil…

Is fiú blaiseadh den iománaíocht a thabhairt do dhaoine thar lear ach ní ceart airgead an chumainn a chaitheamh leis an iarracht…

AIG Fenway Hurling Classic, Fenway Park, Boston, USA 22/11/2015 Dublin vs Galway The Galway players before the game Mandatory Credit ©INPHO/Emily Harney
Pictiúr: INPHO/Emily Harney

Chonaic mé trí shórt iomána an deireadh seachtaine seo caite. Istoíche Dé Sathairn tháinig na hAlbanaigh chuig ceanncheathrú CLG lena gcuid maidí Shinty chun tabhairt faoi na Gaeil agus a maidí iomána.

Imríodh an cluiche le sliotar uimhir a ceathair, an ceann a úsáidtear dos na páistí, agus taobh amuigh de na fíricí sin, níl mórán eile dearfach le rá faoi chluiche an tSathairn. Is beag corraí a bhain sé asam féin, ach go háirithe. Bhí sé leamh leadránach ó thosach deireadh.

Tá a fhios agam gurb iontach an rud é dos na himreoirí geansaí na hÉireann a chur orthu ach caithfidh siad, nó b’fhéidir go mba ceart dom a rá, go gcaithfidh an spórt, pé suim a chuireann an lucht féachana ann a chúiteamh leo.

Ní raibh aon fhuadar faoi chluiche an tSathairn. Bhí sé rófhada i mo thuairim. Ní dóigh liom go bhfuil a dhóthain sa spórt chun lucht féachana a choimeád ar bís ar feadh ochtó nóiméad.

Ar an Satharn ní raibh ach dhá scór sa dara leath taobh istigh de naoi nóiméad is tríocha. Caithfear athruithe a dhéanamh air má tá aon rath le bheith ar an spórt seo amach anseo. 

Ba mhó i bhfad d’údar dearfachta a bhain le cluiche an Domhnaigh a imríodh i bPáirc Fenway i mBostún Mheiriceá. Ba thaibhseach an taispeántas é. Bhí an-luas faoin gcluiche agus cuid mhaith scóranna ann.

Is beag stopadh a bhí ann ach oiread do choimhlint a mhair uair a’ chloig (taobh amuigh den chúpla nóiméad troda a tharla). Cinnte, fuair an lucht leanta luach a gcuid airgid agus gach seans go mbeidh an dara cluiche ann. 

An fiú leanúint leis ? Ceapaim gur fiú. Má tá urraitheoirí thar lear sásta airgead a sholáthar chun an leagan seo den chluiche ársa a thabhairt thar sáile, cén fáth nach leanfaí leis? Ach ní úsáidfinn airgead an chumainn chun an cluiche seo a scaipeadh. Tá gá le i bhfad níos mó infheistíochta san iomáint sa bhaile. Níl leath des na contaetha sa tír ag imirt iomána ardchaighdeán.

Pictiúr:  INPHO/Ryan Byrne
Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Is breá an rud ár gcluiche iontach a scaipeadh thar lear ach tá sé i bhfad níos tábhachtaí é a bheith láidir sa bhaile.

Ach is i bPáirc Semple i nDurlas Éile, seachtain ó shin, a bhí an fhíoriomáint le fáil, áit ar imríodh cluiche ceannais chraobh sinsear club na Mumhan.

Agus cé nach raibh ach beagán le cois dhá mhíle duine i láthair, níor chuir an méid sin isteach ar na foirne a bhí ag soláthar na siamsaíochta.

Níl aon amhras ach go bhfuil borradh faoi iomáint Luimnigh i láthair na huaire agus tá cumann na bPiarsach i gcroílár an fháis sin. Bhíodar ar fheabhas sa dara leath i gcoinne Bhaile Mhic Gonair, a bhí thar barr iad féin sa chéad leath. 

Tá trí chraobh Mumhan buaite ag na Piarsaigh anois taobh istigh de chúig bliana ach níl an príomhdhuais tugtha leo abhaile acu fós.

Níor bhuadar a gcéad chraobh contae go dtí 2011 agus caithfidh go rabhadar sásta leis sin ag an bpointe sin. Chuireadar craobh na Mumhan leis agus is cosúil go rabhadar sásta leis an méid sin.

I 2015/16 caithfidh go bhfuil sprioc níos uaillmhianaí fós acu agus áit i gcluiche leathcheannais na hÉireann bainte amach arís acu. 

Tá an-taithí acu anois agus caithfidh go bhfuil ardmhuinín sa champa. Bhíodar gan an t-imreoir contae David Breen den chuid is mó de chluiche an Domhnaigh agus bhí Kevin Downes gortaithe.

Beidh an t-earrach tagtha chugainn agus na laethanta ag dul chun síneadh nuair a imreoidh siad arís. Beidh sé deacair iad a bhualadh an t-am sin.

Fág freagra ar 'Is fiú soiscéal na hiomána a scaipeadh, ach i bPáirc Semple a bhí an fhíoriomáint le fáil…'