Is fiú a bheith i láthair ag an gcéad ‘Cork’s Little All Ireland’ i bPáirc nua Uí Chaoimh

JOHN ALLEN: Ócáid fhíorspeisialta a bheidh ann amárach nuair a thabharfaidh foireann Uí Mhic Coille aghaidh ar na Rockies i gcluiche ceannais iomána Chorcaí

Is fiú a bheith i láthair ag an gcéad ‘Cork’s Little All Ireland’ i bPáirc nua Uí Chaoimh

Pictiúr: INPHO/Gary Carr

Imreofar ‘Cork’s Little All Ireland’ an deireadh seachtaine seo i bPáirc athchóirithe Uí Chaoimh. Bhí tráth ann nuair a bhí cáil ar chraobhchluiche iomána an chontae ar fud na tíre agus thagadh lucht leanúna na chluiche na fuinseoige ó chian is ó chóngar chun an a cluiche ceannais a fheiceáil. Is minic luaite agam anseo Christy Ring agus na sluaite a leanadh comórtas an bhóthair iarainn chun é a fheiceáil i mbun imeartha.

Is fíor freisin gur lean chuid de na sluaite céanna na cluichí club i gCorcaigh chun Ring a fheiceáil agus é i mbarr a mhaitheasa ar fhoireann ar mhinic léi a bheith buacach, Fánaithe an Ghleanna ó thuaisceart na cathrach. Ba iad an ‘Glen’, mar ab fhearr aithne orthu, ríthe an chomórtais sular bhain Ring a bhuaic amach agus is méid a chuaigh a stádas le linn dó a bheith i mbarr a réime. Bhuadar ocht gcraobh i ndiaidh a chéile idir 1934-1941, an bhliain ar thosaigh Ring ag imirt leo. Nuair a d’éirigh Ring as an iomáint ar fad i 1967 bhí ceithre bhonn déag buaite aige.

Ach is í an Charraig Dhubh, foireann chathrach eile, (na ‘Rockies’) atá ar bharr liosta na mbuaiteoirí agus 32 craobh shinsir contae buaite acu. Inniu déanfaidh siad iarracht cur leis an gcnuas sin, rud nach bhfuil déanta acu ó 2002. Bhí tráth ann nuair gurbh iad príomhfhoirne na cathrach – Barrs , Rockies agus Glen – a roinneadh  corn an chontae eatarthu bliain i ndiaidh bliana. Ach tá athrú tagtha ar sin le tamall anois agus ó thús an chéid seo tá ceithre chraobh buaite ag na Rockies agus an Glen eatarthu agus gan aon cheann buaite ag na Barrs. Tá deis ag na Rockies cur leis an líon sin inniu, ach ní bheidh sé sin éasca mar tá foireann thar a bheith láidir rompu, foireann Uí Mhic Coille, foireann dúiche ó oirthear an chontae.

Tá an iomáint thar a bheith láidir san oirthear agus seacht bhfoireann shinsir ansin. Tá an fhoireann atá ag dul chun páirce amárach déanta d’imreoirí a imríonn do na clubanna sóisir agus idirmheánacha sa dúiche. Anuas air sin, tá réalta an chontae Seamus Harnedy acu chomh maith le Brian Lawton, atá ar phainéal an chontae le cúpla bliain anuas, Paudie O’Sullivan, deartháir an Rock, agus Declan Dalton a bhí an-mhaith mar thosaí le foireann faoi fiche a haon an chontae i mbliana. Amárach geansaí uimhir a haon a bheith á chaitheamh ag Dalton, áfach, agus dosaen cúl ligthe isteach aige sa cheithre chluiche deireanach.

Sna seanlaethanta, b’annamh a bhíodh an Charraig Dhubh gan réalta chontae acu ach amárach cuirfidh siad chun páirce agus gan aon imreoir sinsir contae acu. Beirt seanfhondúirí, Wayne Sherlock agus Fergal Ryan, atá ag stiúradh cúrsaí ón taobhlíne agus tá éacht déanta acu go dtí seo. Mar sin féin, beidh sé deacair ar an bhfoireann agus ar a gcaptaen óg Stephen Murphy (24) greim a fháil ar chorn Sheáin Uí Mhurchú.

Caithfidh gur buntáiste ag Uí Mhic Coille iad na cluichí athimeartha a bhí sna babhtaí ceathrú ceannais agus sna babhtaí leathcheannais. Seo an cúigiú seachtain i ndiaidh a chéile acu ag imirt agus is mór an tairbhe é sin d’fhoireann dúiche. Tá spiorad club cothaithe iontu faoin tráth seo, rud is annamh ag foirne dúiche agus i mo thuairimse is ilchumasaí na himreoirí atá acu ná mar atá ag na Rockies.

Ach mar is gnáth, is ar an bpáirc féin agus ar an lá mór féin a chaithfear an mianach atá iontu a léiriú. Pé toradh a bheidh ann beidh na Rockies ag tabhairt aghaidh ar Luimneach chun tabhairt faoi na Piarsaigh, a bhí an-mhaith an Domhnach seo caite.

Imreofar athimirt chluiche ceannais peile an chontae ar a haon a chlog amárach roimh chluiche ceannais na hiomána agus déanfaidh uachtaráin CLG Aogán ó Fearghaíl  an oscailt oifigiúil ar Pháirc nua Uí Chaoimh.

Beidh na móruaisle ar fad i láthair, is dócha. Bí ann leis.

Fág freagra ar 'Is fiú a bheith i láthair ag an gcéad ‘Cork’s Little All Ireland’ i bPáirc nua Uí Chaoimh'