‘Is fearr le daoine an ráfla ná an fhírinne – ní raibh Brian Cowen ar meisce’ – Cathal Mac Coille

Agus é éirithe as Morning Ireland, labhair Cathal Mac Coille le Tuairisc.ie faoin agallamh cáiliúil úd le Brian Cowen sa Ghaillimh

‘Is fearr le daoine an ráfla ná an fhírinne – ní raibh Brian Cowen ar meisce’ – Cathal Mac Coille

‘Is fearr le daoine an ráfla ná an fhírinne’.

Sin an méid a bhí le rá ag an gcraoltóir aitheanta Cathal Mac Coille, a chuir Morning Ireland i láthair don uair dheiridh ar maidin, le Tuairisc.ie faoin agallamh cáiliúil a rinne sé in 2010 le Taoiseach na linne, Brian Cowen, le linn Ard-Fheis Fhianna Fáil i nGaillimh.

Agus é faoi agallamh ag Tuairisc.ie faoina bheith ag éirí as a phost le RTÉ, dúirt Mac Coille nach raibh Brian Cowen ólta an mhaidin sin mar a líomhnaíodh go minic i ndiaidh an agallaimh.

Ag tagairt don agallamh cáiliúil ina raibh slócht ar Cowen, dúirt an t-iriseoir gur minice a théann an scéal nach bhfuil fíor i bhfeidhm níos mó ar dhaoine ná “scéal lomfhírinneach”.

“D’fhill mé ar an óstán [an t-óstán sa Ghaillimh ina raibh an Ard-Fheis ar siúl] bliain ina dhiaidh sin, chun freastal ar shochraid. Chuaigh mé isteach i dtacsaí ar ais chuig an stáisiún traenach agus dúirt an tiománaí tacsaí liom go raibh sé ann an oíche roimh an agallamh cáiliúil agus go raibh mo dhuine [Brian Cowen] ‘jarred’ agus ‘legless’ ag a haon a chlog ar maidin.

“Bhí mise in éineacht leis [Brian Cowen] agus le Pat Carey [an t-iar-aire Gaeltachta] an oíche sin ag thart ar a haon a chlog. Dúirt Pat Carey go raibh sé ag dul a chodladh thart ar an am sin agus dúirt Brian Cowen go raibh lá fada aige agus go raibh sé le deoch nó dó a bheith aige,” a dúirt Mac Coille.

Dúirt sé gur léiriú a bhí i scéal an tiománaí tacsaí go dtéann an scéal nach bhfuil fíor i bhfeidhm ar an bpobal, go háirithe i gcás mar sin.

Dúirt an t-iriseoir nach raibh sé féin sásta leis an agallamh a thug Cowen an mhaidin dár gcionn agus gur léir go raibh an t-iarThaoiseach “traochta”.

“Bhí sé seachantach, agus bhí cúrsaí go dona sa tír. Ní dhearna sé aon mhaith dó féin, bhí sé ag seachaint ceisteanna faoin ngéarchéim a bhí ag teannadh linn. Thosaigh an chonspóid nuair a chuir Simon Coveney an cheist ‘an raibh sé ólta nó tuirseach?’, ach ní raibh sé ar meisce,” a dúirt Mac Coille.

Bhí slócht ar Cowen agus é faoi agallamh an mhaidin i ndiaidh na hArd-Fheise in Óstán Ard Oileán i nGaillimh.

Mheasc sé Comhaontú Pháirc an Chrócaigh agus Comhaontú Aoine an Chéasta le linn an agallaimh agus cáineadh go forleathan é.

Shéan an t-iarThaoiseach na líomhaintí go raibh sé ólta ná go raibh póit air, ach ghabh sé leithscéal faoi chaighdeán na bhfreagraí a thug sé ar cheisteanna Chathail Mhic Coille.

Fág freagra ar '‘Is fearr le daoine an ráfla ná an fhírinne – ní raibh Brian Cowen ar meisce’ – Cathal Mac Coille'

  • Seán Mag Leannáin

    Ach bhí an chuma air go raibh cúpla pionta de dhíth air!