‘Is Fearr Gaeilge Bhriste ná Béarla Cliste!’ – rap Gaeilge scríofa ag daltaí bunscoile do SnaG

'Is Fearr Gaeilge Bhriste ná Béarla Cliste' is teideal do rap nua a scríobh daltaí Scoil Iosagáin i bhFearann an Rí i gCorcaigh

rapping-clipart-rapping

Scríobh agus thaifead daltaí an chúigiú ranga i Scoil Íosagáin i bhFearann an Rí i gContae Chorcaí rap i nGaeilge do Sheachtain na Gaeilge.

Rinne an comhlacht GMCBeats an t-amhrán a thaifeadadh ag ceardlann a bhíonn ar siúl sa scoil uair sa tseachtain. Is féidir éisteacht leis an amhrán ‘Is fearr Gaeilge Bhriste ná Béarla Cliste’ ar leathanach SoundCloud an chomhlachta GMCBeats.

Is rap macarónach é “Is fearr Gaeilge Bhriste ná Béarla Cliste” a mhíníonn focail agus nathanna Gaeilge don lucht éisteachta.

 

Fág freagra ar '‘Is Fearr Gaeilge Bhriste ná Béarla Cliste!’ – rap Gaeilge scríofa ag daltaí bunscoile do SnaG'

  • Breathnóir

    Ag an am céanna, is fearr i bhfad Gaeilge chliste ná Béarla briste…

  • Glór í Eo

    Amach ó bhéil na leanaí!