Is éifeachtaí pictiúr amháin…

Is éifeachtaí pictiúr amháin ná na mílte focal. B'fhíor an sean-nath sin i gcás Bertie Ahern agus Gráinne Carruth agus is fíor anois é i gcás atá an-éagsúil - cás Enda Kenny agus Heather Humphries.

19/3/2008. Grainne Carruth Mahon Tribunals
Gráinne Carruth agus í ag fágáil Binse Fiosrúcháin Mahon. Pictiúr: Photocall Ireland

 

Is éifeachtaí pictiúr amháin ná na mílte focal, a deirtear. Agus is cinnte gur fíor an sean-nath sin i gcás dheireadh ré Bertie Ahern.

Tá pictiúr amháin ann nach ndéanfaidh éinne againn dearmad go deo air – ní de Bertie féin ach dá rúnaí príobháideach, Gráinne Carruth, na deora léi, agus í ag fágáil Binse Fiosrúcháin Mahon.

Cúpla nóiméad roimhe sin, faoi bhrú leanúnach ó na habhcóidí, d’admhaigh Gráinne don fhiosrúchán i ndeireadh thiar thall go ndearna sí lóisteáil Sterling thar ceann Bertie; shéan sí roimhe sin go ndearna sí a leithéid.

Is ansin a thosaigh sí ag caoineachán. ‘All I want to do is go home,’ a dúirt sí. Ní nach ionadh, bhí an-trua ag muintir na hÉireann di.

Is ar an lá sin, i mo thuairimse, a chaill Bertie muinín an phobail. Ar an bpointe boise, bhí a phort seinnte; ón nóiméad a thosaigh Gráinne ag caoineadh, bhí sé réidh mar thaoiseach.

Ní hé an t-airgead is mó a chuir olc ar dhaoine ach an cruachás inar fhág sé Gráinne bhocht. Thréig sé í in am an ghátair.

Fiú amháin iad siúd a thacaigh leis go dtí sin agus a bhí sásta a leagan casta siúd de scéal a chuid airgid a chreidiúint, ní fhéadfaidís a mhaitheamh do Bertie go deo go ndéanfadh sé a leithéid do bhean neamhurchóideach.

Anois, cén fáth a bhfuilim ag dul siar ar seanscéal mar seo?

Mar gheall go gcreidim go bhfuil an botún ceannann céanna déanta ag Enda Kenny i gcás Heather Humphries.

Ar ndóigh, tá difríocht mhór idir Heather agus Gráinne Carruth. Is polaiteoir í Heather, ní fostaí príobháideach. Rud ar bith a rinne Heather, is dá deoin féin é.

Ach i ndeireadh na dála, is é an cleas suarach céanna a d’imir Enda uirthi agus a d’imir Bertie ar Gráinne.

Bhrúigh sé amach os comhair an phobail í, in aghaidh a tola, chun a mhí-iompar féin a chosaint – agus fios maith aige nach gcreidfí an méid a bhí le rá aici.

Is fíor gur polaiteoir í Heather. Ach níl sí i bhfad sa Dáil; is lú fós an méid ama a bhí caite aici ina haire rialtais nuair a iarradh uirthi John McNulty a cheapadh ar bhord IMMA.

Agus is cinnte nach raibh cleachtadh dá laghad aici ar an gcineál spórt fola sin ar a dtugann iriseoirí polaitíochta ‘doorstep’.

Is é sin nuair a bhrúitear micreafóin faoi smig polaiteora agus nuair a chuirtear rabharta cruacheisteanna air nó uirthi faoi scéal mór an lae.

Níorbh fholáir beagáinín níos mó traenála ná seal ar Chomhairle Contae Mhuineacháin roimh dhul chun páirce chun an spórt ar a dtug Seamus Brennan ‘senior hurling’ a imirt.

Heather bhocht! Í ag stánadh isteach sa cheamara amhail is gur coinín sáinnithe sa spotsolas í, agus í ag rá arís agus arís eile: ‘I appointed him because of his credentials.’

Heather bhocht seachtain ina dhiaidh sin, an scéin chéanna ina cuid súile agus í ag rá leis an bpaca céanna iriseoirí, arís agus arís eile: ‘That’s an internal Fine Gael matter.’

Níorbh ea, ar ndóigh.

Cinneadh chun duine a cheapadh ar bhord poiblí, is cinneadh poiblí atá ann; comhfhreagras ar bith a bhaineann leis, mar atá ráite ag an iar-Ard Aighne Michael McDowell, is comhfhreagras poiblí atá ann freisin.

Ní shin an ghné den scéal seo a a fhanfaidh i gcuimhne na ndaoine, mar sin féin, ach na pictiúir sin de Heather bhocht agus í sáinnithe ar an ‘táirseach’.

Ní raibh sí ag caoineadh, ar ndóigh; is bean láidir Phreisbitéarach í. Ach oiread le Gráinne Carruth, áfach, ní raibh uaithi ach dul abhaile… rud a chonaic muintir na hÉireann go soiléir, lena gcuid súile féin, ar an Six-One.

Agus is ar an nóiméad sin, i mo thuairimse, a thuig cuid mhaith daoine – den chéad uair, b’fhéidir – nach bhfuil Enda Kenny leath chomh milis agus a bhreathnaíonn sé.

Go deimhin, tá go leor cosúlachtaí idir eisean agus Bertie Ahern: dhéanfaidís beirt rud ar bith chun fanacht i gcumhacht – go fiú, bean a shá amach os comhair na gceamaraí chun a chuid obair shalach féin a dhéanamh.

Chaill Bertie muinín an phobail trína leithéid a dhéanamh; ní dhéanfainn aon iontas de dá dtarlódh an rud céanna do Enda. Is cinnte go bhfuil dochar mór déanta aige dó féin.

Nach diabhaltaí gur bean is cúis le trioblóidí Taoisigh arís. Nach é Albert Reynolds a dúirt: ‘That’s wimmin for yeh!’

Ach, mar a dúirt an Albert céanna ar ócáid eile: ‘Sa pholaitíocht, is iad na rudaí beaga a bhaineann tuisle asat.’

Agus, sa chás seo arís, is pictiúr a dhéanfaidh an dochar ar fad, ní focail.

– Is colúnaí leis an Irish Daily Mail é Paul Drury