Is é dán na Laidine dán na Gaeilge cheal sainmhíniú nua ar ‘phobal na Gaeilge’ – Deasún Fennell

Beidh an Ghaeilge sa gcás céanna leis an Laidin i gceann deich mbliana nó mar sin, a deir an fealsamh

Latin_Letters

Múintear an Laidin sna mílte scoil agus tá go leor daoine ann a labhraíonn í.

Má chuardaíonn tú an t-idirlíon gheobhaidh tú an nuacht idirnáisiúnta á craoladh i Laidin, fiú torthaí spóirt. Ar an idirlíon freisin tá iris, ar nós Tuairisc.ie, ar fáil i Laidin agus nuacht idirnáisiúnta agus fógraí inti.

Tagann lucht na Laidine le chéile le haghaidh oícheanta airneáin.  Agus is í an Laidin teanga oifigiúil na hEaglaise Caitlicí. Ach áirítear an Laidin i measc na dteangacha atá marbh toisc nach labhraíonn aon phobal í mar ghnáth-theanga.

Beidh an Ghaeilge sa gcás céanna i gceann deich mbliana nó mar sin. Le tamall anuas tá mé ag scríobh altanna i nGaeilge agus i mBéarla faoin gcaoi ar féidir an Ghaeilge a choinneáil ina teanga bheo dá ainneoin sin. Chuige seo ní mór ciall an fhocail ‘pobal’ a leathnú ó ‘daoine atá ina gcónaí le chéile sa gceantar céanna  d’Éirinn’ go ‘daoine atá ina gcónaí in Éirinn’, agus a mhíniú gur pobal le Gaeilge a bheadh i gceist. Bheadh an Ghaeilge labhartha agus scríofa ar a dtoil ag an bpobal seo, bheadh slite beatha éagsúla acu, agus bheidís i dteagmháil lena chéile agus ceangailte le chéile ag geallúint shollúnta an Ghaeilge a labhairt eatarthu féin agus ina dteaghlaigh. D’eagrófaí cruinnithe réigiúnacha, agus cruinniú náisiúnta uair sa mbliain.

Mhol mé cheana go n-aimseofaí, mar thús, 1000 duine atá in ann an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh go maith, daoine a bhfuil slite beatha éagsúla acu agus atá sásta an gheallúint thuasluaite a thabhairt. (Tharlódh go mbeadh an teanga Gaeilge chomhaimseartha  ina seilbh acu ar bhealach i bhfad níos iomláine ná mar a bhíodh ag pobal tuaithe Gaeltachta.)  

Mhéadófaí líon an phobail tosaigh seo suas go dtí 8000 duine trí scrúdú teanga bliantúil a chur ar iarrthóirí. Ar an mbealach seo, scríobh mé, d’fhéadfadh an Ghaeilge a bheith ina teanga bheo go deo.

Thaispeáin Gaeilgeoirí na hÉireann trína dtost, agus ar bhealaí eile, nach raibh suim acu sa bplean seo. D’inis mé an scéal do chara Sualannach, teangeolaí. “Is é a tharlós,” dúirt sé, “ ná go gcoinneoidh na hÉireannaigh an Ghaeilge mar a choinnigh an Eoraip an Laidin tar éis a báis – mar theanga shinsearach a dtugtar onóir di.”

Rith a chaint liom roinnt seachtainí ó shin ag Aifreann sochraide Adrian Hardiman, breitheamh sa gCúirt Uachtarach, i mBaile Átha Cliath. Bhí na céadta de lucht dlí uilig na hardchathrach, i láthair sa séipéal, iad gléasta ina gcultacha agus a róbaí dubha. Tugadh na hóráidí, agus léadh an tAifreann, i mBéarla; ach nuair a tháinig sé go dtí an tÁr nAthair thosaigh an sagart i nGaeilge é. Tháinig deora i mo shúile nuair a chuala mé an séipéal uilig, na céadta guth d’aon ghuth, ag leanúint leis an bpaidir i nGaeilge go deireadh.

Chuirfinn an méid seo le ráiteas mo chara as an tSualainn faoi thodhchaí fhadtéarmach na Gaeilge:

“Úsáidfear teanga ár sinsear in ainmneacha fhorais stáit áirithe, ar ócáidí sollúnta poiblí, sna scoileanna, i measc buíonta díograiseoirí agus, ar feadh tréimhse, ar mheáin chumarsáide státmhaoinithe.”

Fág freagra ar 'Is é dán na Laidine dán na Gaeilge cheal sainmhíniú nua ar ‘phobal na Gaeilge’ – Deasún Fennell'

  • padraig

    ‘Thaispeáin Gaeilgeoirí na hÉireann trína dtost, agus ar bhealaí eile, nach raibh suim acu sa bplean seo’. Tá spéis agam ann agus bheinn lántsásta cuidiú ar aon tslí is féidir. Tá aithne agam ar roinnt daoine a dhéanfadh amhlaidh.

  • Eoin P. Ó Murchí

    Drochphlean más ea agus an chuid is mó de i bhfeidhm cheana pé scéal!

  • Colmán

    Is é seo an chéad uair trácht ar an smaoineamh seo atá agat. Cén uair a chuirfeas tú tús leis?

  • Colmán

    Brón orm, Is é seo an chéad uair a chuala mé trácht ar an smaoineamh seo atá agat. Cén uair a chuirfeas tú tús leis?

  • Riocard Ó Tiarnaigh (@riocard911)

    An-alt, a Dheasún!!! Ach ag an am céanna is é an cath atá caillte an ceann is mó fiú a throid!!! Siegen heißt nicht aufgeben!!!!

  • Colmcille Ó Monacháin

    Dlúthphobal Gaeilge, pobal beo bríomhar a dhéanamh den mhuintir atá ag iarraidh an Ghaeilge a bheith ina teanga phobail acu – sin an rud atá ag teastáil.

    Is réiteach saorga atá Deasún a mholadh; réiteach atá mórán cosúil leis an mhúnla ar chuir sé síos air i gcás na Laidine.

    Mura mbeadh le déanamh ach an sainmhíniú ar cad is pobal ann a athrú, ní bheadh géarchéim ar bith ann. Is furasta an sainmhíniú a athrú, ach is deacra ná sin pobal a dhéanamh arbh fhiú pobal a thabhairt air.

    Tá Deasún ag moladh dúinn ár n-uaillmhian mar phobal a mhaolú agus bheith sásta de rud nach mbeadh ann dáiríre ach gréasán nó líonra – teaghlaigh Ghaeilge scaipthe thall is abhus agus cruinnithe acu ó am go ham. Agus iad uile ag saothrú a mbeatha i mBéarla agus i muinín na scolaíochta i mBéarla etc? Ba lag an cothú é sin do thuismitheoirí a bheadh ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge – oileáin bheaga scoite gan chosaint gan dídean i bhfarraige mhór Bhéarla.

    I gcead do Dheasún, tá an rud a mholann sé – tá sé ann cheana (diomaite de na síniúcháin agus na scrúduithe). Agus tá an Ghaeilge ag dul ar gcúl as siocair nach bhfuil againn ach sin.

    Ná híslímis ár n-uaillmhian. Ardaímis í! Is féidir linn níos fearr ná moladh Dheasúin a dhéanamh… is é sin má tá fonn orainn níos fearr ná sin a dhéanamh…!

  • Eoghan ONeill

    Caithimid glacadh leis gurb é an cultúr domhanda Anglo atá i réim sa tír seo faoi láthair agus is cultúr mealltach cumhachtach é a bhfuil árd-stádas aige ar fud na cruinne a spreagann ‘Unterwerfung’ ina leith i measc lucht labhartha teangachaí eile. Ach i ngach ceantar sa tír tá daoine ann a bhfuil an teanga go líofa acu ( is fánach an áit nach bhfaighfeá gliomach!). Caithfimid aithint nach Anglos muid agus an Ghaelig a labhairt lenar bpáistí agus gan ach gaelig a thuiscint uathu . Is cosúil le grága i seana-choillte muid ach féach :-
    Músclóid dúchas an phobail le fada i suan
    Nuair a bheas adhmad inniu is an choill go buan,
    As grága seana-choillte tiocfaidh athfhás beoga
    beidh an daoine ag damhsadh is a gcroíthe cróga!