‘Is é Cairdinéal Dearg an cheoil é, éan a eitlíonn go hard os cionn na cathrach’

I dtreo dheireadh na nóchaidí thug an file Liam Ó Muirthile cuairt ar chathair dhúchais Leonard Cohen…

‘Is é Cairdinéal Dearg an cheoil é, éan a eitlíonn go hard os cionn na cathrach’

Tá tríocha bliain ghlan ann ó mhalartaíos m’aonchóip nua-eisithe de LP Leonard Cohen ar chnuasach d’fhilíocht Jacques Prévert i bPáras. Ba leasc liom scarúint le Suzanne ach bhí Claire níos áitithí fós ná í lena Paroles. Níor dheacair di a bheith agus mé i ngátar an airgid. Bhíos i gcás idir dhá chomhairle, comhairle mo chroí agus comhairle mo leasa. Bhuaigh sí.

Seo anois arís mé ag éisteacht le Cohen ar chluasáin ina chathair dhúchais, Montréal, agus é fós ag canadh i dTúr na nAmhrán faoi ghalar an ghrá. Meileann muilte Dé. Is diail an sean-troubadour é, lena ghreann bearrtha agus lena ghuth gan bearradh ó shin. Cuireann sé na sean-lanna Mac’s Smile fadó i chipper Mattie Kiely i gcuimhne dhom, an taobh garbh gruama gan bearradh ar an gcloigeann ubhchrothach in airde agus an taobh thíos bearrtha suáilceach. Meon Cohen amháin atá síodúil.

I’m your man ag déanamh spior-spear dem cheann leathslí idir an teochrios agus an Mol Thuaidh, mar a luíonn Montréal. Caithim é a mhúchadh. De phobal líonmhar, tréan Giúdach Montréal é Cohen, cé go bhfuil cónaí le fada an lá air sna Stáit Aontaithe. Is é Cairdinéal Dearg an cheoil é, éan a eitlíonn go hard os cionn na cathrach. Cathair mhealltach ar fad í a chuirfeadh faobhar ort – coire ilchineálach, ilchiníoch, ilteangach, arb í an Fhraincis a dhearbhaíonn séala a sainiúlachta.

Is binn liom mar mhothú oíche é a bheith ag siúl ar an Rue Saint-Denis, ar an Rue Mont-Royal. Tá an chéad lá den earrach tagtha, an reo mór á bhogadh ar deireadh tar éis an gheimhridh a dhein scrios. Is geall le bheith i bPáras arís ar shlite é, an chuileachta áirithe timpeall ar bhia i brasserie, faisean iompair agus éadaí na mban agus an siúl Francach sin, oiread leis an gceann agus leis na cosa, ach piobar éigin breise curtha tríd. Tá croíúlacht sna Québecois agus tugaim gean láithreach dóibh i gclub na Beaux Blues.

canada-1541726_1920

Cloisim Mary Black ag canadh No Frontiers go híseal agus go binn ón oifig fáilte. Lorgaíos treoracha i bhFraincis ar dhíbeartach sráide chun dul ag siúl go Mont Royal, an sliabh ar chúl Ascaill Sherbrooke na cathrach. Nuair a chuirim in iúl le dua ar deireadh gur Éireannach mé – ní aithníonn sí Irlande ná Ireland – freagraíonn: ‘That’s a good area.’ Tá an uile sa chomharsanacht.

Briotánach as Huelgoat í bean an tí, agus sí a thugann an scéala dom go bhfuil file an bhaile sin Youenn Gwernig caillte ó shin. Briotánach eile, Jacques Cartier, a sheol ó Saint-Malo chun teachtaireacht na deabhóide Críostaí a chraobhscaoileadh do na bundúchasaigh le hais an Saint Laurent. Tá an miotas greanta i bpánaí ildaite gloine atá leathcheilte ar chúl bosca faoistine i Notre Dame Montréal, an tIndiach luite ar a chúl ar an talamh agus Cartier ag seanmóintíocht as leabhar dó, mura bé an Bíobla é.

Plaoscanna folmha agus hallaí bingó iad mórán de shéipéil Chaitliceacha Montréal anois. Tá dídeannach sráide luite ina chodladh ar bhinse i gceann atá feidhmiúil agus teas ann. Searbhóntaithe agus tionóntaithe i mbannaí ab ea mórán de lonnaitheoirí tosaigh Québec, seirfigh i gcóras feodach. Deir na hAnglaigh anseo nach bhfuil a gcearta le fáil acu féin ó na Québecois. Díríonn siad m’aird ar The Point, ceantar traidisiúnta na nÉireannach lena Rue Mullins agus Rue Coleraine, dhá chomhartha ag pointeáil in dhá threo éagsúla ar aon chuaille sráide amháin. Fanaim glan air, ní le neamhspéis ach gur geábh é an chuairt seo. Maíonn na hAnglaigh gur chaith na Québecois go hainnis leis na bundúchasaigh, seirfigh á agairt ar dhaoine níos dearóile ná iad féin. Tá stair fhada chlampair idir an dá chine, agus tugaim faoi Mont-Royal de shiúl na gcos go hard os cionn na cathrach ar chonair liom féin.

montreal-1539729_1920

An sneachta fós ar an talamh ar an ard. Bhain stoirmeacha oighir an gheimhridh turraingeacha as na crainn i ngach ball. Tá na crainn scoite go míthrócaireach ag tobainne an oighir, géaga briste, lomtha, treascartha. Níl aon tuairisc ar a leithéid cheana sna hirisí eolaíochta a deirtear. ‘Tubaist éiceolaíoch’ a thug bean an lá roimhe ar an verglas mar a thugann na Québecois air. ‘Duine de mhná Cohen tráth’ a dúirt fear a bhí im theannta. ‘Cá bhfios duit?’ ‘Tá roinnt amhrán tiomnaithe aige di.’ ‘Is faide a bhata ná na scóir air a déarfainn.’

Nuair a bhainim barr Mont Royal amach, tá teas ón ngréin agus gan é a naoi ar maidin fós. Tá srutháin uisce sa sneachta agus bogadh millteach reo ar siúl, clog an nádúir ar bhuille an earraigh. Tá teaspach san aer, anam sa talamh, criostail an tsneachta in airde atá fós gan leá mar a bheadh súile dornálaí éirithe ina sheasamh tar éis KO. Na crainn pléasctha, géaga scriosta ag an uisce a reoigh ón dtaobh istigh.

Buailim fúm i gcuasán teasa os cionn Montréal, mo chroí féin ag bogadh reo i gceantar fíorthuaidh an ghrá. Tuigim anois, leis, nach spéis liom ach bundúchas an ghrá ar chuma an éin atá ar foluain go haerach i gcéad bhrothall an tséasúir go hard os cionn na cathrach i dTúr na nAmhrán. 

(Tá an colún seo ar fáil sa chnuasach Liam Ó Muirthile – Ar an bPeann, foilsitheoirí Cois Life)