Is é an cumhrán a roghnaíonn muid a chuireann barr smaise ar ár gcuid stíle

Tá an chuid is mó againn ródhílis don chumrán is ansa linn. Bímis cróga!

Cumhrán 'Molecule 01' le Escentric Molecules

Is féidir le duine an smideadh is deise agus an faisean is deireanaí ar an margadh a bheith orthu ach níor cheart dearmad a dhéanamh gurbh é an cumhrán a roghnaíonn muid a chuireann barr smaise ar ár gcuid stíle. Deirtear nach bhfuil duine críochnaithe á ngléasadh féin go dtí go bhfuil an cumhrán orthu.

Faraor, tá an chuid is mó againn ródhílis do chúpla rogha teoranta agus ní bhíonn muid sách cróga nó dána le dul sa seans le boladh nó branda nua. Piocann muid cinn a thaitníonn linn – Chanel Chance, Viktor & Rolf Flowerbomb agus Jo Malone Blackberry & Bay i mo chás féin – agus bíonn leisce orainn imeacht uatha ar ór na cruinne.

Bí cinnte go bhfuil cinn nua ar an margadh a bheadh níos deise orainn ach an misneach a bheith againn iad a thriail.

Deir na saineolaithe nach bhfuil áit níos measa le cumhrán nua a roghnú ná istigh i siopa cumhráin féin. An chúis leis sin ná go mbíonn an iomarca bolaithe difriúil measctha ina chéile sa spás sin agus ní féidir boladh ceart ar bith a fháil den táirge nua atá á mheas agat. Is minic freisin gur ar chárta glan nó ar bhlúire páipéar á spraeáiltear an cumhrán agus ní thugann sin aon tuiscint duit ar an mboladh a bheas air ar do chraiceann féin.

Mar is é an meascán idir an cumhrán agus na ceimicí agus an teocht i do chraiceann féin a chruthaíonn an boladh speisialta sin. Sin an chúis gur minic go mbíonn difríochtaí sa bholadh idir beirt a bhfuil an cumhrán céanna á chaitheamh acu. Nach minic a fuair tú boladh deas cumhráin ó dhuine agus nuair a thriail tú féin an branda céanna nár oibrigh sé duit ar chor ar bith? Ar an gcúis chéanna sin a tharlaíonn nach bhfaighfeá an boladh céanna i gcónaí ó do rogha cumhráin féin, mar go n-athraíonn sé le do theocht agus ceimicí eile i do cholainn.

An bealach is fearr le cumhrán nua a mheas ná sampla beag a iarraidh ar lucht an tsiopa le tabhairt abhaile leat le cur ar do chraiceann féin. Is minic nach dtairgtear duit ach an boladh ar bhlúire páipéir mura lorgaíonn tú sampla ceart; ach ó tharla go mbeidh tú ag íoc airgead sách mór ar an mbuidéal i ndeireadh na dála, tá sé ag dul duit sampla ceart a thriail.

Deirtear go dtógann sé ceathrú huaire ar a laghad go mbeidh boladh iomlán an chumhráin forbartha ar do chraiceann ach moltar dúinn a bheith spárálach i gcónaí leis – ní theastaíonn uait an comhluadar nó an t-atmaisféar a phlúchadh ar fad!

Bhíodh tóir ar bholadh citrus, oráistí agus líomóidí tráth den saol, ar bhláthanna ar nós an rós agus an lile nó ar adhmad santal nó cedar. Dhéantaí cumhráin freisin le meascáin de spíosraí agus olaí cumhra ach is le ceimicí is mó a dhéantar anois iad agus d’fhéadfadh suas le 100 comhábhar difriúil ceimiceach a bheith sna cinn is nua atá ar an margadh anois.

Comhairlítear dúinn gur cheart dúinn cumhráin a bhfuil branda na réalta ceoil agus scannáin orthu a sheachaint – fág i mbun na siamsaíochta iadsan – mar go mbeidh blas láidir na margaíochta ag baint leo. Moltar fanacht leis na táirgí a dhéanann comhlachtaí a bhfuil cáil agus scil speisialta acu sa chúram.

Tá mé féin gabháil a bheith cróga agus cumhrán úrnua a ordú; ‘Molecule 01’ ón gcomhlacht Eccentric Molecules atá roghnaithe agam. Níl aon mheascán ceimiceach sa gceann seo ach é bunaithe go hiomlán ar mhóilín (molecule) amháin ar a dtugtar Iso E Super a oibríonn le ceimicí do cholainne le boladh fíorálainn a chruthú.

Tá sé de cháil air go mbíonn boladh iomlán difriúil – boladh pearsanta – air i gcás gach duine a chaitheann é. Is cosúil nach dtugann tú féin faoi deara é agus tú á chaitheamh ach tabharfaidh gach duine eile suntas dó. Deirtear go mbíodh sé ina chéad rogha ag Madonna agus Kate Moss nuair a tháinig sé ar an margadh den chéad uair sé nó seacht de bhlianta ó shin agus gur ag méadú atá dúil na ndaoine ann ó shin.

Tá mé chun é a ordú ach cuardóidh mé sampla ar dtús!

Fág freagra ar 'Is é an cumhrán a roghnaíonn muid a chuireann barr smaise ar ár gcuid stíle'