Is é an club an chuid is lárnaí den Chumann Lúthchleas Gael lenar tógadh mise…

Nach bhfuil cluas éisteachta tuillte ag imreoirí nár chaith geansaí a gcontae riamh?

Is é an club an chuid is lárnaí den Chumann Lúthchleas Gael lenar tógadh mise…

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Measann tú an bhfuil an fathach suain ar tí dúiseacht ? Níos tábhachtaí ná sin fós, cé aige atá a fhios ar racht nó amhrán grá a chloisfear uaidh nuair a dhúiseoidh sé ?

Ag tagairt don chumann nua atá faoi bhealach d’imreoirí clubanna Chumann Lúthchleas Gael atá mé – é ráite ag Cumann na Cille Móire as Ros Comáin agus ag Declan Brennan, iar-imreoir, iarbhainisteoir agus roghnóir as Muineachán go bhfuil siad i mbun eagair cheana féin agus go mbeidh ollchruinnithe á reáchtáil acu in imeacht cúpla seachtain.

Is mór ar fad an t-ábhar spéise é seo agam. Tá mé den tuairim le fada an lá gur údar náire don chumann an fhaillí atá déanta ar imreoirí clubanna agus ní i dtreo Pháirc an Chrócaigh amháin atá mé ag síneadh méire. Is mó go mór an milleán atá ag dul orthu siúd a dhéanann riaradh ar CLG sna contaetha, a chaitheann formhór a gcuid ama, allais agus airgid ar na craobhchomórtais náisiúnta.

Tá múnla na heagraíochta ar fáil cheana ar ndóigh – an GPA, ‘Cumann na nImreoirí’, mar is fearr leo a thabhairt orthu féin sa nGaeilge, ach dar ndóigh, (fearacht an Bhéarla), go bhfuil an focal is tábhachtaí ar fad fágtha ar lár acu sa dá theanga, an focal ‘contae’.

Beartas stuama a bhí i roghnú an ainm mar gur thug sé le fios don té nach mbeadh eolach gur grúpa atá iontu a sheasann do gach imreoir sa gCumann Lúthchleas Gael, seachas grúpa d’imreoirí ar leith. Ach, lena gceart a thabhairt dóibh, is beag atá déanta acu agus iad á bhfódú féin nár bhain stuaim leis. €6.2 milliún sa mbliain ar a laghad le fáil acu ó CLG as seo go dtí 2019, ionadaí acu ar an Ardchomhairle, oifig agus foireann lánaimseartha sa gCeannáras agus fiú deontais stáit bainte amach acu dá mbaill, nuair a bhí an saol go maith.

Sin rud a dtabharfá dul chun cinn air nuair a chuimhníonn tú go raibh fir shlándála ag na doirse ag Comhdháil CLG 2000 i nGaillimh le bunaitheoirí an GPA a choinneáil amuigh agus gur vótáil baill na heagraíochta sin ar son stailce seacht mbliana dár gcionn.

Ná ceap gur mór liomsa tada dá bhfuil bainte amach ag an GPA – a mhalairt ar fad atá fíor, mar go dtuigim go maith an sciar dá saol agus dá gcuid saoirse a thugann imreoirí idirchontae an lae inniu uathu ar mhaithe leis an spórt is ansa leo. Bíonn tuairiscí ar a gcuid éachtaí ar na leathanaigh spóirt chéanna ar a mbíonn trácht ar dhreamanna atá ag saothrú na milliún as an obair sin.

Ach, ’sé an club an chuid is lárnaí den Chumann Lúthchleas Gael lenar tógadh mise agus cuid mhaith eile nach mé agus fáiltím go mór roimh aon iarracht a thiocfaidh an bealach agus a neartóidh a chuid imreoirí agus a chuid riarthóirí siúd.

Cé atá in ann a bhréagnú nach bhfuil cluas na hArdchomhairle tuillte ag imreoirí nár chaith geansaí a gcontae riamh chomh mór agus atá sé tuillte acu siúd a rinne sin?

Mar sin féin, caithfidh siad siúd a bheidh ag iarradh bonn a chur faoi eagraíocht na n-imreoirí club a bheith níos stuama fós fiú ná iad siúd a bhunaigh an GPA.

Ord agus eagar a chur orthu an phríomhchúis atá leis sin. Tá i bhfad níos mó acu ann, suas le 2,500 club sa tír i gcomparáid le trí scór foireann chontae.

An dara cúis nach bhfuil baol ar an armlón céanna acu agus a bhí ag an GPA, arbh iad a gcuid ball íomhá náisiúnta na heagraíochta. An bhliain seo caite bhí teacht isteach €40 milliún ag CLG as airgead geataí agus cearta teilifíse na gcluichí idirchontae.

Mar a thuigeann aon duine a bhí sáite in idirbheartaíocht ceardchumainn ariamh, bíonn an mhargaíocht agus an sárú i bhfad níos éasca nuair is dream acmhainneach a bhíonn trasna an bhoird uait. Is deacair olann a bhaint de ghabhar, a deir siad agus is deacra fós sin nuair is é an gabhar an chuid eile díot féin.

Ach beidh sé d’ádh ar Chumann Imreoirí na gClubanna gur ábhar nach bhfuil aon bhaint aige le hairgead an chloch is mó a bheidh ar a bpaidrín. An leagan amach atá ar fhéilire na gcluichí áitiúla an t-ábhar gearáin is mó atá cloiste agamsa ó imreoirí clubanna le fada fíorchaoin an lá anois agus is é freisin ba thúisce a luaigh Declan Brennan agus Cumann na Cille Móire. B’éigean dóibh siúd dul chun páirce i gCraobh Iomána na gClubanna Idirmheánacha i gConnachta lá tar éis dóibh Craobh Ros Comáin a bhuachan.

Is é Tommy Kenoy an t-urlabhraí atá ag an gCill Mhór siúd agus má tá tú den bharúil gur chuala tú an t-ainm sin cheana, bhí suim agat sa díospóireachta bhain le cead imeartha a bheith ag an sacar agus ag an rugbaí ar Pháirc an Chrócaigh. Bá é Tommy an duine ba mhó a rinne argóint ar a shon sin agus a léirigh tuairim ghnáthbhaill CLG.

Feachtas de chineál eile é seo atá idir lámha anois ag Kenoy agus a chomhghleacaithe. B’fhéidir nach bhfuil lón cogaidh an GPA acu, ach tá a bpobal earcaíochta i bhfad níos leithne.